Bruach na Carraige Báine

Á lódáil/Loading...
00:00 / 00:00
Eisithe ar Bruach na Carraige Báine (1995). Le caoinchead Cló Iar-Chonnacht.

Iriseoir agus amhránaí aitheanta. Tá cuntas air: ag Dónal Ó Liatháin in Feasta, Eanáir 1992; ag Pat Ahern in The companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely. I gCúil Aodha, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 12 Eanáir 1947. Maidhcí Ó Súilleabháin a athair agus Nóra Ní Éalaithe ó Chill Gharbháin a mháthair. Amhránaí agus fidléir ba ea Maidhcí. Ba é Diarmuid an tríú duine den seachtar clainne a bhí acu. Deifiúr leis is ea an t-amhránaí Éilís Ní Shúilleabháin a bhfuil cuntas ag Liam Mac Con Iomaire uirthi i leabhar Vallely. Tarraingíonn Ó Liatháin pictiúr taitneamhach den timpeallacht inar tógadh é: ‘Tigh fial fáilteach ab ea tigh a mhuintire, ina raibh cead suite cois tine nó codladh ar an settle ag uasal agus íseal. Bhíodh lucht scoraíochta isteach ann agus ridirí bóthair go minic ag fanúint thar oíche. Ansan a airigh Diarmuid a lán de na hamhráin agus den cheol agus des na scéalta, óna athair féin, Maidhcí, ó Pheataí na Ráithe [Ó Tuama] agus ó Dhiarmuid Ó Ríordáin a bhíodh go minic ann. Bhí an sean-nós ar a dtoil acu siúd agus dob uathu a fuair sé a chéad bhlaiseadh dhe.’ Liostaíonn Ó Liatháin na pearsana a chuaigh i gcion air ina óige: a chomharsana, na múinteoirí i Scoil Bharr d’Inse agus i gColáiste Íosagáin, Bess Cronin (Ó Cróinín ), Domhnall Ó Ceocháin, Pádraig Mac Suibhne, Pádraig Ó Cruadhlaoich, Dónall Ó Mulláin, Seán Eoghain Ó Súilleabháin [B5, lch 297] .... B’fhéidir a áitiú gurbh é Seán Ó Riada is mó a thug in éifeacht é; bhí sé ina bhall ó thús de Chór agus de Chlaisceadal Chúil Aodha in éineacht lena dheartháireacha. D’fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta an dlúthdhiosca Bruach na Carraige Báine ar a bhfuil 13 d’amhráin aige. Tá amhráin aige freisin ar cheirníní Cheoltóirí Laighean, An Bóthar Cam agus The Star of Munster. Tionóltar Éigse Dhiarmuidín i gCúil Aodha gach bliain i gcuimhne air. I 2001 thug Ceirníní Claddagh Éigse Dhiarmuidín amach i gcomhar le Raidió na Gaeltachta.

Cháiligh sé mar bhunoide i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Bhí sé ag múineadh sa Phasáiste Thiar, Co. Chorcaí. Chaith sé tamaill ó 1974 ag obair do Raidió Logánta Chorcaí, ar chuid de RTÉ é, agus ó 1977 i Seomra Nuachta RTÉ sular thosaigh ag obair i dtús na 1980idí i Raidió na Gaeltachta, Baile na nGall, mar chlár-reachtaire agus iriseoir. Timpiste gluaisteáin ar an mbóthar idir Dún Chaoin agus Fionntrá ba thrúig bháis dó ar 2 Nollaig 1991. Baile Bhiocáire, Dún Chaoin, a sheoladh ag an am. Tá sé curtha i Reilig Ghobnatan, Baile Bhuirne.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú