Tá cuntas ar an scoláire seo ag Aoibheann Nic Dhonnchadha in An Linn Bhuí: Iris Ghaeltacht na nDéise 2, 1998 (‘Risteard Breasalach Breatnach 1914-1992’). I Sliabh Rua i ndeisceart Chontae Chill Chainnigh a rugadh é 18 Deireadh Fómhair 1914. Feirmeoir a athair Michéal ar bhaintreach fir le hiníon amháin é nuair a phós sé Eilís Ní Bhreasail, Déiseach. Deir Nic Dhonnchadha ‘gur dá sloinne an Breasalach a thaithigh sé ina chomhainm’. Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu agus ba é Risteard an dara duine clainne. Bhí sé ar scoil i Sliabh Rua sula ndeachaigh sé go bunscoil Chnoc Síon i gcathair Phort Láirge. D’fhreastail sé ar an meánscoil ansin, mar a raibh Seán Ó Súilleabháin mar mhúinteoir aige. Bhí sé ar an bhfoireann iomána a bhuaigh Corn Uí Artaigh. D’fhreastail sé ar rang oíche Labhráis Uí Chadhla i Sliabh Rua; uaireanta is i dteach na mBreatnach a bhí sin ar siúl agus bhí de thoradh air go bhfuair sé scoláireacht chun cúrsa samhraidh i gColáiste na Rinne. Ba mhinic sa Rinn é ina dhiaidh sin. Thug scoláireacht é go dtí an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. ‘Deir Tomás, a dheartháir, ná raibh ach feirm ná raibh rómhór ag a mhuintir, ach gur bean tíosach ab ea a mháthair—bean dearthúil a bhfuil cuimhne fós ar a flaithiúlacht leis na boicht—agus go raibh gamhain beathuithe i gcóir don mhargadh aici nuair a bhí na costaisí beaga breise a bhain le fear óg a chuir chun na hiolscoile ag glaoch orthu’ (Nic Dhonnchadha).

In 1936 bhain sé céim B.A. amach le céad onóracha i nGaeilge, sa Bhéarla agus sa Laidin, agus M.A. le céad onóracha in 1938, tar éis dó a bheith ag déanamh staidéir faoi Chormac Ó Cadhlaigh. Fuair sé sparántacht chun cúrsaí foghraíochta a dhéanamh ó Nollaig 1938 go Meitheamh 1939 in Ollscoil Londan faoin Ollamh Daniel Jones. In Ollscoil Grenoble rinne sé staidéar faoin Ollamh Jean Paul Vinay i samhradh 1939, an bhliain ar thosaigh sé ar The Irish of Ring, Co. Waterford: a phonetic study (1947). Ba é an chéad scoláire é ar glacadh leis i Scoil an Léinn Cheiltigh in 1941. Lean sé air ansin leis an obair a bhí á déanamh aige ar Ghaeilge na Rinne. In 1942 chaith sé sé sheachtain sa Rinn. Chaitheadh sé trí uair an chloig gach tráthnóna agus an méid chéanna ama gach oíche ag bailiú eolais ó Phádraig Ó Cuidithe sa Linn Bhuí. Gabhann sé buíochas sa leabhar le Pádraig, le Micheál Turraoin (‘Maidhc Dháith) agus le Micheál Ó Cionnfhaolaidh.

Ceapadh ina chúntóir páirtaimseartha i Scoil an Léinn Cheiltigh é in 1942 agus ina léachtóir le Gaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, an bhliain chéanna. Bhí sé ina Sheach-Oibrí Taighde i Scoil an Léinn Cheiltigh 1943-46 agus arís 1952-65. Bronnadh dochtúireacht air in 1952 agus ceapadh ina bhall de Acadamh Ríoga na hÉireann é in 1957.

I léirmheas ar an dara heagrán de Sean-Chaint na nDéise, le Micheál Ó Síocháin deir sé: ‘Its publication may well lead us to hope that another and an even more important book, representing the greater part of Dr. Sheehan’s collections, which still lies hidden in his notebooks, may not be far behind’ (Éigse 4, geimhreadh 1944). É féin a rinne an obair sin lena mhórshaothar Seana-chaint na nDéise II: Studies in the vocabulary and idiom of Déise Irish based mainly on material collected by Archbishop Michael Sheehan 1870-1945 (1961). Deir sé sa réamhrá: ‘This volume, whatever its faults, may help to show something of the richness of the Irish spoken in the Déise country half a century ago, and of the rich service which the late Dr. Sheehan did for Irish learning and culture in collecting and preserving so much of it. From numerous footnotes the reader may be able to form some idea of what has been lost in fifty years.’ Ba é Nioclás Barún, nia leis an Ardeaspag Micheál Ó Síocháin, a bhronn na nótaí ar Choláiste na Rinne. Deir Nic Dhonnchadha: ‘Níor bheag mar ghaisce a dhein Risteard á dtabhairt os comhair an phobail. Léirigh sé ina theannta san fás agus athruithe a bhí tar éis a theacht ar an teanga san eatramh dathad blian idir an tréimhse 1908-22 nuair a thóg an tEaspag síos an t-eolas, agus 1961 nuair a dhein sé fhéin eagarthóireacht air.’

In 1967 ceapadh é ina léachtóir le foghraíocht i Roinn na Teangeolaíochta. Chaith sé tamaill ag léachtóireacht in Strasbourg, in Cóbanhávan, i dTalamh an Éisc agus i gCeanada. Bhí sé ina ollamh cuarta in Ollscoil Memorial i dTalamh an Éisc. Tá léirmheasanna agus aistí leis i gcló in Celtica, Éigse, Studies .... I gcomhar le Seán Ó Súilleabháin, a sheanmhúinteoir, chuir sé ‘Focail ó pharóiste Thuaith Ó Siosta’ ar fáil in Éigse 4, Cuid 1,1943. D’éirigh sé as obair in 1983. D’éag sé 26 Deireadh Fómhair 1992 agus tá sé curtha i Sliabh Rua. Phós sé Micheline Kerney, iníon le Leopold Kerney, ambasadóir na hÉireann sa Spáinn, agus Raymonde Élie, agus bhí seisear clann acu. Scoláire aitheanta ba ea Micheline; d’éag sí 8 Bealtaine 1997 agus tá cuntas uirthi ag an Athair Réamonn Ó Muirí in Seanchas Ard Mhacha 17, 1998. Bhí siad scartha ó chéile.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú