Bhí an file Proinsiasach seo i measc bhaill an oird a bhí in aghaidh an nuintis Rinuccini. Scríobh sé dán, ‘Deorchaoineadh na hÉireann’ (in eagar ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [I], 1967), a luaitear go minic i gcomhthéacs dánta in Five seventeenth-century political poems, 1977 in eagar ag Cecile O’Rahilly agus dánta le Pádraigín Haicéad; is cur síos é ar ainnise na hÉireann i ndiaidh chogaí 1641–52. Tá beagán eolais faoi Charthún in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 in eagar ag Mhág Craith. Chuaigh sé isteach san ord i 1625. Bhí sé i mBaile Átha Luain i1648 nuair a d’ionsaigh arm an Ghinearáil Preston an baile. Faoin am seo bhí sé go domhain i dtrioblóid i ngeall ar a bheith in aghaidh an nuintis. Gabhadh Proibhinseal na bProinsiasach agus tá cur síos in Aphorismical discovery, cuntas comhaimseartha atá i bhfad ó bheith fabhrach do dhearcadh Charthúin, ar an gcaoi a raibh baill apastátacha ar nós Charthúin á chrá: ‘... Fr. Patrick Plunkett and Fr. James Caron every day resorting towards him, not for any zeal or affection, either to himself or his cause but... as the Jews with our Saviour, those only were admitted to have access unto him (as being in the nature of a close prisoner) to vex and trouble him, to reduce or rather seduce him unto obedience of their then corrupt government.’ I 1650 ghéill Carthún d’uachtarán an Oird. I 1669 cheap an Pápa Clemens IX ina definator é agus ceapadh é freisin ina ghairdian ar mhainistir Bhaile Átha Luain. Deir Mhág Craith go raibh sé beo go fóill i 1675 agus leathchéad bliain caite aige san Ord.

Maidir le ‘Deorchaoineadh na hÉireann’ tá cuma air gur cheap sé é le linn dó a bheith i ngéibheann tuairim 1651. Deir Mhág Craith: ‘Ba nós san am, bráithre mar Shéamas Carthún a chur chuig domus disciplinae fad a bhí a gcúis faoi chaibidil .... Ach b’fhéidir go raibh sé i bpríosún uair éigin eile chomh maith.’ Chuir Rudolf Thurneysen eagar ar an dán in Revue Celtique XIV, 1893 maille le haistriúchán Béarla agus Laidine. Roghnaigh Tomás Ó Néill Ruiséal é le cur in Fíor-chláirseach na hÉireann, 1900. Pléann Michelle O Riordan an dán in The Gaelic mind and the collapse of the Gaelic world, 1990.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú