In Clerkenwell, Londain, a rugadh é 10 Nollaig 1869. Seodóir Gearmáineach a athair Carl Joseph Hardebeck, a tháinig go Londain ó Amsterdam. Bhí seisean go maith as sa tsaol. B’as Devon do mháthair Charl Gilbert, Catherine Jones, agus ba de bhunadh na Breataine Bige í. Ó thosach bhí ceol le cloisteáil sa bhaile aige. Níor chuimhin leis an t-am nach bhféadfadh sé an pianó a sheinm. Thosaigh sé ag foghlaim nuair a bhí sé ceithre bliana d’aois. Bhí sé in ann áirianna as Messiah a chanadh sula raibh seacht mbliana d’aois aige agus ina ochtú bliain chuir sé ceol le roinnt de dhánta Shelley. Chothaigh a athair ann dúil i litríocht na Gearmáine, agus bhí cairde aige riamh a léifeadh saothar na bhfilí móra os ard dó.

Fuair a mháthair bás agus é an-óg agus phós an t-athair arís. Dúirt sé le Seán Neeson (Capuchin Annual 1943) nár theastaigh ón leasmháthair garsún dall bheith timpeall an tí aici. Chuaigh sé isteach sa Normal College of Music for the Blind Lá Coille 1880. Bhí Frederick Corder ina mhúinteoir aige ansiúd, an té a thug ceachtanna do Arnold Bax agus Ralph Vaughan Williams. D’éirigh leis, tar éis tri bliana déag ann, dioplómaí sa cheol a thabhairt leis amach as, chomh maith le hoideachas maith ginearálta agus cumas chun snámha. Shocraigh a athair £15,000 air. In 1893 chuir sé stóras ceoil ar bun i bPlás Wellington, Béal Feirste, i bpáirtíocht le fear eile. An méid airgid a cheadódh na hiontaobhaithe dó a infheistiú bhí sé ídithe faoi cheann trí bliana agus ní raibh tásc ná tuairisc ar a pháirtnéir. B’éigean dó cromadh ar cheol a mhúineadh agus ar an orgán a sheinm in eaglaisí na cathrach.

Thosaigh sé ag cur spéise i gceol na hÉireann nuair a chuaigh sé chuig Feis Cheoil 1897 i mBaile Átha Cliath mar ar chuir sé eolas ar a raibh ar siúl ag leithéidí Stanford. Wood, Esposito .... Rinne sé staidéar ar shaothar Bhunting, Phetrie agus Joyce agus thosaigh ag léamh dánta James Clarence Mangan, Samuel Ferguson agus George Sigerson. Bhí craobh de Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste le tamall gairid agus d’fhoghlaim sé Gaeilge ó Sheán Ó Catháin agus ó Thadhg Mac a’ Bhaird. na fir chustaim is máil. Bhuaigh The Red Hand of Ulster, cantáid arbh í an léitheoireacht a bhí ar siúl aige ag an am a spreag í, bhuaigh sí duais ag Feis Cheoil 1900. Ach Lá ‘le Pádraig na bliana sin chuala sé amhránaí ón gClár, Máirtín Ó Coindealbháin, sa Halla Ultach, Béal Feirste. ‘After hearing him I got him to come to the house of Doctor Arthur de Meulemeester and sing for him, and it is interesting to note that he said, when he heard the music, that it reminded him – as it did me – of the Flemish music of the 12th century. It was so delightful, and I was enchanted by the flow, the rhythm, the rise and fall of melody and above all the simplicity and character of this music that I decided to leave all and follow it. I went to the Donegal Gaeltacht’.

Tar éis dó amhráin a bhailiú ansin rinne sé freastal ar an Oireachtas agus chuir aithne ar amhránaithe mar Mhairéad Ní Annagáin agus Áine Ní Oisín. I 1902 d’fhoilsigh Conradh na GaeilgeCeatha ceoil, roinnt amhrán a ghléas sé. Ba é a rinne an tionlacan pianó an bhliain sin agus ag gach Oireachtas go dtí 1918.

Chaith sé ceithre bliana mar ardmháistir i Scoil Cheoil Chathartha Chorcaí agus mar ollamh i gColáiste Ollscoile Chorcaí. Bhí ioncam £400 ón dá phost ach mar gheall ar a dhaille b’éigean dó rúnaí a bheith aige. Bhí air cur lena ioncam trí bheith ag obair i bpictiúrlann sa chathair. Ní bhfuair sé riamh an teach cónaithe a gealladh dó. Ná ní bhfuair sé an t-airgead a gealladh dó ón státchiste i 1922 chun a shaothar a fhoilsiú. Dúirt a chara Seán Ó Baoighill go raibh ‘cuid den fhoireann ag doicheall roimhe’. D’imigh sé ar ais go Béal Feirste ach bhí athrú mór ar an saol ansin toisc na críchdheighilte.

In Aibreán 1931 bhíothas tar éis cúpla cruinniú a thionól i gColáiste na Nua-Ghaeilge, Baile Átha Cliath, chun a éileamh go gcuirí scoil ar bun faoi stiúradh Hardebeck chun cúram a dhéanamh den cheol Gaelach agus bhí an t-éileamh céanna ina ábhar rúin ag an Ard-Chraobh ar chlár Ard-FheisChonradh na Gaeilge an bhliain sin. Bhí sraith léachtaí á tabhairt aige i gColáiste na Tríonóide i 1932. Tá caint a chraol Diarmuid Ó hAlmhain faoin gcaidreamh a bhí aige féin agus Craobh an Chéitinnigh ar an gceoltóir i gcló in Aeriris, 1976 in eagar ag Proinsias Mac Aonghusa. I 1932 chuir an chraobh sin cór ar bun. ‘Ba ghairid go rabhamar i bponc. A raibh de cheol Gaelach le fáil le haghaidh cóir, ní raibh dóthain aon choirme ceoil amháin ann! D’iarramar cúnamh ar Hardebeck .... Chrom sé láithreach ar cheol a chóiriú dúinn gan táille ná tuarastal, cé nach raibh riar a cháis de rachmas an tsaoil aige ach a dheargmhalairt’. Tamall ina dhiaidh sin bunaíodh coiste chun acadamh ceoil a chur ar bun agus Hardebeck a thabhairt aduaidh. Ó hAlmhain a bhí mar rúnaí agus ar an gcoiste bhí Fionán Mac Coluim, Colm Ó Lochlainn, Lil Nic Dhonnchadha, Donnchadh Ó Liatháin. Ní raibh toradh ar bith ar obair an choiste sin ach amháin, b’fhéidir, go ndeachaigh Hardebeck chun cónaithe sa phríomhchathair. Síleadh go gcuirfí ar a chumas a chuid oibre ar an gceol Gaelach a chur i gcrích. Deir Ó hAlmhain: ‘... agus maidir leis an obair eile, b’é teacht an tseagail aici é: nuair a deineadh socrú chuige leis an nGúm faoi dheireadh, bhí Hardebeck tite i ndrochshláinte agus gan é i mbarr a chumais a thuilleadh’.

Bhí sé bocht go leor nuair a bhí an aois ag teannadh leis agus tháinig na Caipisínigh i gcabhair air trí ailt ina thaobh le ceoltóirí móra na tíre, leithéidí Vincent O’Brien, Larchet, May, Fleischmann, a chur i gcló in Capuchin Annual 1943, agus trí chiste cabhrach a eagrú. D’éag sé 10 Feabhra 1945 agus tá sé curtha i nGlas Naíon.

Baintreach ba ea é i ndeireadh a shaoil, é ina chónaí i dteach dheartháir a chéile, Micheál Ó Gríofa, ag 14 Sráid Naomh Uinseann, Bóthar Berkeley, Baile Átha Cliath.

Tá cur síos ar a shaol is a shaothar ag Gearóid Ó Broin i dtrí alt in Inniu 5, 19, 26 Márta 1982, agus ag Seán Neeson in The Capuchin Annual 1943. Bhí baint aige ar feadh i bhfad le muintir Uí Bhaoighill agus scríobh an bailitheoir ceoil Seán Ó Baoighill cuntas moltach air in Comhar, Márta 1945. Bhí an Dr Séamus Ó Ceallaigh ag foghlaim ceoil uaidh le linn a óige i mBéal Feirste agus d’fhoilsigh sé aiste in An Glór 3 Márta 1945 agus dúirt: ‘Dar le mórchuid daoine, ba chóir céim gradaim agus measa a thabhairt dó ó ollscoil den dá ollscoil atá againn. Más ea, níor toirbhríodh’.

Ba é ba mhó agus ba thúisce, b’fhéidir, a bhí ag iarraidh go mbeadh cóiriúcháin bháúla de na seanamhráín ar fáil ag amhránaithe stáitse, ag córacha agus ag ceolfhoirne. Tá cuid díobh sin in Seoda ceoil: 1 (1908), 2 agus 3 (gan dátaí), agus in Fuinn Fiadha Fuinnidh. D’fhoilsigh an Gúm neart díobh freisin idir 1933 agus 1938. Bhí sé ag scríobh leabhair ar theoiric an cheoil Ghaelaigh ach níor foilsíodh é. Chum sé féin ceol agus is iad na hamhráin ‘Song of Glendun’, ‘Buailtear mo Chreidhill’ agus ‘Deirdre’s Lament’ is minice a luaitear.

Toradh eile a bhí ar an obair bhailithe amhrán a dhéanadh sé gurb í aibítir bhraille Hardebeck an ceann ar ghlac Institiúid Náisiúnta na nDall léi mar aibítir oifigiúil Ghaeilge. D’fhág Seán Ó Baoighill an pictiúr seo againn den dall i mbun léitheoireachta: ‘Seo mar is cuimhin liom é – é ina shuí ar chathaoir mhór shocúlach chois na tine, a dhá chois crosach ar a chéile agus é ag méardrú ar chlár bheag Braille a bhí ina luí ar a ghlúna. Chuireadh sé ionadh orm i gcónaí a ghaisteacht a thiocfadh leis scríbhneoireacht na ndall a léamh le barr a chuid méar’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú