Gur foilsíodh saothar mór Edward MacLysaght (Irish families: their names and origins agus na himleabhair a lean é) i 1957–64 is taobh le Sloinnte Gaedheal is Gall, 1923 leis an Athair Pádraig de Bhulbh a bhí an pobal. Woulfe an fhoirm dá shloinne atá ar an leathanach teidil.

Sa Chreatalach i bparóiste Áth an tSléibhe i gContae Luimnigh a rugadh Pádraig ar 27 Márta 1872. Deir Proinnsias de Priondargást in Anois 10-11 Feabhra 1996 gur scríobh Caitríona Cíosóg as an gCreatalach Thiar, Mainistir na Féile, tráchtas air i 1990. Deir sise gur ar 9 Márta 1872 a rugadh é. Séamus a bhí ar a athair. Feirmeoir ba ea é. Ba í Honora Maher a mháthair. Cainteoirí dúchais Gaeilge an lánúin sin ach gan léamh ná scríobh na teanga acu. Dhealródh sé gur le Béarla a thóg siad Pádraig ach deirtear go raibh spéis aige sa Ghaeilge go hóg ina shaol agus go mbíodh sé ag breacadh focal i leabhar nótaí. Fear gaoil leis ba ea an seanchaí Risteard Éamonn de Bhulbh a rugadh in 1825, agus bhí cuid mhaith seanchainteoirí san áit agus Pádraig ag fás suas. Deir de Priondargást freisin, agus údarás Risteáird Uí Fhoghludha aige leis (in Tadhg Gaedhlach: ath-eagar ar a Dhuanta Diadha agus ar a chuid Amhrán maille le mórán nuadh-eolais ar a bheatha, 1929), go raibh seanaint le Pádraig pósta ar mhac dearthár le Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin. Tar éis bunscolaíochta sa Chaisleán Nua Thiar d’fhreastail sé ar Choláiste Íde sa bhaile sin agus chaith sé na blianta 1889–91 i gColáiste Mhainchín i Luimneach. Nuair a bheartaigh sé ar bheith ina shagart cuireadh go Coláiste na nGael sa Róimh é ach ní raibh sé ag fáil na sláinte ansiúd. Bhí air teacht abhaile in 1894 agus arís in 1896, agus chuaigh sé isteach i Maigh Nuad i bhfómhar 1896. Ann a oirníodh é ar 19 Meitheamh 1898. I Wigan, Lancashire, a bhí an chéad phost aige agus bhí sé i Sasana go bhfuair sé post séiplínigh i bparóiste Naomh Mainchín i Luimneach i 1902. Bhí dualgais sagairt le déanamh aige i dTeach na mBocht ansiúd. Ó 1904 go 1926 bhí sé i gCill Mocheallóg – bhí sé ina ionadaí thar ceann Chraobh Chill Mocheallóg ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i 1907 agus comhthoghadh ina bhall den Choiste Gnó é (An Claidheamh Soluis 17 Deireadh Fómhair 1908). I 1926 ceapadh é ina shagart paróiste sa Cheapach. Ann a d’éag sé ar 3 Bealtaine 1933.

An t-alt ‘The Muls and the Gils’ a scríobh an tAthair Eoghan Ó Gramhna in 1898 in Irish Ecclesiastical Record a spreag a spéis sna hainmneacha pearsanta an chéad lá. Thosaigh sé ag ‘bailiú’ sloinnte i measc na gcainteoirí dúchais i Sasana. I dTeach na mBocht i Luimneach bhí ar a chumas leanúint leis an obair, tharla cainteoirí dúchais ó bhaill ar fud na Mumhan ann. Théadh sé ar saoire go dtí na ceantair Ghaeltachta gach samhradh, agus fiú go hAlbain i 1905. Foilsíodh Sloinnte Gaedheal is Gall Cuid a 1 an bhliain dár gcionn. I 1923 foilsíodh Irish names for children a bhí ar an leabhar ab údarásaí ar na hainmneacha pearsanta gur foilsíodh Gaelic personal names, 1981 le Donnchadh Ó Corráin agus Fidelma Maguire.

Bhí eolas aige ar chuid de theangacha na Mór-Roinne, ar an Iodáilis go háirithe, agus i 1932 d’éirigh leis aistriúchan ar I promessi sposi le Alessandro Manzoni a chríochnú, deirtear. Ní léir gur foilsíodh é. Deirtear go raibh sé ag aistriú freisin scéalta Béarla a scríobh sagart ón gCeapach, an tAthair Ó Cearbhaill. Scríobh sé aistí in Wexford and South East of Ireland Archaeological Society Journal, Irish Book Lover, North Munster Archaeological Society Journal, Catholic Bulletin.

Tá an cuntas is faide ar a bheatha is a shaothar in Irisleabhar Mhuighe Nuadhad 1934. In Inniu 6 Márta 1953 maíodh gaol i bhfad amach a bheith aige le Theobald Wolfe Tone.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú