Aon duine a bhfuil spéis aige i gcanúintí na Gaeilge chuala sé iomrá ar na scórtha taifead a rinne Doegan de Ghaeilge scéalaithe, seanchaithe agus amhránaithe in Éirinn idir 1928 agus 1931. Tá cuntas air ag Pádraigín Ní Uallacháin in A hidden Ulster: People, songs and traditions of Oriel, 2003 agus deir sí gurbh é an Dr Roger Blaney a thug an t-eolas di. Chuir Sabine Heinz, scoláire in Ollscoil Adam Mickiewitz, Posnam sa Pholainn, go mór leis an eolas sin i gcóir an chuntais seo. I mBeirlín a rugadh é 17 Márta 1877 (dar le cuntas ar an idirlíon). Aisteach go leor, is sa bhliain sin a rinne Edison an fónagraf a fhionnadh. Sular chuir sé spéis sa nua-theangeolaíocht bhí staidéar á dhéanamh aige ar an eacnamaíocht náisiúnta agus ar an dlí trádála. In 1898 tháinig sé faoi anáil Henry Sweet (1845-1912), focleolaí, le linn dó téarma a chaitheamh in Oxford. Bhí beartaithe aige Béarla, Fraincis agus Gearmáinis a mhúineadh i scoileanna na Gearmáine; cháiligh sé i 1904 de bharr páipéar a scríobh i dtaobh na foghraíochta mar chúnamh chun Béarla a mhúineadh do thosaitheoirí. Mar mhúinteoir ceannródaíoch chuir sé chun tosaigh go mbeadh litriú foghraíochta sna priméir teanga. Agus ba é ba thúisce a d’aithin go mbeadh an ceirnín (Schellackplatte) ina mheán teagaisc den scoth. Ó 1909 ar aghaidh bhí comhlacht (Berliner Odeon-Schallplattenwerken) ag cur amach sraith de cheirníní faoina threoir. Ag Taispeántas Domhanda 1910 sa Bhruiséal ghnóthaigh a chuid éachtaí duais speisialta dó. Rinne sé taifid de chaint an Kaiser Wilhelm agus an Uachtarán Hindenburg agus taifid eile den chineál sin.

Ba é faoi deara gur bhunaigh Aireacht an Chultúir (Kultusministerium) an ‘Königlich Preußische Phonographische Kommission’. Is dóibh a rinne sé taifid de chaint agus d’amhráin na bpríosúnach cogaidh i 125 de champaí géibhinn sa Ghearmáin. Bhí Éireannaigh i measc na bpríosúnach sin. ‘The result of his work comprised recordings in 250 different languages on 3,000 records’ (Ní Uallacháin). B’fhéidir go raibh propaganda cogaidh na Gearmáine i gceist go pointe áirithe sa tionscnamh sin. I ndiaidh an chogaidh aistríodh na taifid sin go dtí Leabharlann Stáit na Prúise agus is i gcúram Doegan a bhí siad ansiúd. Rinneadh a thuilleadh taifead idir cheol agus chanúintí le cur leo. I 1930 cuireadh ar fionraí é toisc nár baineadh úsáid chóir as an mbuiséad. Ligeadh dó leanúint air le cibé taighde a bhí ar siúl aige ach faoi 1933 bhí drochamhras air toisc, b’fhéidir, gur Ghiúdach é nó toisc gur síleadh nach raibh sé iontaofa ó thaobh na polaitíochta de. Ní fios conas a chaith sé fuíollach a shaoil. D’éag sé i mBeirlín 3 Samhain 1967 (dáta san idirlíon).

Seo a leanas achoimre ar thuairisc Acadamh Ríoga na hÉireann ar thurgnamh Doegan in Éirinn. An Roinn Oideachais a thug cuireadh dó teacht chun ceirníní foghraíochta a dhéanamh d’urlabhra na Gaeltachta. Ba iad Coiste an Léinn Ghaelaigh san Acadamh a stiúraigh an scéim. 216 ceirnín a rinneadh: 59 sa Mhumhain, 77 i gConnachta agus 80 i gCúige Uladh. Briseadh ceithre cinn de mhaitrisí na Mumhan ar a mbealach go Beirlín; bhí an taifead a rinne Pádraig Ó Grádaigh ina meascsan, is cosúil. Cuireadh na ceirníní i dtaisce san Acadamh ach tugadh cóipeanna de cheirníní a gcúigí féin do Choláiste Ollscoile Chorcaí, Coláiste Ollscoile na Gaillimhe agus do Choláiste Ollscoile na Banríona, Béal Feirste. Bhí comhoibriú na gcoláistí sin le fáil ón tús agus ó shin, go háirithe nuair a bhí athmháistriú á dhéanamh ar na ceirníní ó lár na 1990idí amach agus CD-ROM á réiteach ag an Acadamh. Ted Kendall, Hertfordshire, a rinne an t-athmháistriú ar na ceirníní theas agus thuaidh agus ba é Ciarán Ó Duibhín an scoláire Gaeilge a bhí i bhfeighil gnóthaí san Acadamh.

Níl á lua anseo ach na daoine in Beathaisnéis a rinne ceirníní do Doegan agus a chomhghleacaithe: Amhlaoibh Ó Loingsigh, Diarmuid Mac Coitir, Seán Ó Conaill, Pádraig Mac Meanaman, Aodh Ó Dubhthaigh [B1: 68], Domhnall Bán Ó Céileachair [B4: 97], Pádraig Ó Cruadhlaoich, Conchúr Ó Síocháin, Micheál Ó Cionnfhaolaidh, Micheál Turraoin, Labhrás Ó Cadhla, Fionán Mac Coluim, Tomás Ó Lócháin, Stiofán Ó hEalaoire, Seán Ó Domhnaill.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú