Ba é breithiúnas Thomáis de Bhaldraithe air go raibh sé ar cheann de na daoine ab iltaobhaí, ba neamhchoitianta agus ab aite den scata daoine meabhracha díograiseacha a tháinig in éifeacht sna cúig bliana fichead a lean bunú Chonradh na Gaeilge (Irish Times, 19 Eanáir 1972).

I Learpholl a rugadh é ar 15 Eanáir 1872. Stephen Joseph McKenna, iarchaptaen airm, a bhí sna Kinnegad Slashers ar dtús agus a bhí ag troid ar thaobh Gharibaldi ina dhiaidh sin, a athair. Elizabeth Mary Deane a mháthair. Bhí seachtar deartháireacha agus beirt deirfiúracha aige. Fuair an t-athair bás in 1883 agus cuireadh Stiofán agus deartháir leis chun cónaithe lena n-aintíní i Ramsgate. Chaith sé tamall i gColáiste Ratcliffe, scoil chónaitheach de chuid na Rosmíneach i Leicestershire. Le linn dó bheith ann d’aistrigh sé an Imitatio Christi go Béarla. Foilsíodh é in 1896. Ach theip air sa Bhéarla i scrúdú idirmheánach Ollscoil Londan.

Chaith sé tamall gairid in ord crábhaidh agus cúig bliana ina chléireach i mBanc Mumhan agus Laighean i mBaile Átha Cliath sular thosaigh sé ag obair do pháipéar nuachta i Londain. Bhí sé ina bhall ansiúd den Irish Literary Society agus de Young Ireland. Is ag an am sin a chuir sé aithne ar R. I. Best. Bhí sé tamall de bhlianta ansin i bPáras ina chomhfhreagróir ag páipéar Caitliceach de chuid Sasana. Bhí sé cairdiúil i rith na tréimhse sin le Best agus J. M. Synge. Bhí sé féin agus Synge beo bocht. Deirtear gur mhair Synge beo ar iasachtaí ó Stiofán agus go raibh Stiofán beo ar na haisíocaíochtaí.

In 1897 bhí sé sa Ghréig le buíon idirnáisiúnta chun troid in aghaidh na dTurcach. Ar a shlí abhaile shiúil sé ó Mharseilles go Páras. Chuaigh sé i mbun na hiriseoireachta arís agus bhí ag obair seal do James Gordon Bennett agus ansin do Phulitzer. Go luath sa chéad chuaigh sé in éineacht le Micheál Daibhéad ar cuairt chuig Tolstoi sa Rúis. Thagair sé go searbhasach don “stagey shrine” i Yasnia Polyana. Tuairim an ama seo cheangail sé le Bráithreachas na Poblachta.

I 1903 phós sé Maria Bray, Meiriceánach de shliocht Éireannach. An páipéar a raibh sé ag scríobh dó ag an am, an New York World, shíl sé claonadh chun scanaill is gáirsiúlachta a bheith ann agus i 1907 tháinig sé go hÉirinn.

Chinn sé ar an nGaeilge a fhoghlaim. D’fhreastail sé ar Choláiste Laighean agus bhíodh Seán Ó Conaill, Ciarraíoch a bhí ag obair in oifig An Claidheamh Soluis, ag tabhairt ceachtanna príobháideacha dó. Bhíodh sé ag foghlaim ó Sheán a’ Chóta freisin.

I 1908 fuair sé post mar scríbhneoir eagarfhocal don Freeman’s Journal. B’éigean dó dul go Sasana i 1913 nuair a tháinig tinneas néarógach air ach d’fhill sé i 1915 agus fuair obair eagarthóireachta in An Claidheamh Soluis agus thosaigh ag scríobh arís don Freeman. Um Cháisc 1916 thairg sé cabhrú leis na hÓglaigh in Ard-Oifig an Phoist ach síleadh é a bheith ró-dhrochshláinteach. Tá a chuimhní ar lucht an Éirí Amach in Memories of the dead (1917) a scríobh sé faoin ainm cleite “Martin Daly”. Tuairim an ama seo bhí sé ag nochtadh tuairimí láidre i dtaobh fhorbairt na teanga: mhol sé go ndéanfaí athchóiriú ar an litriú agus gurbh é an cló rómhánach a úsáidfí. In Iúil 1916 foilsíodh a aistriúchán cáiliúil ar “Mac an Cheannaí” in An Claidheamh Soluis

Bhí sé go mór in aghaidh an Chonartha Angla-Éireannaigh agus bhí gnéithe den Éirinn nua nár thaitin leis. Thug sé a chúl le “Healyopolis” agus chuir faoi i Sasana. D’fhógair sé go raibh an Caitliceachas tréigthe aige. Fuair a bhean bás i 1923.

Ach riamh níor chaill sé an spéis a bhí aige sa teanga. Thug sé “Maupassant na hÉireann” ar Phádraic Ó Conaire. B’fhuath leis na Muimhnigh: “Munster keeps to the aonach and to cró na muc”. Ba bhreá leis dá bhféadfadh sé rud fiúntach a scríobh i nGaeilge. “I read my Irish, five to ten pages, nearly all but every day. God knows why I don’t let the Irish die in me but I don’t and can’t. I have always, for one thing, the idea that would make Bergin snort, of one day suddenly and gan fhios dom féin blossoming into an Irish essayist” (litir chuig Éamon Cuirtéis i 1926).

Idir 1917 agus 1930 foilsíodh a aistriúchán ar Phlotinus. Cúig imleabhar atá ann, iad tiomnaithe aige “Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann”. Sir Ernest Debenham a rinne pátrúnacht air san obair seo.

Bhí beirt bheathaisnéisí aige: Liam Ó Rinn a bhí ina dheisceabal agus ina Bhoswell aige ó 1917 amach agus a rinne cur síos ar Stiofán na Gaeilge in Mo Chara Stiofán (1939) agus E.R. Dodds a thug amach The journal and letters of Stephen McKenna. An té a léann an dá leabhar beidh léargas aige ar an Stiofán iomlán, an t-eachtrannaí, an scoláire nach bhfuair ardoiliúint riamh, an cainteoir iontach. “Ba shamhail le seanfhíon ag spréacharnaigh é nuair a bhíodh fonn cainte air”, a deir Ó Rinn.

I gclár raidió Phroinsiais Uí Chonluain “The Real Stephen McKenna” (a craoladh ar 13 Lúnasa 1972) dúirt Austin Clarke faoi: “As a journalist he had caught the eye of Pulitzer, the American newspaper king, and had been appointed continental correspondent with a staff of assistants and a princely salary. He had cast the post aside with a magnificent gesture and returned to Dublin to throw all his energy into the revival of the Gaelic language ...” Ba é Stiofán a d’fhoilsigh in New Ireland an chéad dán dá raibh i gcló ag Clarke.

D’éag Stiofán Mac Enna ar 8 Márta 1934.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú