I mBaile Uí Chearnacháin i bparóiste Chathair Dónall, Co. Chiarraí, a rugadh é 1 Márta 1874. Feirmeoir a athair Séamus agus ba í Máire Nic Ghearailt a mháthair. ‘Fenton’ an leagan Béarla dá shloinne a d’úsáideadh sé. Bhí a sheanuncail, Tomás Ó Fiannachta, mar rúnaí agus leabharlannaí ag Dónall Ó Conaill. Garmhac leis an Tomás sin ba ea Séamus Ó Súilleabháin an chéad mhúinteoir a bhí aige i Scoil Chathair Dónall. An t-ainm céanna a bhí ar an dara múinteoir aige ann, an fear ar thug sé an chreidiúint dó faoina fheabhas a d’éirigh leis féin mar mhúinteoir. Bhí Dónall Ó Súilleabháin, beathaisnéisí Uí Chonaill, mar mhúinteoir aige freisin.

Ceapadh ina mhonatóir é in 1888 agus ba é ba thúisce in Éirinn a bhuaigh Duais Reid, in 1891. Bhuaigh sé arís é in 1893. Ó 1893 go 1895 bhí sé i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé i measc na mac léinn a bhí ag áitiú go gceapfaí ollamh le Gaeilge ann. Chaith sé 1895–1904 ag múineadh i gCill Bheagáin, Co. na hIarmhí. Sa bhliain deiridh sin a phós sé Bridget Mary Judge, múinteoir scoile ó Chionn Átha Gad, agus a bhuaigh sé Duais Carlisle agus Blake. Bhíodh ranganna Gaeilge ar siúl aige i gCill Bheagáin féin agus i Raithean agus i gClóirtheach in Uíbh Fhailí. De bharr na tréimhse a chaith sé i lár na tíre bhí dúil aige in amhráin John Keegan Casey (‘Leo’) agus chuir sé in eagar iad le haghaidh a bhfoilsithe faoin teideal The rising of the moon and other ballads. An t-ainm pinn ‘Flann Fitzgerald’ a chuir sé leis.

Sular phós sé ba ghnách leis an samhradh a chaitheamh i gCiarraí. Deir sé ina chuimhní cinn It all happened, 1948 go raibh sé mar chomhrúnaí ag cruinniú de Chonradh na Gaeilge i gCill Airne in 1896 agus gurbh é an chéad chruinniú é ag an eagraíocht taobh amuigh den phríomhchathair. Bhí tionóil phoiblí den sórt sin á reáchtáil ar fud na hÉireann agus is dóigh gur ag tagairt a bhí sé don tionól a chuir Cumann GaelachThrá Lí ar siúl sa bhaile sin 31 Bealtaine 1896 (Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1896). Bhí sé ag bailiú béaloidis in Uíbh Ráthach i rith na tréimhse agus bhuaigh duaiseanna faoin ainm cleite ‘Séamas Dubh’ ar amhráin agus scéalta ag na hOireachtais 1898–1900. Bhí ‘Amhrán na Leabhar’ le Tomás Rua Ó Súilleabháin i gcló aige in An Gaodhal, Nua-Eabhrac, in Iúil 1892 agus cuid eile díobh de réir a chéile ina dhiaidh sin in The Kerry Sentinel agus in Loch Léin, 1903–5. Foilsíodh Amhráin Thomáis Ruaidh .i. The Songs of Tomás Ruadh O’Sullivan, the Iveragh poet (1785–1848) mar leabhar i 1914 agus chuir Máire Ni Shúilleabháin, RSCJ, atheagar air i 1985. Bhí baint aige leis an leacht cuimhneacháin a tógadh le hómós dó i nDoire Fhionáin i 1928, le leacht d’fhilí Bhéara, Muirtí óg Ó Súilleabháin agus Diarmuid Ó Sé na Bolgaí, i 1930, agus leis an gceann i gCill Airne do mhórfhilí Chiarraí. Bhíodh aistí agus scéalta béaloidis i gcló aige in An Claidheamh Soluis, Irisleabhar na Gaedhilge, Ard na hÉireann....

D’aistrigh sé go Lusca, Co. Bhaile Átha Cliath, i 1904 ar mhaithe lena shláinte. Bhí sé ina ionadaí ag Craobh Lusca de Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge. Le linn dó bheith ann is ea bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chumann na Múinteoirí, eagraíocht na múinteoirí Gaeilge sna scoileanna, múinteoirí náisiúnta go háirithe. Pádraig Ó hAichir a bhí ina chathaoirleach agus é féin ina leaschathaoirleach. Thagaidís le chéile ag a 8 Sráid Fheardorcha Thuaidh, Baile Átha Cliath. Scríobhadh sé colún nó dhó gach seachtain in The Irish School Weekly ag tacú leis an gCumann.

I dtreo dheireadh 1906 bhí comórtas chun beirt Chaitliceach agus beirt Phrotastúnach a cheapadh ina gcigirí. Ba é Ó Fiannachta a bhí sa chéad áit sa chomórtas Caitliceach agus Seosamh Ó Néill sa dara háit. Bhí sé i gcás idir dhá chomhairle an nglacfadh sé leis an bpost go dtí gur áitigh Easpag Chill Dara, ball de Choimisinéirí an Oideachais Náisiúnta, go raibh géarghá le cigire a mbeadh eolas ar leith aige ar oiliúint in obair láimhe agus i múineadh na Gaeilge araon. Is mar seo a chuir An Claidheamh Soluis 5 Eanáir 1907 síos air nuair a ceapadh é: ‘The recoverer of the only fragment of pre-Gaelic League drama known to exist’. Bhí sin i gcló aige in Irisleabhar na Gaedhilge, Deireadh Fómhair 1899, faoin teideal ‘Blúire de dhráma Gaelach’. Tá tagairt don iarsma sin in An Claidheamh Soluis 22 Bealtaine 1915 agus bhí sé i gceist ag an bPiarsach é a léiriú in Amharclann Shráid Hardwick.

Nuair a ceapadh é go buan mar chigire is i gceantar Bhéal an Átha, Co. Mhaigh Eo, a bhí sé anuas go 1915, ansin i gceantar Inis Córthaidh agus ó 1919 amach i mBaile Átha Cliath agus cúram na scoileanna dátheangacha ar fud na tíre air. Nuair a bunaíodh an stát dúchais ceapadh é ina Leas-Phríomhchigire. ‘... the uphill work of introducing Irish teaching into all national schools in post-Treaty days was largely placed under my guidance. My instructions from the Minister of Education, Eoin Mac Néill, were that I was to be more than a mere official, that I was to lecture bodies of teachers and others and that, above all, I was to prepare school editions of O’Donovan’s Ordnance Survey Letters so that every senior pupil would have a cheap copy of that dealing with his own county and base his new Irish speech and lore on that of a century earlier when O’Donovan heard it spoken generally in the locality’ (It all happened).

Ceapadh é féin, an tAthair Micheál Ó Flannagáin agus Énrí Ó Muirgheasa ina mbaill de fhochoiste Oireachtais i 1940 chun cúrsaí logainmneacha a chíoradh, Dhréachtaigh siad scéim trína scríobhfaí gach ainm pearsanta agus áite i nGaeilge amháin i dtaifid na scoileanna chun go n-adhainfí spéis daoine sa Ghaeilge a labhraítí ina n-áit dhúchais.

Cara mór leis ba ea Pádraig Ó Duinnín a chaitheadh Lá Nollag ina theach ar Bhóthar Chluain Tarbh go minic.

Chuaigh sé ar pinsean i 1939 agus scríobh Lughaidh Breathnach chuig Énrí Ó Muirgheasa: ‘When you and your Kerry friend leave the Department it will be the end of our hopes for saving Irish in the schools’ (It all happened, lch 338).

Bhí spéis ar leith aige sa dialannaí Amhlaoibh Ó Súilleabháin agus i nDónall Ó Conaill. Bhí sé ina bhall de Iontaobhas Dhoire Fhionáin. Scríobh sé leabhar dar teideal Kerry Tradition.

D’éag sé 12 Meán Fómhair 1958 ag 90 Bóthar Chluain Tarbh, Baile Átha Cliath. Ar 17 Feabhra na bliana céanna a d’éag a bhean. Ar a dtuama tá scríofa : ‘Sa bhfeart seo ina luí/ Fá dhídean Rí an tSuain/ Ár lánamha cheannsa chaoin/ Go scaoiltear creidhill Lá an Luain’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú