Tá eolas ar a muintir i réamhrá ‘Londubh an Chairn’: Being Songs of the Irish Gaels, 1927 a d’eagraigh sí féin agus a fear céile Séamus de Chlanndiolúin. Deir siad ansiúd go raibh cáil na filíochta agus na hamhránaíochta ar mhuintir Uí Annagáin i bhfad siar. Tá siad luaite ag Séan Ó Dálaigh in Reliques of Jacobite Poetry agus ag Tomás Ó Flannghaile sna nótaí a chuir sé le Eachtra Ghiolla an Amaráin, 1897 le Donncha Rua Mac Conmara. In 1825 a rugadh a hathair. Bhí gaol ag a máthair, Máire Ní Mhuirithe (Mary Murray), le muintir Uí Fhoghlú, muilleoirí Áth na Croise, Co. Phort Láirge, a raibh cáil orthu mar scríobhaithe agus mar cheoltóirí. Bhí aithne ag a seanathair, Séamus Ó hAnnagáin (1782-1868), ar Thadhg Gaelach Ó Súilleabháin. Óna seanmháthair Síle Ní Fhoghlú (a d’éag in 1856 in aois 84 di) a d’fhoghlaim Máire Ní Mhuirithe cuid dá hamhráin. Deir Máighréad: ‘This brings the present setting of this air (‘An Craoibhín Aoibhinn’) back 150 years or almost to the time Father William English [Liam Inglis B7] was writing.’ In ómós do Dhubhghlas de hÍde a chanadh Máighréad an t-amhrán sin ag na hOireachtais.

D’éag sí 28 Eanáir 1952 agus is é atá sa taifead báis go raibh sí 72 bliain d’aois. Níl amhras ach gurb í an Margaret Hannigan í a rugadh sa Láithreach, Co. Phort Láirge, 2 Bealtaine 1875. Nuair a phós sí Séamus de Chlanndiolúin i nDún Garbhán 19 Eanáir 1904 dúradh gurbh é Michael Hannagan, siúinéir sa Láithreach, a hathair. De réir teastas breithe an Margaret Hannigan a rugadh san áit sin ba shiúinéir a hathair Michael Hannigan agus ba í Mary Murray a máthair. Sheas Mary Murray áirithe le Margaret Hannagan lá a pósta.

Gaeilge amháin a bhí ag Maighréad ón gcliabhán agus is ar scoil a d’fhoghlaim sí Béarla. Ag am a pósta níor luadh aon phost a bheith aici. Bhí Séamus ag múineadh scoile i gCluain Meala ag an am. I gcuntas iarbháis (Scéala Éireann 29 Eanáir 1952) dúradh gur cuireadh oideachas uirthi i gClochar na Trócaire, Dún Garbhán, agus i gClochar Naomh Áine, Lannion, Côte du Nord sa Fhrainc. B’fhéidir go gciallódh sin gur chaith sí tamall ina nóibhíseach ann. Mhaígh sí féin go ndearna sí staidéar faoi ollúna ceoil in Éirinn agus sa Fhrainc. Amhránaí aitheanta ba ea í i dtús an 20ú haois agus ag Oireachtas 1901 bhain sí an chéad duais i gcomórtas amhránaíochta na mban. Ghlac sí páirt i gceolchoirmeacha Oireachtais 1906, 1913, 1917 agus 1919. In Scéal an Oireachtais 1897-1924, 1984 tá i gcló ag Donncha Ó Súilleabháin an méid a scríobh Pádraig Mac Piarais in An Claidheamh Soluis 9 Meitheamh, 1906 ar ‘Traditionalism’: ‘There are three or four singers (all more or less products of the Oireachtas) who have been working on the lines we suggest. Among them are Máighréad Ní Annagáin, Séamus Clandillon, Pádraig Ó Séaghdha [B5: 296] and Síle Ní Ailgheasa . All of these are palpably Irish: not one of them is out-and-out “traditional”. They form in our opinion, the nucleus of a native school of vocal art: and their method has been to develop that which they have either inherited or assimilated from the folk amongst whom they were born or have lived.’ Bhuaigh sí duaiseanna ag Oireachtais 1909 agus 1910 ar chumadóireacht cheoil. Le Seámus de Chlanndiolúin chan sí oíche oscailte 2RN (Radio Éireann ina dhiaidh sin) agus chraoladh sí go minic ón stáisiún. Deir Maurice Gorham, duine de chomharbaí Shéamuis (Forty Years of Irish Broadcasting, 1967): ‘One of the complaints against the 2RN programmes was that she was heard too often; “Mairéad Ní On-Again”, her detractors called her.’

Chuir Máighréad agus SéamusAn Londubh, 1904 amach. Le maoiniú Iontaobhas Carnegie d’fhoilsigh Preas Ollscoile Oxford ‘Londubh an Chairn’: Being Songs of the Irish Gaels, 1927 agus in Irish Statesman 19 Samhain 1927 bhí léirmheas géar le Donal Joseph O’Sullivan ar an leabhar. Thosaigh O’Sullivan: ‘A grave injustice has been done to Ireland’s reputation in the field of folk-music by the recent publication by the Oxford University Press of a new collection of Irish folk-songs edited by Mr and Mrs Clandillon of Dublin.... All this slovenliness and ignorance is rendered the more unforgivable by being accompanied by a species of self-assurance and mutual adulation fortunately rare in publications of this kind. It is not too much to say that a disproportionate part of the preface and notes is used as a medium for broadcasting the merits and platform success of the joint editors and the general excellence of the family of one of them.’ Bhain mí-ionracas leis an saothar, dar leis: ‘It seems not unreasonable to suppose that, when the Carnegie United Kingdom Trustees and the Oxford University Press undertook to publish this book, they did so in the belief that it consisted of substantially unpublished folk-songs and airs, edited by competent persons. It is only right that the public should not be under any such misconception.’

Troideadh an cás clúmhillte ba fhaide riamh go nuige sin in Éirinn (29 Deireadh Fómhair go 14 Samhain 1928). Bhí Máighréad agus Séamus ag lorg damáiste £2,000. Breis agus leathmhilliún focal a labhraíodh sa chúirt. Bhí scoláirí aitheanta mar Herbert Hughes (1882-1937), bailitheoir agus cóiritheoir amhrán, Risteárd Ó Foghludha, Osborn Bergin agus Tomás Ó Rathile ag tacú le O’Sullivan. I measc lucht tacaíochta na n-údar bhí Colm Ó Lochlainn, Vincent O’Brien, Stiúrthóir Ceoil 2RN, Feardorcha Ó Conaill, Stiúrthóir Cúnta 2RN agus Séamus Ó Duirinne. Deir Gorham faoin gcás: ‘Clandillon himself had been entirely eclipsed by his wife, whose attitude in the witness-box was completely uncompromising. “When I say a song is good, it is good”.’ Ní raibh an giúiré in ann aontú le chéile agus bhí ar an dá thaobh a gcostais féin a íoc.

In Gaelic Prose in the Irish Free State 1922-1939, 2004 tá ag Philip O’Leary sleachta as a scríbhinní a dtógfadh duine astu go raibh tuairimí dochta aici i dtaobh cad is Gael ann. Chaithfeadh sé bheith ina Chaitliceach agus ina chainteoir dúchais. In The Leader i 1924 scríobh sí: ‘It does not necessarily follow that because one has learned Irish one has acquired the Gaelic mentality; this has to be born in one. If a person speaks French it does not necessarily follow that he is a Frenchman or has the French outlook and temperament, and there are a good many people about Dublin who can speak Irish after a fashion, but to us real Gaels they are foreigners.’

Fuair Séamus de Chlanndiolúin bás i 1943. Luadh iníon agus beirt mhac i gcuntas báis Mháighréid in Scéala Éireann 29 Eanáir 1952.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú