I Loch Cútra, an Gort, Co. na Gaillimhe, a rugadh é ar 6 Meitheamh 1878. B’as Áth Í, Co. Chill Dara, dá athair William Armstrong Clandillon a bhí ina phríomhoide i gcomharbacht ar Mhicheál Cíosóg i Scoil Náisiúnta Loch Cútra ó 1871 amach. Joanna Little ab ainm do mháthair Shéamuis. Ba iníon í le Thomas Little, garraíodóir pictiúrtha as Lancashire a tháinig go hÉirinn chun Páirc na Cúile in aice leis an nGort a leagan amach do Sir William Gregory. Bhí Thomas Little pósta ar bhean de mhuintir Uí Ógáin i Lúbán Díge, Co. an Chláir.

Níor chainteoir dúchais Gaeilge Séamus ach ba chuid de bhreac-Ghaeltacht fhairsing na hÉireann Loch Cútra. I ndiaidh tamaill i gColáiste Fhlannáin in Inis bhí sé ina mhac léinn i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath ó 1899 amach. Ba bheag a mheas ar an athbheochan go dtí gur chuaigh a chara Seoirse Mac Fhlannchaidh i gcion air nuair a bhí seisean ag iarraidh craobh den Chonradh a bhunú sa Choláiste. Faoi 1901–2 bhí ranganna Gaeilge ar siúl ann ag Séamus agus ag an bPiarsach. Cheana féin bhí cáil an cheoil air agus deireadh sé amhráin ag coirmeacha de chuid an Choral Union. Luaitear é freisin mar dhuine de na mic léinn a bhí ag tógáil raice ag léiriú de Countess Kathleen le W. B. Yeats san Ancient Concert Rooms ar 10 Bealtaine 1899.

I ndiaidh dó céim B.A. a ghnóthú chuaigh sé go Páras ar scoláireacht. Chaith sé na blianta 1903–5 ag múineadh sa Cheardscoil i gCluain Meala agus ó 1905 go 1912 i Scoil na Talmhaíochta i gCloich na Coillte. I 1912 chuaigh sé ag obair i gCoimisiún an Árachais Náisiúnta Sláinte mar chigire in iarthuaisceart na hÉireann. Nuair a bunaíodh an stát i 1922 chaith sé cúpla bliain i mBeairic Portobello ag déileáil le héilimh chleithiúnaithe.

Bhí spéis aige i gceol na hÉireann riamh. Comharsana béal dorais i Loch Cútra ba ea Bríd agus Tadhg Ó Lionnáin ar scríobh sé neart amhrán síos uathu. Ghléas sé agus d’fhoilsigh sé cúpla amhrán in Irisleabhar na Gaedhilge agus san Journal of the Folk Song Society. Phós sé Máighréad Ní Annagáin, amhránaí agus cainteoir dúchais Gaeilge ó na Déise a bhain an chéad duais san amhránaíocht in Oireachtas 1901. I mbliain 1904 d’fhoilsigh siad An Londubh, cnuasach de dhá amhrán déag nach raibh a bhformhór foilsithe roimhe sin (uimhreacha 39–50 in Londubh an Chairn). Pianadóir ba ea ‘Clan’, mar a thugadh a chairde air, agus bhíodh an-éileamh air do choirmeacha ceoil in Éirinn, in Albain agus i Sasana. Ba mhinic ag gabháil fhoinn é i Halla na Banríona i Londain. Bhailíodh sé amhráin cibé áit a mbíodh sé—sa Rinn, i gCloich na Coillte, sa Ghort agus i dTír Chonaill. Ba é a chum, idir fhocail agus fhonn, ‘Tadhg an Dá Thaobh’ lenar bhain sé duais ag Oireachtas 1911 faoin ainm cleite ‘Crost’. Ba mhinic ag moltóireacht ag Oireachtaisí agus feiseanna é.

As na céadta de choirmeacha ceoil ag a raibh sé ag ceol is fiú cuimhneamh ar an oíche mhór i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath nuair a fáiltíodh abhaile roimh phríosúnaigh 1916. ‘Seanachúirt na nDéise’ a dúirt Séamus toisc tagairt bheith ann do shaoradh príosúnaigh. B’eisean faoi deara eolas a bheith ag an bpobal ar ‘Iníon an Phailitínigh’ agus is é a chuimhnigh ar churfá aerach a chur le ‘Cnocáinín aerach Chill Mhuire’.

I Samhain 1925 ceapadh é ina Stiúrthóir ar 2RN, an tseirbhís nua craolacháin. Níorbh aon John Reith é, ach aontaítear gur dheacair rogha ní b’fhearr a dhéanamh ná fear ar riarthóir, amhránaí, fuirseoir, Gaeilgeoir agus fear teangacha é. Ghoilleadh ganntanas an airgid sa stáisiún go mór air. I bhFeabhra 1934 socraíodh ar stiúrthóir nua a cheapadh agus go bhfillfeadh de Chlanndiolúin ar an Roinn Sláinte. Ar iasacht a bhí sé sa Roinn Poist agus Telegrafa. Bhris ar a shláinte i Samhain na bliana sin. Chaith sé an tréimhse 1938–42 i nGaillimh mar chigire ranna ag anRoinn Sláinte, post a bhí ag Tomás Bán Ó Concheanainn roimhe. D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath mar gheall ar dhrochshláinte agus d’éag ar 21 Aibreán 1944.

I 1927 d’fhoilsigh Preas Ollscoile Oxford, le hairgead Iontaobhas Charnegie, Londubh an Chairn, cnuasach de na hamhráin a bhailigh sé féin agus a bhean. Scríobh Domhnall Ó Súilleabháin léirmheas binbeach ar an Irish Statesman. Éagóir ar cheol na hÉireann an leabhar, arsa an Súilleabhanach, agus thug sé le tuiscint gur bhain mí-ionracas leis an obair. Troideadh an cás clúmhillte ab fhaide riamh go nuige sin (29 Deireadh Fómhair go 14 Samhain 1928) i gcúirteanna na hÉireann. Ní raibh an giúiré in ann aontú le chéile i ndeireadh báire i gcaoi gurbh éigean don dá thaobh a gcostais féin a íoc. Meastar gur chabhair don Irish Statesman an chúis, cé gur creideadh ag an am gurbh í a mharaigh an iris.

Rinne de Chlanndiolúin 11 ceirnín 78 do Parlophone agus HMV: ‘Ó Bhean a Tí cén buairt sin ort?’; ‘Siobhán Ní Ghuidhir’; ‘An Goirtín Eornan’; ‘Aonach Bhearna na Gaoithe’; ‘Cnocáinín Aerach Chill Mhuire’; ‘Bacach buí na Léige’; ‘Mná deasa Bhaile Locha Riach’ ..., chomh maith le bailéid Bhéarla ar nós ‘Fineen the Rover’ agus ‘The Ballad of the 13th Lock’ (le hArt Ó Gríofa).

Bhí sé in ann lucht éisteachta a spreagadh nuair a deireadh sé amhrán go tíriúil anamúil. Bhíodh tionlacan pianó aige agus, cé nach raibh an sean-nós aige, bhí sé le haithint air gur casadh amhránaithe na Gaeltachta air. Bhí stíl chantana aige a d’oir go breá do chúinsí a linne. Fear ildánach a bhí ann. Bhí spéis aige, mar shampla, sa sceitseáil agus i maisiúchán lámhscríbhinní agus tamall caite aige leo sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne. In Banba Feabhra 1903 tagraíonn An Seabhac dó mar ‘an t-amhránaí gasta agus an tarraingeoir cliste Séamus Clainndiolúin’.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú