BREATNACH, Risteard (1911–2001)
Le caoinchead ó Phádraig Breatnach

Deir Seán Ó Coileáin (Éigse XXXIII, 2002): ‘Risteard Breatnach’s particular contribution to scholarship in Irish derives from three separate but interrelated sources: a knowledge of the history of the Irish language that rivalled that of Bergin, O’Rahilly, Murphy and Greene, and that is scarcely approached by any present-day scholar; a familiarity with the modern dialects, extending to Scottish Gaelic and Manx, such as few others have possessed (one thinks of O’Rahilly and Wagner); an intellectual rigour and a keen linguistic sense informed by the best international theory and practice.’ Tá cuntas air in Irish Times 19 Bealtaine 2001 agus deirtear ann: ‘The former Professor of Irish Language and Literature at University College Cork built up a very important school of Irish at UCC, and many of his students went on to occupy university chairs of Irish and Celtic Studies elsewhere in Ireland and in the US.’ Bronnadh féilscríbhinn air, Folia Gadelica: aistí ó iardhaltaí leis a bronnadh ar R.A. Breatnach (1983), agus sa réamhfhocal deir Tadhg Ó Ciardha, Uachtarán Choláiste Ollscoile Chorcaí: ‘Agus ní miste a rá nach náir dó iad mar dhaltaí. Trí dhuine déag go bhfuil aistí sa chnuasach seo acu, agus post ar leibhéal ollscoile ag gach duine díobh; a thuilleadh díobh atá ag saothrú an léinn Ghaelaigh sna hollscoileanna ná raibh caoi ná aga acu ar bheith sa chomhluadar.’

Sa Bhuiríos Bheag, gar d'Áth na nUrlainn, Co. Chill Chainnigh, a rugadh é 21 Deireadh Fómhair 1911. Ba iad a thuismitheoirí Gerald Walsh, cléireach, agus Ellen Mary Joyce. Ba é an chéad leanbh acu é. Is mar seo a bhí an lánúin i nDaonáireamh 1911: Gerald Walsh (27 bliain d’aois), cléireach ag Bord na Bardachta, a rugadh i gContae Thiobraid Árann, agus a bhean Eily (22) a rugadh i gContae Chill Chainnigh; bhí siad pósta le bliain anuas. D’aistrigh an teaghlach go Dún Laoghaire agus bhí Risteard ar scoil ag na Bráithre Críostaí ansiúd. Cháiligh sé mar bhunmhúinteoir in gColáiste Phádraig, Droim Conrach, ar dtús agus in 1939 fuair céim MA le céad-onóracha sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar a raibh Bergin agus Gearóid Ó Murchadha i measc a mhúinteoirí; Gaeilge Chill Chainnigh is ábhar dá mhórthráchtas MA agus do shaothair eile mar ‘Dréachtaí Filíochta a cumadh do sna Grásaigh i gContae Chill Choinnigh’ (1938) agus ‘Iarsmaí de Ghaelig Chontae Chill Choinnigh’ (Éigse, 1992). Ba mhinic a thugadh sé cuairt ar an Rinn agus ar cheantair máguaird ar dhóigh seanchainteoirí Gaeilge a bheith iontu; chuirfeadh sé ardspéis ar ball i nGaeilge Dhún na nGall agus bheadh bá ar leith aige le Gaeilge Chorca Dhuibhne. ‘Chaitheadh an tOllamh Breatnach agus a líon tí tréimhsí saoire i nDún Chaoin agus bhí spéis nach beag aige i muintir an Bhlascaoid agus is minic a thugadh sé cuairt orthu i rith na mblianta deireanacha a raibh daoine ina gcónaí ar an oileán sin’ (Micheál de Mórdha in Foinse 13 Bealtaine 2001). In Ar muir is ar tír (1991) tá ábhar a thaifead sé ó Mhuiris Ó Catháin, Blascaodach, agus is é an meas a thug an Coileánach air ‘one of a very few trustworthy representations of West Kerry Irish published in literary form’.

Chabhraigh sé le Gearóid Ó Murchadha chun eagar a chur ar Scéal mo bheatha (1940) le Dónall Bán Ó Céileachair. In 1943 ceapadh é ina eagarthóir stiúrtha ar théacsleabhair Ghaeilge i gcomhlacht foilsitheoireachta Brún agus Ó Nualláin. Deir Tomás Ó Concheanainn in Éigse 25, 1991, agus é ag tagairt do Dhonncha Ó Cróinín: ‘Idir é féin agus an tOllamh R.A. Breatnach, Eagarthóir Comhairlitheach na sraithe, cuireadh ar fáil na téacsleabhair filíochta Gaeilge ab údarásaí agus ba mhó cruinneas dár foilsíodh den chineál sin. Thugtaí aghaidh sna heagráin sin ar roinnt deacrachtaí téacsa is staire, ach ní i gcónaí a bhíodh fáilte ag an lucht teagaisc roimh fhadhbanna léinn a chur ina láthair. Pé scéal é, tá tairbhe scoláireachta sna heagráin sin fós.’ Ba é a chuir ar fáil timpeall an ama sin Scéal Shéadhna: gearr-innsint i gcomhair scoláirí óga ar an scéal. In 1945 tugadh post cúntóra dó i Roinn na Moch- agus na Meán-Ghaeilge sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus ceapadh é an bhliain dár gcionn ina Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge i gColáiste Ollscoile Chorcaí, post a bhí aige go 1981. Toghadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann in 1951. Bhí a chéad aiste léannta i gcló in Éigse, geimhreadh 1939, ‘Carraig Seac’, arb é atá ann cúlra stairiúil amhrán sin na ndeachúna, téacs an amhráin, leaganacha de véarsa a scríobh sé síos go foghrúil ó Shéamus Breatnach i Sliabh Rua in 1938 agus ó Mhaitiú Ó Broin in aice le Caisleán an Chomair, a aistriúchán Béarla den amhrán, agus nótaí ar an gcanúint agus ar logainmneacha. Deir sé: ‘I have to thank a friend for transcribing the music of my imperfect imitation of Mr Byrne’s singing of the verse.’

As sin go 1993, nuair a foilsíodh alt leis ar an Manannais, ba mhinic idir ailt agus nótaí aige in Éigse ar chúrsaí sanasaíochta, ar an ngramadach agus ar chanúintí na Gaeilge, Ghaeilge na hAlban, etc. Ailt shubstaintiúla eile aige is ea: ‘The end of a tradition: a survey of 18th century Gaelic literature’ in Studia Hibernica 1961 agus ‘Two eighteenth-century Irish scholars’ in Studia Hibernica 1965; in Studies tá ‘The Lady and the King: a theme of Irish literature’ in 1953, ‘Revival or survival? An examination of the Irish language policy of the state’ in 1957, ‘The Irish revival considered’ in 1964. Bhí na haistí sin i dtaobh na hathbheochana conspóideach ag am a bhfoilsithe agus ina theannta sin bhí siad éadóchasach i dtaobh na Gaeltachta; in alt 1964 cháin sé Tuarascáil an Choimisiúin um Athbheochan na Gaeilge. Chraoladh sé léachtaí Dáibhíseacha: ‘The Book of Uí Maine’ (i gcló in Great Books of Ireland, 1967); ‘Tóraigheacht Dhiarmada agus Ghráinne’ (in Irish Sagas, 1959 in eagar ag Myles Dillon). Tá ábhar aige freisin in Feasta, Celtica, Lochlann, Ériu. Bhí sáreolas aige ar an dán díreach. ‘The abiding memory of many of his students will be of his mesmerizing declamation of selections from Knott’s Irish syllabic poetry, as he adapted his perfect enunciation of the modern language to the phonetic requirements of the poems’ (Ó Coileáin). Chumadh sé féin véarsaí ócáidiúla de réir rialacha an dáin dírigh agus an amhráin. In The College Courier, earrach 2002, deir an scoláire Seán Ua Súilleabháin: ‘Despite demanding high standards in matters academic, he had a good sense of humour and on occasion composed Irish verse. On being presented by Seán Ó Ríordáin (Ríoghbhardáin) with a copy of a record of the poet reading some of his compositions Professor Breatnach responded with the following stanza: ‘As an récord don Ríobhard is buíoch atáim / Is gur fíorbhreá (is óm chroí ráim) an síneadh láimhe / Ach ó shín Seán uaidh faí a bhrád chun daoi re dán / Is díobháil sin, ní f’láir, d’ealaín na mbard.’

Bhí suim ar leith aige i gcúrsaí ollscolaíochta agus bhí sé ina bhall de bhord stiúrtha Choláiste Ollscoile Chorcaí idir 1954 agus 1971 agus de Sheanad Ollscoil na hÉireann idir 1964 agus 1977. Bhí sé pósta ar Úna Ní Cheallacháin ó Mhainistir Fhear Maí (d’éag 1997) agus bhí triúr mac acu, ar duine díobh an tOllamh Pádraig A. Breatnach, agus beirt iníonacha. Bhí cónaí orthu i mBaile an Easpaig, Corcaigh. D’éag sé i dteach a mhic in Solihull, Sasana, 28 Aibreán 2001 agus cuireadh é i reilig Naomh Oiliféar, Carraig Ruacháin, Corcaigh, 11 Bealtaine.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú