‘His genial simplicity was a delight and he had the heart of a boy all his days. His outlook was as uncomplicated as might have been that of one of the Fianna. He saw everything clearly outlined in black and white. He, too, could denounce and his scorn of all operatic music and equally immoderate praise of Thomas Moore remain in my memory. One of his bitterest feuds arose and continued over an unimportant point of Gaelic grammar’. Sin é a dúirt Hester Piatt ina thaobh in The Catholic Bulletin, Nollaig 1915. Bhí idir mheas agus chion air ag Dubhghlas de hÍde agus George Moore (‘A great old cock, head up-reared, fine neck, grand shoulders, a stately piece of architecture .... A big nose divided the face, wandering eyes lit it. The large hands had worked for sixty years in America, in France, in the East’ Hail and farewell). Thug an Fínín Dr William Carroll ‘that blatherumskite’ air i litir chuig John Devoy. Shil Eoin Mac Néill gur dhuine baolach é ach bhí sé fíorcheanúil air. In Irish Peasant 23 Meitheamh 1906 dúradh: ‘He is the gentlest of extremists, the blandest of revolutionaries. In Dublin, in whose social life he is a picturesque figure, he wages war day in day out, having as little consideration for common or received opinions as an earthquake for a hamlet. But everyone esteems him. His destructive originality is bracing. With him contradiction is a kingly art with the grand manner and the pleasant savour of the heroic ages’.

Cé go bhfuil sé deacair a rá anois cad é go díreach a chuir an Ruiséalach i gcrích chun go mbeadh aird chomh mór sin air, níl amhras ach gur dhuine de charachtair na hathbheochana é, agus gur cheannródaí é sa mhéid go raibh baint ó thosach aige le gach cumann Gaeilge dá raibh ann idir 1876 agus 1893.

I Lios an Fhóid in aice le Móta san Iarmhí a rugadh é i mBealtaine 1828 agus ba é an duine ab óige é de naonúr, cúigear cailiní agus ceathrar buachaillí. Bealtaine 1828 atá tugtha mar dháta breithe ag DIB. Ball de Chumann na gCarad a athair Joseph (1762–1837). Sarah Boardman (1791–1873) ab ainm dá mháthair. Is féaránaigh a bhí ina mhuintir san Iarmhí i 1906 agus míle acra ar cíos acu, dar leis an Irish Peasant. Ag Liam Cox in Moate, County Westmeath: a history of the town and district, 1981 tá cuntas ar a mhuintir. Deir seisean: ‘His brother Frederick of Lissenode, J.P., who owned 1022 acres in County Westmeath, and 492 acres in county Offaly, died in 1895 and was buried in Moate Quaker cemetery’. Níor fhéad Cox a dhéanamh amach cad as don spéis a bhí ag Tomás sa teanga. Mary Neale ab ainm do sheanmháthair le Tomás agus is dóigh gur i ngeall air sin a chuir sé ‘Ó Néill’ lena ainm.

I ndiaidh bunscolaíochta chuaigh sé ag obair mar thaistealaí tráchtála, más fíor, do mhuintir Jacobs, déantóirí brioscaí. Is léir on gcur síos úd atá aige ar aonach in Áth Luain tuairim 1841, nuair is Gaeilge a bhí á labhairt ann ag breis is nócha faoin gcéad de dhaoine (in Teanga thíoramhuil na hÉireann, 1897), go raibh spéis sa teanga aige óna óige. B’fhéidir gurbh i mBaile Átha Cliath a d’fhoghlaim sé í. Faoin ainm Reginald Tierney scríobh sé an t-úrscéal The struggles of Dick Massey, or the battles of a boy, 1860. Tháinig cúig eagrán ar a laghad amach. Air féin atá ‘Tom Nolan’ ceann de na príomhcharachtair bunaithe. Dar le Séamus Fenton [Séamus Ó Fiannachta] in It all happened: reminiscences, 1948 go raibh sraith litreacha aige in The Irishman chomh luath le 1858 i dtaobh athbheochan na Gaeilge.

Tuairim 1865 bhí eagla a ghabhála air, deirtear, mar gheall ar bhaint a bheith aige leis an bpáipéar sin agus d’imigh sé go Meiriceá. In 1872 foilsíodh True hearts’ trial: a tale of Ireland and America. Dhealródh sé go mbíodh sé ar ais in Éirinn anois is arís. Dar le Máirín Ní Mhuiriosa (Réamhchonraitheoirí: nótaí ar chuid de na daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge idir 1876 agus 1893, 1968) gur thug sé cabhair ar leith nuair a bhí Cumann Buanchoimeádta na Gaeilge á bhunú in 1876. Casadh ar an gCraoibhín é den chéad uair ag cruinniú den Chumann i Meitheamh 1877. Bhí ‘Beirt Fhear’ [Séamas Ó Dubhghaill] ag labhairt leis Nollaig na bliana céanna: ‘I saw Russell on Saturday. He is preparing the Irish for the Conversation Lozenges that Grubb the confectioner is getting out’.

Nuair a tharla an scoilt in 1878 agus go ndeachaigh na baill ba dhíograisí isteach in Aontacht na Gaeilge bhí an Ruiséalach ina measc. Ach is seoltaí Meiriceánacha atá i ndiaidh a ainm i liostaí bhaill Chomhairle na hAontachta in imleabhair thosaigh (1882–6) Irisleabhar na Gaedhilge. Sna himleabhair sin tá litreacha gearánacha uaidh i dtaobh a bhotúnaí a bhíodh an Ghaeilge san iris, chomh maith le cuntas an-inspéise i dtaobh staid na Gaeilge agus teangacha eile sna Stáit, agus alt dar teideal ‘Cá háit a labhartar an Ghaedilig is fearr ?’ Sa chló rómhánach a scriobhadh sé agus tá an abairt seo aige i litir dar dáta 17 Meán Fómhair 1883: ‘Lig dóibh seo a ghráíonn scáth níos mó ná brí scríobh sna seanlitreacha; tá mise socraithe na litreacha rómhánacha a chleachtadh chomh fada is a chlóbhuailfidh daoine Gaeilge iontu’. Ach i gcoitinne is tuairimí nach mbeadh aon ghlacadh leo anois ná fiú an uair sin a bhíodh sé a nochtadh. D’fhaigheadh sé de locht ar an nGaeilge in Éirinn agus in Albain nach raibh sí á labhairt go beacht mar a chlóbhuailtí í, cé go raibh áiteanna ina labhraítí í ‘mórán níos dlúithe leis an leabhar ná in áiteanna eile’. Ba é a thuairim gur sa Chlár, tír neodrach, a bhí an Ghaeilge ab fhearr le fáil. ‘Ní chleachtar ach an beagán de lochta labhartha Chonnacht nó Mumhan inti’.

Sna Stáit bhíodh sé ag scríobh i dtaobh na teanga in Chicago Citizen in 1882 agus ceapadh é ina ‘eagarthóir’ i gCumann Gaelach Nua-Eabhrac in 1888. Casadh ar Mhicheál Ó Lócháin é in 1882. Bhí meas ag an Ruiséalach ar iris Uí Lócháin An Gaodhal (1881–) ar dtús ach ba ghairid gur éirigh eatarthu. San aiste úd ar staid na teanga sna Stáit dúirt an Ruiséalach gurbh iad an dream ba bhoichte ba mhó a bhí ag freastal ar na ranganna Gaeilge, ráiteas a shíl an Lóchánach a dhéanfadh díobháil. Ní raibh duine ba shuaraí ná an Ruiséalach féin feicthe aige ag cruinniú i Nua-Eabhrac ar tharla ann é. Ansin bhí an Ruiséalach ag fáil locht ar Ghaeilge fhotheideal An Gaodhal. Tá cuntais in Réamhchonraitheoiri agus in Micheál Ó Lócháin agus An Gaodhal, 1990 le Fionnuala Uí Fhlannagáin ar an aighneas seo. Síleadh gur chuir an Lóchánach in aghaidh an Ruiséalaigh ar deireadh gur spiaire Sasanach a bhí ann, ach in 1890 mhínigh an Gaillimheach gurbh é a bhí i gceist aige obair an spiaire bheith á déanamh ag an Ruiséalach nuair a rinne sé dispeagadh ar Mhac Héil, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin, an Donnabhánach, Uilleog de Búrca, Seán Pléimeann .... Is dóigh le Fionnuala Uí Fhlannagáin gurbh é an fáth a ndearna an Craoibhin beag is fiú den Lóchánach in Mise agus an Connradh, 1931 é bheith claonta ina aghaidh toisc a chaidrimh féin ar an Ruiséalach.

Tháinig sé abhaile go hÉirinn cúpla lá sular bunaíodh Conradh na Gaeilge agus bhí ar an mbeagán a bhí sa láthair 31 Iúil 1893. Is dóigh gurbh é an Craoibhín faoi deara é bheith ann. Na cuntais a thugadh an Ruiséalach féin ar an gcaoi ar bunaíodh Conradh na Gaeilge tá siad go léir botúnach (feic dréacht de litir a scríobh Eoin Mac Néill chuige ar 10 Samhain 1898 in Eoin Mac Néill: scholar and man of action, 1980 le Michael Tierney). Má fuair an Ruiséalach an litir sin riamh bhí a chuimhne máchaileach arís in The Irish Peasant. An botún is mó aige gur ina theach féin i bPlás Seville a bunaíodh an ghluaiseacht. I Meitheamh 1901 bhí an foilsitheoir Pádraig Ó Briain, fear eile de na bunaitheoirí, ag cur an chuntais earráidigh chéanna chun tosaigh agus é ag maíomh gurbh é an Ruiséalach a bhunaigh Conradh na Gaeilge!

Deir George Moore go raibh idir seachtó agus céad punt sa bhliain d’ioncam aige. Bhí sé pósta ar Laura Garrier agus bhí mac amháin acu. B’as tuaisceart na hEorpa di, is cosúíl, agus toisc í bheith ar bheagán Béarla is i bhFraincis a labhraíodh an Ruiséalach léi. D’aistriodh siad chomh minic sin nach bhfuil a fhios cá raibh siad ag cur fúthu le linn Daonáireamh 1901. Tuairim an ama sin bhí sé ina bhall de Choiste an Transvaal.

Is tar éis dó filleadh abhaile a scríobh sé an chuid is mo dá leabhair: Teanga thíoramhuil na hÉireann, ina gcuirthear i gcéill seandacht agus mórdhachd na Gaedhilge: maille le sgribhinnibh Gaedhilge fear deagh-aithnighthe nár foillsigheadh riamh roimhe, 1897: Beauties and antiquities of Ireland, 1897; Thomas Moore: a selection of ... Moore’s melodies with translations into Irish by the late Most Rev. John McHale, 1899; Fíor-Chláirseach na hÉireann, 1900 (a bhfuil cuid bheag dá dhánta agus dá amhráin féin ann); An Bhoramha Laighean or the Leinster Tribute put into modern Irish, 1901; The last Irish King: a drama in three acts, 1904; Red Hugh, or life and death of Hugh Roe O’Donnell, Lord of Tyrconaill. A drama in three acts, 1905; Is Ireland a dying nation?, 1906.

Tá moltaí, a bhí nua san am, á ndéanamh aige sa leabhar deiridh sin chun eacnamaíocht agus saol na hÉireann a fheabhsú. Agus in Teanga thíoramhuil na hÉireann déanann sé an achainí seo ar son nualitríochta: ‘Is é an ní atá ag teastail uainn, ní éigin nua sa Ghaeilge nua as a dtig linn ní éigin a fhoghlaim .... Is iad leabhair agus litríocht na nithe atá ag teastáil uainn más mian linn an Ghaeilge a shaoradh ó bhás’. Deir Máirín Ní Mhuiríosa freisin gur rud nua i measc Gaeilgeoirí ba ea a gcuid comhfhreagrais a bheith i nGaeilge agus gurbh é an Ruiséalach ba mhó a thugadh an dea-shampla. Fáth eile a raibh cáil air lena linn féin tá leide de le fáil sa chuntas a bhí in An Claidheamh Soluis i ndiaidh a bháis: ‘... perhaps his most valuable work was accomplished semi-unconsciously by the exertion of his personal influence amongst his friends, – an influence which was the first thing that led many now noted personalities of our movement to take an interest in ideas really Irish’.

Tá portráid phléisiúrtha de ag Séamus Fenton. ‘In the early days of the Gaelic League the tall, distinguished-looking man might be heard at every Dublin language meeting. In the Stad, Cathal MacGarvey’s [Cathal Mac Garbhaigh] pleasant tobacco shop in North Frederick Street, Dublin, he sat evening after evening talking to visitors in what he called simple Westmeath Irish. He pleaded that never would the difficult Irish of Keating, or O’Rahilly or of the MacGeoghegans be revived, but that it would be possible to restore a more simply phrased Irish language. These views were strongly countered. O’Neill Russell loved old Gaelic life in Westmeath, which he has so well depicted ... the joyousness of farm-work, especially during harvest, the laughter in the fields, the crowding of the neighbours at the ingathering of his father’s corn crop’. Bhíodh na Draoithe sa Stad freisin agus deirtear gur dhuine díobh, an tUrramach Séamus Ó Séaghdha (1870–1959), b’fhéidir, a scríobh na véarsaí i dtaobh an Pharrthais ina gcasfaí na sean-Ghaeil ar a chéile arís, ina bhfuil na línte úd: ‘Great O’Neill Russell will be there/ With his Franco-Yanko-Prussian air,/ Still speaking Irish wrong’.

D’éag sé i dteach cónaithe a mhic i Sráid Synge 15 Meitheamh 1908. Laura Ganner ainm a bhanchéile dar le DIB agus deirtear ann gurbh as Críoch Lochlann di agus gurbh i bhFraincis a labhradh siad lena chéile ‘Garrier’ atá againne agus sin é atá ag an Oxford DNB freisin. Bhí Pádraig Ó Duinnín cairdiúil leis agus scríobh sé in The Leader 27 Meitheamh 1908: ‘Ar leaba a bháis féin is é a bhí ag déanamh buartha dó ná an chuma ina scríobhtar an “Genitive plural” i nGaeilge .... Ach a nglaofadh sé cábóg ort míle uair ní fhéadfá drochaigne a bhailiú dhó. Is aige a bhí an croí geal fairsing. Fear gan mheang gan chealg ab ea é. Fear ar ghéire a chuid amhstraigh ná an mhiotóg greama a bhainfeadh sé as do lorgain. Fear réidh díreach macánta ab ea é’.

B’fhéidir a rá gurbh é faoi deara an Fheis Cheoil a chur ar bun. Bhí litir aige in Dublin Evening Telegraph 8 Nollaig 1894 agus is mar thoradh air sin a bunaíodh coiste 2 Feabhra 1895 a raibh Annie Patterson agus P.J. McCall mar chomhrúnaithe air.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú