‘Bhí Liam Ruiséal ann [i gCathair Chorcaí] agus é chomh Gaelach le haon duine acu san; do bhain sé feidhm as an siopa leabhar a bhí aige chun leabhra Gaeilge a chur os comhair agus faoi bhráid an phobail. Bhí sé de bhua ag Liam Ruiséal go raibh an Ghaeilge agus an gáire agus an suairceas de ghnáth mar chuideachta san áit a mbíodh sé’ (Fé bhrat an Chonnartha, 1944 le Peadar Ó hAnnracháin). Ag 15 Sráid an Fhaoitigh i gCorcaigh a rugadh é ar 18 Samhain 1891. Oibrí coitianta a athair William, de réir an taifid breithe, agus ba í Mary Murray a mháthair. Faoi Dhaonáireamh 1901 is ag uimhir a 12 sa tsráid chéanna a bhí cónaí orthu. 39 bliana d’aois a bhí ag an athair ag an am sin agus dúradh gurbh i gcathair Chorcaí a rugadh é. 38 bliana d’aois a bhí ag a bhean agus ní raibh aon duine eile sa teaghlach seachas Willie óg. Níor luadh an Ghaeilge. Trí theaghlach a bhí sa teach agus faoi 1911 bhí muintir Ruiséil imithe as. In Cork Examiner 27 Deireadh Fómhair 1978 deirtear gurbh as Droichead na Bandan don athair agus gurbh as an Linn Dubh don mháthair.

Bhí Liam ar scoil ag Bráithre na Toirbhirte sa Mhainistir Theas go raibh sé 15 bliana d’aois nuair a fuair sé post i siopa nua leabhar a bhí oscailte ag Cornelius O’Keeffe ag 70 Old George’s Street (nó Sráid Oilibhéir Pluincéad anois). I mbliain sin 1907 thosaigh sé ag freastal ar Scoil Tráchtála Chorcaí mar a raibh Traolach Mac Suibhne mar mhúinteoir aige. Bhí eolas maith ar an nGaeilge aige cheana féin agus chláraigh sé an bhliain chéanna sin mar bhall de Chraobh Fhionnbharra de Chonradh na Gaeilge. Théadh sé go Béal Átha an Ghaorthaidh sa samhradh in éineacht le baill na craoibhe. Bhí Domhnall Ó Corcora ar dhuine dá mhúinteoirí nuair a bhí sé i mbun an dara céim de scrúduithe Chompántas Dhonnchadh Pléimionn. Toghadh é ina chisteoir agus ina rúnaí sa chlub iomána ‘Old Dalcassians’.

Bhí a shiopa leabhar féin aige, An Siopa Gaelach nó The Fountain Bookshop, sa Grand Parade ó Mhárta 1916 go 1927. ‘A focus of nationalist and cultural interests’ a tugadh ar an siopa sin san aiste ‘70 Years a bookseller’ in Cork Examiner 31 Márta 1977. I 1927 ceapadh é ina bhainisteoir ar shiopa de Brún agus Uí Nualláin i Sráid Cook. Faoi Fheabhra 1929 bhí siopa dá chuid féin aige arís. Toghadh é ina uachtarán ar chumann díoltóirí leabhar na hÉireann i 1957.

Ball de Bhráithreachas na Poblachta ba ea é agus chuaigh sé isteach sna hÓglaigh i gCorcaigh a luaithe a bunaíodh iad i Halla na Cathrach 14 Nollaig 1913 agus chabhraigh le baill a earcú. Ba dhuine é den scata Óglach a chuaigh go Feis Sráid an Mhuilinn i Lúnasa 1915 chun Pádraig Mac Piarais a thionlacan go Corcaigh. Bhí sé ar an dream a bhailigh le chéile um Cháisc 1916 chun éirí amach a chur ar siúl. D’éirigh sé as Bráithreachas na Poblachta nuair a tionscnaíodh an Chéad Dáil. Toghadh é ina bhall de Bhardas Chorcaí i 1920 agus ba é a thacaigh le hatoghadh Dhomhnaill Óig Uí Cheallacháin mar Ardmhéara 31 Eanáir 1921. D’éirigh sé as bardas Chorcaí um Meitheamh 1924 tamall tar éis don Rialtas é a scor. Ní raibh baint aige leis an bpolaitíocht ina dhiaidh sin. Bhí sé ar bhunaitheoirí chéad chraobh na bhfear de Léigiún Mhuire i gCorcaigh i 1934 agus bhí gníomhach san eagraíocht sin. Phós sé Bríd Dixon, a pháirtí sa tsiopa leabhar, Domhnach Cásca 1919. Bhí mac agus ceathrar iníonacha acu. Tharla Liam de Róiste a bheith tinn nuair a bhí plaic le hómós d’fhir 1916 á nochtadh i gCorcaigh Domhnach Cásca 1959, is air a thit sé óráid an Róistigh a léamh. D’éag sé 26 Deireadh Fómhair 1978. Scríobh sé a dhírbheathaisnéis Liam Russell remembers, 1978.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú