Cumadh tuairim ocht ndán Gaeilge i dtaobh an fhir seo. Tá eolas ina thaobh ag an Athair Pádraig Woulfe in Irisleabhar na Gaedhilge, Feabhra 1906 (‘Elegy on Captain O’Sullivan’), ag Gerard J. Lyne in Journal of the Kerry Archaeological and Historical Society, 1976 (‘The Mac Fínín Duibh O’Sullivans of Tuosist and Bearehaven’) agus in uimhir 1980 den iris chéanna (‘Peter McSwiney [1783-1860] and the vexed succession to the last Mac Fínín Duibh’), agus ag Seán Ó Súilleabháin in Diarmuid na Bolgaighe agus a chómhursain, 1937. Mhair an chéad Fhínín Duibh timpeall 1300-50 agus Mac Fínín Duibh an teideal a bhí le sinsearacht ar thaoisigh na Súilleabhánach a raibh cónaí orthu i nDoirín, Co. Chiarraí, agus a raibh forlámhas acu ar réimse fairsing talún sa chuid de leithinis Bhéarra atá idir sliabh na Ceachan agus Inbhear Scéine. ‘An evil destiny is said to have pursued the family for generations, in consequence of the curse of a widow whose son Mac Fínghín Dubh severely flogged for robbing his orchard’ (Woulfe). Faoi aimsir na bPéindlíthe mionuaisle a thabharfaí orthu. Tá trácht ag Lyne agus ag an Súilleabhánach ar a fhéile a chaitheadh siad le filí. Ba é an fear seo a rugadh i 1756 an Mac Fínín Duibh deireanach. Sylbhester a bhí ar a athair agus ba í Eleanor Ankettle, ón bhFairche in aice le Drom Collachair, a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha aige, Elizabeth a phós Pilib Ó Súilleabháin sna hAodhairí, agus Mary Anne a phós ‘Ratty’ Brown i Ráth Chathail, Co. Luimnigh. Ba leis an Marcas Lansdúin talamh an Doirín anois agus bhí Mac Fínín Duibh mar ghníomhaire cúnta aige, ach meas taoisigh agus tiarna talún a bhí go fóill air ag muintir an cheantair. Bhí sé ina ghiúistís, agus ina chaiptín, más fíor, i mílíste Chiarraí; ‘Captaen Ó Súilleabháin’ a tugadh air i gceann de na marbhnaí. Bhí a ainm in airde mar fhear láidir, mar lúithnire ag caitheamh an oird, agus mar iománaí. Bhí de cháil air go gcaitheadh sé go maith le tionóntaí bochta—‘Mac Fínín Duibh d’fhóir na mílte’ a deir Séamus Ó Caoindealbháin ina dhuaisdán. Creideadh go raibh de phribhléid aige triúr a shaoradh ón gcroich ag an Seisiún Mór i dTrá Lí gach bliain. Nuair a bhí an file Diarmuid Ó Sé na Bolgaí i mbaol a chrochta i ngeall ar sheolta a ghoid tháinig Mac Fínín Duibh faoi dheifir chun na cúirte agus dúirt an breitheamh leis láithreach bonn nach ngéillfeadh sé d’aon achainí uaidh. ‘Más mar sin atá is é a iarraim ort ná Diarmuid Ó Sé a chrochadh’, arsa Mac Fínín Duibh agus is ar an gcuma sin a d’éirigh le Diarmuid dul saor.

Bhí sé ag caitheamh dinnéir i dteach shagart an pharóiste in aice le Ráth Chathail agus thit sé dá chapall ag filleadh abhaile dó go dtí teach a dheirféar go bhfuair bás ar 1 Meán Fómhair 1809. ‘Tugadh an corp abhaile ó Luimneach go dtí Tuaith Ó Siosta. Ghluais an tsochraid Bóthar an Leachta siar go Cill Macallóg agus cuireadh an bile deireanach den fhuil uasal sa tuama ann. Ní facthas a shamhail de mhathshlua ar aon tsochraid riamh roimis sin i dTuaith Ó Siosta agus ní móide go bhfeicfear go bráth arís. Sa tuama céanna san do chuireadh a shinsear go léir roimis’ (Seán Ó Súilleabháin). Tugann Woulfe le tuiscint gur thaistil na sochraidigh an seasca míle ó Ráth Chathail go Cill Macallóg. ‘Mr Finin Duffe’ an t-ainm atá ar an tuama agus ‘Pater Patriae’ an cur síos air. Thairg a dheirfiúr, Bean de Brún, deich bpunt don fhile is fearr a cheapfadh marbhna. Chuir cúigear isteach air, Diarmuid Ó Sé na Bolgaí ina measc, agus is do Shéamus Ó Caoindealbháin sa Chaisleán Nua Thiar a tugadh an duais. Tá na cúig cinn i gcló ag Ó Súilleabháin in Diarmuid na Bolgaighe agus a chómhursain. Tionónta sa Doirín i ndiaidh 1860 ba ea an staraí J.A. Froude (1818-94)

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú