Tá eolas ar a bheatha in Cín lae Amhlaoibh (1970) (An Clóchomhar), rogha Thomáis de Bhaldraithe de na hiontrálacha ina dhialann cháiliúil. In Old Kilkenny Review, 1985 tá aiste (‘Amhlaoibh Ó Súilleabháin agus a Mhuintir in 1821’) le hÉamonn Ó hÓgáin agus eolas breise ann. Tá iomlán na n-iontrálacha le fáil in Cinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (1936-37) (Imleabhair XXX-XXXIII Chumann na Scríbheann nGaedhilge) in eagar agus aistrithe ag Micheál Mac Craith. Cuid thábhachtach den dialann is ea an t-eolas laethúil ar an aimsir agus an cur síos a dhéanann sé ar chrainn, plandaí, luibheanna, bláthanna, éanacha, feithidí . . . agus is ar an gcuid sin atá an bhéim ag Breandán Ó Madagáin in An dialann dúlra (1978). Meastar go raibh tionchar air ag Gilbert White (Natural history of Selborne, 1778) agus ag Thomas Gray (Journal in the Lakes, 1775).

I gCill Airne a rugadh é ar 1 Bealtaine 1783. D’aimsigh Ó hÓgáin na sonraí seo i nDaonáireamh 1821 (28 Bealtaine-Iúil 2) i lámhscríbhinní an Chanónaigh Carrigan, staraí Osraí. I Sráid na Faiche (Greene Street), Callainn, a bhí cónaí ar an teaghlach seo: Amhlaoibh (38), siopadóir; a bhean Máire (36); a mac Denis (7); a n-iníon Anastasia (faoi bhun bliain d’aois). Bhí máthair Amhlaoibh (73) agus a dheartháir Denis (33), múinteoir scoile, ina gcónaí i gCallainn freisin, agus siopa beag ocastóra ag an máthair sa Roinn Thoir. Tá a haois ag teacht le hiontráil 16 Lúnasa 1827 sa Chín lae: ‘Bhí sí i ngar do cheithre fichid nó ochtód blian d’aois’.

Máistir scoile a athair Donncha (d’éag 1808) agus d’aistrigh sé go Port Láirge i 1789 ar dtús agus ansin go Callainn, Co. Chill Chainnigh. Bhí sé féin agus Amhlaoibh ag múineadh i gceantar Challainn, ag na Crosróid, i gCill Dá Lua agus i mBaile Uí Chaoimh, sular aistrigh Amhlaoibh isteach go dtí Lána an Mhóta sa bhaile féin. Bhí 130 scoláire aige ansiúd agus d’aistrigh sé go Sráid na Faiche. D’fhág sé an mhúinteoireacht in 1824 ar feadh tamaill agus d’éirigh ar fad as in 1831, an bhliain ar cuireadh tús leis na scoileanna náisiúnta. Ceannaí lín agus ceannaí láidir arbhair agus mine ba ea é feasta agus bhí curadóireacht agus beathú muc ar siúl aige freisin. Thugadh sé turais go minic ar Chluain Meala agus ar Bhaile Átha Cliath. Fear poiblí i gCallainn ba ea é, é ag bailiú cíos na gCaitliceach agus ag obair ar son na mbochtán. Bhí sé pósta ar Mháire Ní Dhulachanta a d’éag in 1829 agus bhí ceathrar leanaí acu. Deir Desmond McCabe in DIB gur bhagair sagart dlí ar Amhlaoibh nuair nár phós sé a dheirfiúr tar éis gur thug Amhlaoibh cuairt suiríoch uirthi. Gan amhras ba é Siomón Breathnach an sagart sin agus is dá dheirfiúr Máire, a bhí 35 bliain d’aois, an tagairt don ‘tóinín triopallach’ ag Amhlaoibh in Cín Lae Amhlaoibh (1970, lch 61).

I mBéarla a thosaigh sé an dialann in 1827 ach ba ghairid gurbh i nGaeilge ar fad a scríobhadh sé í. Níor lean sé di i ndiaidh Iúil 1835. Tá tábhacht ag baint leis an saothar seo maidir le Gaeilge, le stíl an phróis, le stair agus cúrsaí reatha, le cúrsaí sóisialta na linne, le nósanna agus béaloideas, ach is pictiúr freisin é de fhear ioldánach neamhghnách. Is mar seo a chuireann de Bhaldraithe síos air: ‘Cé gur éifeachtach an fear gnóthaí é, ní iontu a bhí a spéis, agus ní san fhear gnóthaí, ná sa mhúinteoir féin atá spéis againne ach an oiread, ach in Amhlaoibh Ó Súilleabháin, seanchaí, scríobhaí, bailitheoir lámhscríbhinní, scríbhneoir, foclóirí, luibheolaí, éaneolaí, feithideolaí, gníomhaí buan misniúil i gcúrsaí cearta a bhaint amach don lag, fear mór cuideachta agus cluichí, fear a raibh dúil sa bhia is sa deoch aige, cara na mbocht is na saibhir, na sagart is na “Sasanach”. Thar gach claonadh eile a bhí ann, bhí an gean mór a thug sé d’áilleacht na tíre, ar nós mar a thug na Gaeil riamh ó Fhionn Mac Cumhaill agus Cholm Cille anall . . ..’ Bhí Laidin aige—d’aistrigh sé ‘Veni Sancti Spiritus’—agus bhí ar a chumas an Ghaeilge Chlasaiceach a léamh. Bhí eolas aige ar a raibh de phrós is d’fhilíocht sna lámhscríbhinní a bhí bailithe aige. Is léir freisin go raibh leabharlann mhaith aige. D’aistrigh sé fabhalscéalta Aesop agus bhí tosaithe aige ar ghraiméar a scríobh. Scríbhinní eile dá chuid a foilsíodh is ea Tóruidheacht Chalmair Mhic Mhearchuradh (1939) agus Fiadhach is tóir is scéalta eile (1954). Chuir Mac Craith péire óráid pholaitiúla leis i gcló ina eagránsan den Chín lae. Fuair sé bás ar 20 Samhain 1838 (Ó hÓgáin) agus cuireadh é i gCill Bhríde in aice le Callainn.

Foilsíodh Ar scaradh gabhail: an fhéiniúlacht in Cín lae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin (2000) le Proinsias Ó Drisceoil (‘Is ar idirphlé fhachtóirí casta cultúrtha, polaitiúla, sóisialta, liteartha, aicmeacha agus reiligiúnda in An Chín Lae a fhéachtar le léas a chaitheamh ar fhéiniúlacht Amhlaoibh’). Ní hí an chuid is lú spéis den saothar seo an t-eolas atá ann ar Challainn, ar a chomharsanacht agus ar na pearsana a luaitear sa Chín Lae. In Irish leaders and learning through the ages: Paul Walsh (2003) le Nollaig Ó Muraíle tá léirmheas a scríobh Pól Breathnach ar Betha Coluimb Cille (1916) in eagar ag Kelleher agus Schoepperle; deir sé go ndearna Ó Súilleabháin cóip den Betha in 1845 agus go bhfuil an chóip sin in Acadamh Ríoga na hÉireann. D’fhoilsigh Cumann na Scríbheann nGaedhilgeCinnlae Amhlaoibh Uí Shúilleabháin: reassessments (2004) in eagar ag Liam P. Ó Murchú (Irish Texts Society Subsidiary Series 14).

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú