As an Lorgain, Co. Ard Mhacha, do Annie Wilson Patterson. In The Macmillan encyclopedia of music and musicians (1938) deirtear gur ar 27 Deireadh Fómhair 1868 a rugadh ann í. 1867 a thugann eolaire eile. Ní raibh teacht ar a teastas breithe. Ach d’fhág sí a maoin le huacht ag a deirfiúr óg Eveline Maud agus tá an t-eolas seo sa teastas breithe aicisean: i nDeilginis, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh í ar 2 Feabhra 1882 agus ba iad Thomas Rankin Patterson, úinéir bácúis, agus Martha Macauley Wilson a tuismitheoirí. Bhí gaol i bhfad amach ag a máthair leis an Tiarna Macauley.

Ghnóthaigh Annie scoláireacht go Coláiste Alexandra, Baile Átha Cliath, mar ar fhoghlaim sí ceol ón Dr James Culwick. Chum sí píosa ceoil ar bhás Anne Jellicoe, an príomhoide, in 1880 – nuair a bhí sí 12 bliana d’aois, más fíor. In Acadamh Ríoga an Cheoil rinne sí staidéar faoi Robert Prescott Stewart, ollamh le ceol i gColáiste na Tríonóide. In 1887 fuair sí céimeanna sa cheol agus sna healaíona ó Ollscoil Ríoga na hÉireann agus D.Mus. in 1889. Ba í an chéad bhean in Éirinn í, b’fhéidir, a fuair dochtúireacht sa cheol ó ollscoil Éireannach.

Ó 1886 go 1897 bhí sí ag tuilleamh a beatha mar orgánaí in eaglaisí Bhaile Átha Cliath agus bhí sí ina stiúrthóir ag córchumann ó 1891 go 1893. Bhí sí ina scrúdaitheoir ceoil i gColáiste na Tríonóide ó 1892 go 1895. Chomh luath le 1895 bhí spéis á cur aici sa Ghaeilge. B’fhéidir gurbh í an chéad bhean aitheanta í a raibh baint aici le gluaiseacht na teanga. ‘The leading spirit of the Irish Musical Revival’ an cur síos a dhéanann Irisleabhar na Gaedhilge 1 Aibreán uirthi. Chuidigh sí leis an bpríomhrún i dtaobh athbheochan na teanga ag comhdháil a bhí ag an gConradh (‘Feis’) i gCorcaigh 17 Aibreán 1895. In uimhir 1 Meitheamh 1895 tuairiscítear: ‘Do dearmadadh ainm na mná uaisle aoibhne, Áine Patterson, banollamh ceoil, sa chuntas déanach ... Do labhair an banollamh ag an bhFeis agus dúirt go raibh sí cinnte nach raibh aon bhrí i dtaithí an cheoil Ghaelaigh gan an teanga Ghaelach bheith á cleachtadh leis, agus d’éimh gach aon-neach amach ag comhtheanntú an ní a dúirt sí. Dúirt sí leis go raibh sí ag foghlaim Gaeilge, agus go raibh súil aici go bhféadfadh sí labhairt as Gaeilge linn uair éigin’. Thug sí léacht sa Chlub Caitliceach i mBaile Átha Cliath 14 Feabhra 1896 agus thuairiscigh an Irisleabhar (Márta 1896): ‘Dr Patterson did not fail to point out the inseparable union between the music and language of Ireland’.

Is leis an bhFeis Cheoil is mó a luaitear a hainm. Chabhraigh sí go mór leis an gcéad cheann (18 Bealtaine 1897) a eagrú. Bhí sí féin agus an file P.J. McCall ina rúnaithe. Dúradh in Irisleabhar na Gaedhilge, Meitheamh 1897: ‘There can be no doubt but that it is was a great and significant national celebration. Although it was not as purely Irish as was originally intended, and as its originator, Dr Annie Patterson, projected, yet it was far more Irish than was at a later period expected’. Ba í príomhaidhm na Feise seo aird a dhíriú ar an gceol traidisiúnta ach i litir in Fáinne an Lae 16 Aibreán 1898 ghearán Tomás Ó Néill Ruiséal gur méadaíodh ar líon na gcoisteoirí toisc brú ó cheoltóirí ‘so that Dr Patterson consented to allow what is generally and in my view wrongly styled classical music to be part of the programme’. Cúpla bliain roimhe sin chuir Áine ceol le dán an Ruiséalaigh, ‘An Fhuiseog’. Bhí baint aici leis an bhFeis arís in 1898.

Bhí sí féin agus P.W. Joyce ina gcomhairleoirí ag an gcéad Oireachtas a thosaigh an lá roimh an chéad Fheis Cheoil. Ba í a chuir ceol le focail Dhiarmada Uí Fhoghludha, ‘Go mairidh ár nGaedhilg slán’, a bhuaigh an chéad duais sa chomórtas le haghaidh ‘amhráin ar chosaint na Gaeilge agus curfá a bheidh oiriúnach do thionóil Chonradh na Gaeilge’. ‘One of the prize songs has been set to music by our gifted composer, Dr Annie Patterson, and those who heard the air and chorus sung last night admired it to the full. It is like all that Dr Annie Patterson does, a finished work displaying marked ability, a fine appreciation of the character of the subject, and pleasing and first-rate choral writing’, a dúradh faoi in Irish Daily Independent. Bhí sí i gceannas chór speisialta an Oireachtais a chan an curfá. Bhí sí mar mholtóir ceoil ag Oireachtas 1898.

Ó 1897 go 1908 bhí cónaí uirthi i Londain agus in 1909 chuaigh sí chun cónaithe i gCorcaigh agus bhí ina horgánaí in Eaglais Naomh Áine (An Seandún). Ceapadh í mar chomharba ar Charl Hardebeck i bpost léachtóra ceoil Ghaelaigh i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, post a raibh teideal ollaimh ag gabháil leis ar dtús. Ba iad Bardas Chorcaí a d’íocadh costais an phoist.

Foilsíodh Six original Gaelic songs by Annie Wilson Patterson (1896) agus Traditional Irish airs selected from Ceol ár Sinsear, Ár gCeol féinig, Sídh-cheol, Songs of the Gael, cuid a haon in 1924 agus an dara cuid in 1925. Deirtear gur chum sí péire ceoldráma, trí chantáid, ceoldánta, amhráin, agus curfánna. Léiríodh a cantáid The game of chess ag Feis Cheoil 1898 agus ba é W. Houston Collisson a chum ceol na cantáide sin.

Scríobh sí na leabhair seo: Schumann (1899): The story of oratorio (1902); Chats with music lovers (1905): How to listen to an orchestra (1913); Music and how to prepare for it (1926). Tá cuntas uirthi in The diaries of Mary Hayden (2005). Luaitear ann na leabhair Beautiful song and the singer; Native music of Ireland; agus Schumann. Tá giota as The Woman’s Herald 20 Lúnasa 1892 i gcló ann: ‘Dr Annie Wilson Patterson is [distinguished by] being the only woman doctor of music with the exception of H.R.H. the Princess of Wales. She is an Irish lady and descended from an old Huguenot family. At a very early age she showed such decided talent for art that she was given an artistic education to fit her for the profession. Before she was fifteen she had studied Greek, Latin, French, Italian and Celtic, and having at sixteen decided to make music her own profession, she was sent to the Royal Irish Academy [of Music].’ Faoin ainm Niamh scríobh sí ailt in Journal of the Ivernian Society. Bhí trí leagan dá hainm aici i nGaeilge: Eíthne Nic Pheadair, Áine Nic Pheadair, agus Áine Nic Ghiolla Pheadair. D’éag sí ag 43 An Meal Theas, Corcaigh, ar 16 Eanáir 1934.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú