‘Don Ghaeilge thug sé grá a chroí, neart a mheanman, brí a intinne, fuinneamh a óige, dícheall a mheánaoise, searc a sheanaoise’. B’in é an cur síos a rinne Irisleabhar na Gaedhilge air i Márta 1896 agus chuir sé i gcuimhne do na léitheoirí gurbh é ‘an Pléimeannach a scríobh an chéad alt den chéad Irisleabhar’. Bhí sé ina eagarthóir ar an iris ó 1884 go 1891. Tugtar eolas ar a pháirt i gcúis na teanga in Irisleabhar na Gaedhilge Uimhir 34 1890 faoin teideal ‘The beginning of the end’. Deir sé gur thosaigh sé i Meitheamh 1862 nuair a chuir William Williams, Dún Garbhán, lámhscríbhinn theagasc críostaí an Athar Ó Maonaigh chuige le ceartú. ‘The examination of this MS was what made me set about studying the language critically’. Dá suimíodh sé na huaireanta go léir le 27 mbliana a chaith sé ag saothrú ar son na teanga, thaispeánfadh sé go raibh cúig bliana caite aige go hiomlán léi. Ba bheag lá nach gcaitheadh sé airgead ar phostas is páipéar ach ní bhfuair ach deich scilling nó punt ar a mhéid mar chúiteamh. ‘With Mr Williams, though we lived 14 miles apart, I corresponded two or three times a week for a number of years. Father Daniel O’Sullivan being dead at the time, he was, beyond all comparison, the best Irish scholar in the south of Ireland. And he was equally good as a man, a Christian and a patriot. The other worker with us, Fr Patrick Meany, the Founder of the Keating Society, has only quite recently gone to his reward. A good Irish scholar, a high-class Irish preacher; a better man than he there was not in Ireland; in fact the business of his life was to do good. ... Unfortunately a shadow crossed his mind, and after this, the two laymen became useless’.

Rugadh é i mBaile Uí Néill, Maothail, Carraig na Siúire. Aindrias Ó Loinsigh, fear a raibh aithne aige ar Dhonncha Rua agus ar Thadhg Gaelach, a thug eolas dó ar litríocht na Gaeilge i dtosach. Deir Pádraig Ó Macháin, scoláire, gurbh é Andrew English a mhúin léamh agus scríobh na Gaeilge dó. Bhí sé in ann lss Gaeilge a léamh agus é idir 10 agus 12 bliain d’aois. Chaith sé tamall ar scoil sa Chill. Chuaigh sé le múinteoireacht agus bhíodh ranganna oíche ar siúl aige i gcistin fheirmeora. Ceapadh é ina mhúinteoir sa chéad scoil náisiúnta i Ráth Ó gCormaic in 1849. Gach lá shiúladh sé na hocht míle go dtí an Ráth agus abhaile go Cluain Fhia. Phós sé faoi dhó. Ba í Catherine Smallman ón Sráidbhaile, Co. Laoise, a chéad bhanchéile. Bhí mac amháin aige sa chéad phósadh, Tomás, a chuaigh le cúipéireacht. Ba í Catherine Nunan ó Mhainistir Fhear Maí an dara bean. Múinteoir ba ea Seán óg, mac sa dara pósadh, agus d’éag sé den ailse in aois 33 dó um Shamhain 1891.

Timpeall 1860, bhunaigh sé féin, William Williams ó Dhún Garbhán agus Pádraig Ó Maonaigh, sagart i Ráth Ó gCormaic, Cumann Chéitinn nó Fuireann Dochtúir Céitinn. D’fhoilsigh siad teagasc críostaí in 1863 agus d’ullmhaigh eagrán de Eochair-Sgiath an Aifrinn ach ní raibh a ndóthain airgid acu lena fhoilsiú. Ar feadh ceithre bliana bhíodh ceacht Gaeilge ag Seán gach coicís in The Teachers’ Journal. Ní bhíodh aon íocaíocht le fáil aige. Thugadh sé cúnamh do mhic léinn. Uaidh a d’fhoghlaim Muiris Ó Faoláin agus Micheál Ó hIceadha léamh agus scríobh na Gaeilge. I ndiaidh uaireanta scoile mhúineadh sé í do cibé daltaí ar theastaigh sé óna dtuismitheoirí go mbeadh sí acu. An teanga a chur chun cinn sna bunscoileanna an rud ba ghaire dá chroí go bhfuair sé bás. Deir Pádraig Ó Macháin gurbh é Seán a dhréachtaigh an meamram i dtaobh mhúineadh na Gaeilge le haghaidh chomhdháil na múinteoirí náisiúnta in 1874, meamram ar bhain Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge úsáid as agus iad ag iarraidh go mbeadh glacadh leis an teanga mar ábhar breise sna scoileanna.

Nuair a shroich sé aois an phinsin rinne sé botún. Ghlac sé le cnapshuim in áit phinsin. Níorbh fhada go raibh sin ídithe ach ar an dea-uair don Ghaeilge thairg Acadamh Ríoga na hÉireann £80 sa bhliain dó chun bheith ina chúntóir ag an Ollamh Atkinson agus chun bheith ag rannsáil na seanleabhar ar thóir focal don fhoclóir. B’fhéidir go mbíodh rudaí eile le déanamh aige. Tá a fhios againn gurbh é a mhúin Gaeilge ann do Jeremiah Curtin. Tháinig sé go Baile Átha Cliath i Mí na Nollag 1881. Bhí lucht Aontacht na Gaeilge i ndiaidh scoilteadh le Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge agus is leis an Aontacht a bhí bá Sheáin.

Fear ciúin cúthaileach a bhí ann ach, mar a dúirt an Craoibhín, bhíodh nimh sa pheann agus sa chaint aige. Throid sé le Dáithí Coimín, Ó Néill Ruiséal, Risteard Ó Dubhthaigh, Seán Ó Dálaigh agus daoine eile. Bhí stad sa chaint aige agus leidí den mhíshonas b’fhéidir, le sonrú ann. Mhíneodh sin a fhíochmhaire a d’éiríodh sé le linn argóna. Fáth eile ab fhéidir a lua nach raibh a stádas ná a ioncam ag teacht leis an gcáil a bhí air gurbh é an scoláire Gaeilge ab fhearr dá raibh thuas lena linn é. Níl sé furasta a rá conas a thuill sé an cháil sin.

Ba í an Ghaeilge tús agus deireadh a lae fhada oibre faoi mar ba í bun agus barr a shaoil í. Tréimhse mhíorúilteach ina bheatha na blianta 1881–1891: fear, a raibh meathlú tubaisteach na Gaeilge agus dearóile an 19ú haois faoin tuath ar fad feicthe aige, a theacht chun cónaithe i gcathair agus, d’ainneoin easláinte agus bheith in earr a aoise, gur éirigh leis ionad tábhachtach i ngluaiseacht réabhlóideach a líonadh.

Is beag a d’fhág sé ina dhiaidh, aistí san Irisleabhar agus cuntas ar bheatha Dhonncha Rua (le fáil in eagrán Thomáis Uí Fhlannghaile de Eachtra Ghiolla an Amaráin a foilsíodh in 1897). D’éag sé ar 28 Eanáir 1896. Thóg Coiste Cuimhneacháin an Phléimeannaigh crois Cheilteach ar a uaigh i nGlas Naíon agus nocht an Canónach Pádraig Ó Fiannachta í ar 30 Lúnasa 1996. In ‘Clár an Lae’ sin tá cuntas mion ag Pádraig Ó Macháin air. Deir Pádraig gur ar 27 Eanáir 1896 a d’éag sé.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú