Sa réamhrá a chuir Bo Almquist leis an tríú heagrán de Leabhar Sheáin Í Chonaill i 1976 dúirt sé: ‘Mura mbeadh Seán, b’fhéidir ná cuirfí ar a shúile riamh do Shéamus Ó Duilearga ... gurbh fhiú do dhuine a shaol a chaitheamh ar son bhéaloideas na hÉireann. B’fhéidir, mar sin, mura mbeadh Seán, ná beadh againn inniu ach iarsmaí scaipthe den bhéaloideas seo againne, agus iad sin féin curtha as a riocht, in ionad ceann de na cartlanna is mó tábhacht ar domhan’. Sa tréimhse 1923 go 1931 thug Séamus Ó Duilearga dhá chuairt déag ar Sheán Ó Conaill i gCill Rialaigh i bparóiste an Phriaire timpeall 14 mhíle ó Chathair Saidhbhín. Fionán Mac Coluim a mhol dó dul chuige an chéad lá mar gheall ar a fheabhas mar scéalaí agus mar Ghaeilgeoir agus is uaidh agus ó sheandaoine eile an cheantair a d’fhoghlaim an Duileargach Gaeilge Uíbh Ráthach.

Ar 21 Eanáir 1853, dar leis an Duileargach, a rugadh Seán Ó Conaill i gCill Rialaigh. Bhí triúr deartháireacha agus deirfiúr amháin aige. Dónall ab ainm dá n-athair agus ‘Séafraigh’ an t-ainm a bhí ar an gcraobh de mhuintir Uí Chonaill ler bhain siad. Sa chuntas a thug Seán air féin ní luann sé ainm ná sloinne a mháthar.

Níor chaith sé aon lá ar scoil agus ní raibh focal Béarla aige: ‘... nuair a théinn go dtí aonach Chathair Saidhbhín, ní fhéadfainn mo bhó ná mo chapall a dhíol gan cúnamh a fháil ó fhear an Bhéarla...’. I nDaonáireamh 1911 tugtar le fios go raibh an dá theanga ag a bhean (a bhí 51 bliana d’aois) agus ag an bheirt mhac a bhí ina gcónaí in éineacht leo. Pádraig (28) agus James (12). Deirtear ann gur rugadh deichniúr don lánúin ach nach raibh beo díobh ach seisear.

Thosaigh sé ag foghlaim scéalta go hóg: ‘Bhínnse i gcónaí ag faire ar gach éinne go mbeadh an scéal aige; agus nuair a thagadh lucht siúil, nuair a stadadh duine acu ar an mbaile, do théimís ag triall orthu sa tigh go mbídís, ag éisteacht leo a rá scéalta agus ag iarraidh iad a phriocadh uathu. Ní raibh aon scéal a chloisinn ná beadh agam don iarracht san’. Ní raibh léamh na Gaeilge aige agus is beag má bhí fáil ar aon leabhar Gaeilge sa cheantar nuair a bhí sé ag éirí suas. Ach chuala sé ‘Tóraíocht Dhiarmuid agus Ghráinne’, suas go dtí pointe áirithe sa scéal, á léamh amach faoi dhó as eagrán Standish Hayes O’Grady agus d’fhan caint an leabhair ina mheabhair seasca bliain ina dhiaidh sin. Dúirt an Duileargach: ‘Bhí a fhios agam go mb’fhéidir ná creidfí mé dá ndéarfainn gur casadh a leithéid de dhuine agus de mheabhair chinn orm, agus ar an ábhar san do scríobhas síos an méid a chuala Seán den scéal, agus tá an scríbhinn i gcónaí mar fhinné agus mar theist agam’. Rud eile a bhí de mheabhair aige sliocht as an aistriúchán a rinne an tArdeaspag Mac hÉil ar an Iliad—chuala sé á léamh amach é as Easy Lessons or Self-Instruction in Irish le Uileog de Burca. Léití amhráin as seanleabhair ina láthair agus ar ball d’fhaigheadh a chlann An Lóchrann agus An Claidheamh Soluis agus is ar an gcuma sin a bhí cuid d’fhilíocht an 18ú haois de ghlanmheabhair aige.

Phós sé Cáit Ní Chorráin ó pharóiste an Dromad in 1882 agus bhí seisear mac agus ceathrar iníonacha acu. I ndeireadh báire bhí feirm 21 acra aige ach riasc agus sliabh ba ea 13 acra díobh. Riamh ina shaol níor thaistil sé níos faide ó bhaile ná Cill Orglan.

Thosaigh cuid dá chlann—luann an Duileargach Seán agus Nóra go háirithe—ag cur ábhair chuig An Lóchrann agus thosaigh daoine mar Fhionán Mac Colaim, Peadar Ó hAnnracháin, agus Pádraig Ó Siochfhradha ag dul ar cuairt chuige. Ach faoin am ar casadh Ó Duilearga ina threo ní raibh aon duine sa chomarsanacht ag lorg scéil air agus tharraing sé chuige seift chun na scéalta a choimeád ina chuimhne. ‘Ba bhéas leis na scéalta a aithris dó féin nuair a cheapadh sé ná raibh éinne in aon chóngar chun éisteachta leis. Le linn dó bheith ar an uaigneas sa chnoc ag fosaíocht na mbó, nó ag teacht abhaile go Cill Rialaigh ón mbaile mór, agus é ag siúl go mall i ndiaidh na trucaileach, nó amuigh sa gharraí ag obair leis féin, bhíodh an chaint, an cliotar agus an tóir mharaitheach aige, agus an scéal aige á insint dó féin ... agus nuair a bhogadh sé amach san insint, scaradh sé amach a lámha óna chéile ag deimhniú an scéil don lucht éisteachta a bhí ar iarraidh’. Bhí ag dul de na comharsana na slite aisteacha seo a thuiscint.

D’éag Seán 21 Bealtaine 1931. Chum Tadhg Ó Murchadha (1896–1961) marbhna air. D’éag a bhean 26 Nollaig 1935. Tá siad curtha i Mainistir Mhichíl i mBaile an Sceilg. Thóg lucht stiúrtha an Choláiste Gaeilge san áit leacht os cionn na huaighe. Bhí Seán mar sheanchaí acu i bhfíordheireadh a shaoil. Tháinig an chéad eagrán de bhailiúchán Uí Dhuilearga amach i 1949. Foilsíodh leagan Béarla le Máire MacNeill faoin teideal Seán Ó Conaill’s book: stories and traditions from Iveragh, 1981.

Tá tuairisc bhás a mhic Seán in An Claidheamh Soluis 24 Samhain 1917. Liam Ó Rinn a scríobh. Bhí Seán ina chléireach in oifig Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Ar na daoine ar mhúin sé Gaeilge dóibh bhí Tomás Ó Rathile agus Stiofán Mac Énna. Tá sé luaite ag Seosamh Laoide mar dhuine den chúigear Ciarraíoch a thug cúnamh dó agus é i mbun Tonn Tóime, 1915 a scríobh.

Bunaíodh fundúireacht i 1990 a raibh d’aidhm aici na tithe i gCill Rialaigh a athchóiriú agus lárionad ealaíon a bhunú ann.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú