Ní mór é a áireamh ar na timirí ba mhó fuinneamh agus ceannas dá raibh fostaithe ag Conradh na Gaeilge. Ach bhí ról lárnach náisiúnta aige le linn dó bheith ina Ard-Rúnaí ag an eagraíocht, ról a chuir leis an teannas polaitiúil, tharla é ina rúnaí freisin ag Ard-Chomhairle Bhráithreachas na Poblachta.

Sa Léim in iarthar Chorcaí a rugadh é ar 24 Meitheamh 1881. ‘Sclábhaí’ a raibh bád beag aige a athair Patrick (Páid) Hurley, dar le Daonáireamh 1901, agus ba í Margaret Driscoll a mháthair. Bhí beirt deirfiúracha agus deartháir amháin aige. Oíche an Daonáirimh chaith Páid, Margaret, Seán agus deirfiúr amháin, a bhí níos sine ná Seán, an oíche sa teach ar an gcé sa Léim. Bhí eolas ar an nGaeilge ag an lánúin agus ag Seán ach ní raibh ag an deirfiúr, rud a thabharfadh le tuiscint, is dóigh, gur le Béarla a tógadh Seán. Fear poist ba ea é ag an am.

Um Shamhain 1907 fuair sé post múinteora taistil i gceantar Neidín. In Fé bhrat an Chonnartha, 1944 deir Peadar Ó hAnnracháin: ‘Dhein sé saothar trír anseo an fhaid a bhí sé ann. Bhí sé chomh láidir le capall, a dhuine. Mharódh na droch-bhóithre a bhí anseo éinne ach duine diail láidir sláintiúil ach bhuaigh seisean orthu. Agus cad é an ionadh ach chaitheadh sé cuid mhór den oíche tar éis teacht ar ais ó na ranganna ag léitheoireacht. Ní fhaca aon fhear eile díobh san a bhí ag múineadh Gaeilge an uair sin, a bhí chomh tugtha do leabhair leis. Bhíodh carn acu, idir Ghaeilge agus Bhéarla, ina sheomra leapa aige de ghnáth, agus ‘sé mo thuairim go gcaitheadh sé aon phinginní a bhíodh spártha aige, tar éis íoc as a lóistín, ar leabhair’.

Faoi 1910 bhí sé ina thimire i gContae an Chláir. Tá scata aistí óna pheann i dtaobh Ghaeltacht an chontae i gcló in An Claidheamh Soluis 1911–12, chomh maith le tuairiscí i dtaobh na hoibre. Bhí seisear múinteoir taistil ag obair ann. Ó Bhealtaine 1911 amach bhí contaetha Luimnigh agus Thiobraid Árann ina chúram freisin agus ó Iúil 1916 Cúige Mumhan ar fad, tharla Fionán Mac Coluim tinn agus Peadar Ó hAnnracháin i bpríosún (An Claidheamh Soluis 15 Iúil 1916). Bhí sé ag Ardfheis an Chonartha i Lúnasa. Faoi Shamhain na bliana sin bhí na húdaráis mhíleata i ndiaidh bac a chur air ceantair thuaithe Luimnigh a fhágáil. Deir Seán O’Mahony in Frongoch: university of revolution, 1987 go mba dhuine de ghéibheannaigh Fhrongoch é. Má bhí sé ann is ait nach n-áiríonn O’Mahony é i measc na n-amhránaithe ann ná i measc mhúinteoirí na Gaeilge. Níl sé i gClár Príosúnach an Champa atá i gcló ag an údar sin agus ní luann J.Brennan-Whitmore é in With the Irish in Frongoch, 1917. Ní luann Ó Murthuile féin téarma i Frongoch san iontráil a d’ullmhaigh sé don Who’s who a foilsíodh nuair a bhí toghchán don Seanad ar siúl i 1925.

Díbríodh go Wetterby i Yorkshire é in earrach 1917 (An Claidheamh Soluis 24 Márta 1917) ach d’éalaigh sé abhaile go hÉirinn agus bhí ar a choimeád go ceann tamaill. Bhí scoil timireachta ar bun aige i mBaile Átha Cliath i 1918 agus arís i 1919 (Fáinne an Lae, 24 Bealtaine 1919) agus bhí ina rúnaí ag coiste Bhaile Átha Cliath ag Oireachtas 1920. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí ar an gConradh um Shamhain na bliana sin, post a bhí aige go 6 Iúil 1922 nuair a ceapadh é ina Ghovarnóir ar Phríosún Chill Mhaighneann. Rinne Ard-Cheathrúnach de san Arm ina dhiaidh sin. Tá cuntas ar a shaol timireachta ag Donncha Ó Súilleabháin in Na timirí i ré tosaigh an Chonartha 1893–1927, 1990 agus in Dóchas agus duainéis: Scéal Chonradh na Gaeilge 1922–32 pléann Aindrias Ó Muimhneacháin an pháirt a bhí aige sa ghluaiseacht ó 1920 go 1935.

Cathal Brugha a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é i 1912. Gheofar tuairim faoina thábhacht i ndiaidh 1916 in alt le Risteárd Ó Maolchatha, ‘The Irish Volunteer Convention’ in Capuchin Annual 1967. An ionramháil a rinne sé ar na seachvótaí ag Ard-Fheis an Chonartha i nDún Dealgan an bhliain sin a d’fhág ionadaíocht láidir ag an eagraíocht sa Choiste Gnó. I Luimneach dó ba mhinic ar cuairt i dteach mhuintir Uí Dhálaigh é. Ann a casadh Earnán de Blaghd air agus fuair sé post timire dó in iarthar Chorcaí. Bhí baint aige leis na hullmhúcháin don Éirí Amach. Tuairim Lúnasa 1916 a ceapadh é ina rúnaí ag Ardchomhairle an Bhráithreachais. Bhí sé ar dhuine díobh sin a d’eagraigh turas de Valera go Meiriceá i 1919. Bhí baint aige seal le rúnaíocht na Chéad Dála.

Ba é ba mhó a bhí ag cabhrú le Micheál Ó Coileáin chun earcaíocht a dhéanamh don Bhráithreachas. Bhí an eagraíocht sin ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh. ‘Cá híonadh, uime sin, é a bheith chomh fuadrach dícheallach is a bhíodh, ar ardáin phoiblí is eile, á áiteamh gur cheart go nglacfaí leis an gConradh réitigh, agus fós é a bheith chomh stuacach neamhghéilliúil is a bhí le Coiste GnóthaChonradh na Gaeilge an uair ab eagal leo siúd go dtarraingeofaí isteach sa tranglam iad de dhroim oifigeach tuarastail dá gcuid— a nArd-Rúnaí féin—a bheith sáite san aighneas agus gan é á chur in iúl nach ar son Chonradh na Gaeilge a bhíodh sé ag caint ?’ (Dóchas agus duainéis ...).

I léirmheas ar Michael Collins and the Brotherhood., 1998 le Vincent MacDowell deir Pádraig Ó Snodaigh (Books Ireland, Samhain 1998): ‘Similarly the winding up of what is called the “Free State branch of the IRB” in December 1924 is dealt with too briefly, including a reference to Seán Ó Murthuile being given money to write the organisation’s history. MacDowell says “The printing plates were seized and smashed by Order of the Free State government.” While I was researching the IRB for a dissertation fadó fadó, I wrote to W.T. Cosgrave about Ó Murthuile’s history. He replied that he knew nothing about it and that he had never discussed “that organisation” with Ó Murthuile. I didn’t believe him. As the topic of my thesis was the IRB (in the main) 1913-16, I then approached Mulcahy who, stamping the floor of his sittingroom, would neither confirm nor deny that he had a copy of it (he had, as I knew) and of course he didn’t allow me access to it. It is among his papers in the archives at U.C.D.’

Dúirt Seán T. Ó Ceallaigh (Seán T. II, 1972, in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta): ‘B’ait an scéal é gurbh é Bráithreas na Poblachta faoi cheannas Mhichíl Uí Choileáin, Risteáird Uí Mhaolchatha, Sheáin Uí Mhurthuile agus Ghearóid Uí Shúilleabháin... a chinntigh an tromlach don Chonradh sa Dáil’. Measadh go raibh tionchar rómhór ag an eagraíocht rúnda san Arm féin le linn Ó Murthuile a bheith ina leifteanantghinearál ann. Bhí sin ar cheann de na fáthanna a bhí leis an gceannairc i Márta 1924 agus leis an iachall a cuireadh ar an Murthuileach agus an Súilleabhánach éirí as a bpoist. Tá cuntas ar an gceannaire ag John P. Duggan in A History of the Irish Army, 1991.

I 1925–6 bhí tréaniarracht ar siúl chun Conradh na Gaeilge a chur ar ais ar a bhonnaibh agus ghlac Seán páirt ghníomhach inti. Bhí sé ina bhall den Choiste Gnó 1925–7. Chuaigh sé ar aghaidh sa toghchán don Seanad i 1925 ach theip air suíochán a bhuachan. Deirtear go raibh gnó lónadóireachta long aige i Sráid na hArdeaglaise (féach Kevin Barry and his time, 1989 le Donal O’Donovan) ach ní luaitear a leithéid in eolairí Thom.

Nuair a bunaíodh Scuabgheall na nOspidéal um Meitheamh 1930 ceapadh é ina bhainisteoir ar oifig Chathair Chorcaí. Bhí chauffeur aige lena thabhairt timpeall agus ba chuimhin le muintir na Léime é a theacht ar cuairt chucu. Ní raibh coinne lena bhás le linn mionobráide 28 Meitheamh 1941. A bhean Máire Cox (d’éag 17 Meitheamh 1954) a fuair a phost ina dhiaidh. Níor fhágadar sliocht. Tá siad curtha sa Léim.

Dúirt Aindrias Ó Muimhneacháin ina thaobh: ‘Agus an-timire ab ea é, de réir gach tuairisce: cuma bhreá phearsanta air, lúth agus neart agus fuinneamh ann, fios a labhartha go maith aige i mBéarla agus i nGaeilge agus an-chumas óráidíochta. Amhránaí maith ab ea é lena chois sin agus fear maith cuideachta, ach é daingean stuacach chomh maith nuair a d’oirfeadh sin’. ‘He never failed to do a good turn for anyone from West Cork who was deserving of it’, a dúradh in The Southern Star/Réalt an Deiscirt 5 Iúil 1941. Agus bhí an abairt seo i gcuntas an Irish Independent: ‘... he knew no half ways and was content with no half measures. You were either with him or against him. Cant or humbug or hypocrisy he could not stand’.

Maidir leis an amhránaíocht tá tagairt in An Claidheamh Soluis 12 Márta 1910 dá pháirt i gceolchoirm sa Rotunda agus ar 23 Nollaig 1911 don chaoi arbh éigean dó suas le dosaen amhrán a chasadh ag coirmeacha sa Bhreatain Bheag. Mhúin sé amhránaíocht agus ceol i gColáiste Uí Chomhraí, Carraig an Chabhaltaigh, 1912 agus bhí baint ar feadh i bhfad aige ar an gcuma chéanna le Coláiste Chairbre, Cuan Dor. Agus i dtaobh na drámaíochta, is léir gur scríobh sé trí dhráma. Tá tagairt in Inniu 4 Bealtaine 1952 do cheann díobh: ‘Scríobh sé dráma a léiríodh ag Oireachtas i gCill Airne. Bhí trí ghníomh ann cé gur tharla an denoument sa dara gníomh. Chuir sé an triú gníomh leis chun rialacha an chomórtais a shásamh. Níor léiríodh ach an dá ghníomh’. Ba é seo Pósadh an iascaire a bhuaigh an chéad duais ag Oireachtas 1913. Bhain sé leis an saol in Árainn agus i gContae an Chláir. Scríobh sé freisin An Cníopaire a léiríodh i nDúlainn, Co. an Chláir (An Claidheamh Soluis 30 Eanáir 1915). Ag Oireachtas 1920 bhí páirt Chú Roí aige i ndráma Sheáin Uí Cheallaigh.

D’inis Micheál Ó hAodha (1889–1976) scéal ina thaobh (i gcló in Kevin Barry and his time). Bhí seilbh á glacadh ag aonad d’Arm an tSaorstáit ar bheairic agus dúirt an maorsháirsint Sasanach a d’oscail an geata rompu go raibh siad trí nóiméad deireanach. D’fhreagair Ó Murthuile: ‘Blast ye to hell ! You’ve been here for 700 years and three minutes more won’t do any harm’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú