Seo é an file a bhí ina rúnaí ag an Oireachtas ó 1939 go 1944. Ar Bhóthar an Oileáin i bParóiste Naomh Máire i gCathair Luimnigh a rugadh é 21 Bealtaine 1882. Ba iad Timothy Sullivan agus Mary Carter a thuismitheoirí. Ní cosúil gur cláraíodh an bhreith ach d’aimsigh Dr C. Ó Mathúna, Cartlanna Réigiúnda Luimnigh, an dáta breithe sna taifid baiste. Tá sé ag teacht lena aois i nDaonáireamh 1911 agus leis an aois a tugadh sa teastas báis. D’aimsigh an Dr Ó Mathúna freisin taifid na beirte deartháir agus a dheirféar, agus tá siad sin, chomh maith le hainm baiste na máthar, ag réiteach leis an eolas i nDaonáireamh 1911 agus in uacht Mhichíl, ach amháin deartháir amháin a d’éag roimh 1911, mar is léir ón Daonáireamh. An oíche sin i 1911 bhí sa teach ag 18 Sráid Hartstonge Íochtarach, Luimneach: Mary O’Sullivan, baintreach (49) a rugadh i dTriúcha, Droichead Uí Bhriain, Co. an Chláir—dúirt sí gur rugadh ceathrar di agus go raibh triúr díobh beo; Michael (28), cléireach innealtóra san iarnród; Maggie (26), gúnadóir. I gcathair Luimnigh a rugadh an bheirt sin. San uacht luadh Albert O’Sullivan agus b’in é John Albert a rugadh sa chathair in 1889, dar leis an Dr Ó Mathúna. Owen ab ainm dá sheanathair agus is dóigh gurb in an fáth a d’úsáideadh sé Eoghan mar dhara hainm. Ach bíonn comharthaí athfhriotail timpeall air go minic aige agus b’fhéidir gur ag cur in iúl gur le treibh Uí Shúilleabháin Eoghain a bhain sé.

Chuaigh sé isteach i gCraobh Luimnigh de Chonradh na Gaeilge nuair a bunaíodh í agus is ann a d’fhoghlaim sé an teanga. Bhí portráid i gcló in Sunday Independent 31 Márta 1935 agus deirtear ann gur chaith sé sealanna i mBaile Átha Cliath agus i Londain ach gur fhill sé ar Luimneach. I 1916 rinne leasuachtarán ar Chraobh Luimnigh de. Chaithfeadh sé trí bliana ar ball ina uachtarán. Tuairim 1927 (dar leis an bportráid sin, ach i 1932 dar le tuairisc bháis in Scéala Éireann 17 Feabhra 1944) aistríodh go Baile Átha Cliath arís é agus bhí sé in oifig an chuntasóra in Iarnród an Deiscirt anuas go 1943.

Is beag má bhí aon chuid dá phrós i gcló roimh 1934. Foilsíodh an bhliain sin An Gloine draoidheachta agus scéalta eile. Sa phortráid sin an Sunday Independent dúradh faoi: ‘Tá filíocht sa leabhar agus eolas ar an nádúr agus rl agus cuireadh amach go gleoite tarrantach é. Leabhar atá ann do pháistí a bhfuil an Ghaeilge acu agus ar mhaith leo rud a léamh i nGaeilge cosúil le leabhair den chineal atá ar fáil go flúirseach i mBéarla’. In Comhar, Eanáir 1946, deirtear gurbh é a scríobh an chéad phantaimím Gaeilge, Súgradh na mBláth, a léiríodh sa Taibhdhearc um Nollaig 1937. ‘File atá i Micheál agus is iomdha giota breá filíochta a chum sé ó am go h-am i mBéarla agus i nGaeilge’, a deirtear sa phortráid úd agus luaitear freisin ann go raibh spéis mhór aige sa drámaíocht agus gur léirigh Cumann na Fraincise i mBaile Átha Cliath dhá dhráma dá chuid: Écoutez bien agus Le Palais de bonheur. Agus deirtear: ‘Tá sé ag obair leis le drámaí gairide grinn a cheapadh—drámaí a mheallfadh an gnáthdhuine chuig an Ghaeilge’. Bhí eolas aige freisin ar an nGearmáinis agus ar an Spáinnis. Um Meitheamh 1938 bhí cónaí air ag 64 Bóthar Phembróc. Tá dánta leis i gcló in Éire, bliainiris Gael, 1943.

Bhí sé ina rúnaí go sealadach ag an gcoiste a d’athbhunaigh an tOireachtas ach i gclár Oireachtais 1944 tá fógra i ngeanchuimhne air a deir go raibh sé ina rúnaí oinigh ag an bhféile 1939-43. Ina ainneoin sin bhuaigh sé duais ar iarracht filíochta i gcomórtais 1941 agus an chéad duais ar ‘amhrán suairc’ an bhliain dár gcionn. Tá sé i measc mhuintir an Oireachtais sa chartún deas atá ag Seosamh Mac Crosáin in Scéala Éireann 28 Deireadh Fómhair 1940. Bhí sé ina reachtaire ar Chumann na hÉigse ar faoina anáil a bunaíodh é tuairim 1942. Chuaigh sé i léig nuair a fuair sé bás (Máirín Ní Mhuiríosa in Scríobh 5, 1981, in eagar ag Seán Ó Mórdha). Thit sé i ndrochshláinte i 1943 agus chuaigh abhaile go dtí an seanteach i Sráid Hartstonge i Luimneach. Tá dán in Comhar, Feabhra 1944, le L.S. Gógan dar teideal ‘An Ceileabhradh Deireannach. Do Micheál Eoin Ó Súilleabháin, bunaitheoir agus reachtaire Éigse Éireann ag fágaint Baile Átha Cliath dó, Nollaig 1943’ (‘Agus seo mo dhuine beag soineanta séimh in ár gclúid / Ar tí an imeachta tá ag bogadh ár mbraonta súl’). Cailleadh é in Ospidéal Barrington 13 Feabhra 1944. Ní raibh sé pósta. Scríobh Máirtín Ó Direáin marbhna ‘An Niachas d’éag’ (i gcló ar dtús in An Glór 4 Márta 1944).

Tuairiscíodh in An Glór 15 Feabhra 1947 go raibh Cumann na Scríbhneoirí le leabhar cuimhne a fhoilsiú timpeall na Cásca. Bhí 16 dán le Micheál le bheith ann, chomh maith le haiste bheathaisnéise. Ní cosúil gur foilsíodh aon rud dá shórt.

Thabharfá leat as Taighde i gcomhair stair litridheachta na Nua-Ghaedhilge, 1936 gurbh é a d’aistrigh Cleimintín le A.E.W. Mason ach ba é Micheál Ó Súilleabháin (1887-1961) a d’aistrigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú