B’fhéidir gurbh é an cumadóir ceoil é is mó riamh a chuaigh i gcion ar ghnáthphobal na hÉireann lena linn. Tá a bheathaisnéis scríofa ag Tomás Ó Canainn agus Gearóid Mac an Bhua: Seán Ó Riada, a shaol agus a shaothar, 1993. Cnuasach aistí in eagar ag Bernard Harris agus Grattan Freyer is ea The Achievement of Seán Ó Riada, 1981 agus sa bhliain sin freisin (4 Deireadh Fómhair 1981) craoladh mórscannán Sheáin Uí Mhórdha, The Blue Note. Eagrán speisialta in ómós dó is ea Feasta, Deireadh Fómhair 1991, agus tá beathaisnéis ghairid iontaofa ann (ar leanúint in Feasta, Samhain 1991) ag Riobárd Mac Góráin. I 1991 freisin, craoladh sraith clár cuimhneacháin ar Raidió na Gaeltachta. In Capuchin Annual 1972 tá ‘Remembering Seán Ó Riada’ le Seoirse Bodley. Bunaíodh Fundúireacht an Riadaigh i ndiaidh a bháis chun a cháil a bhuanú. In Comhar, Samhain 2011, tá Seán faoi chaibidil ag Mairéad Ní Chinnéide, Jimmy Crowley, Billy Ó hAnluain, Iarla Ó Lionáird, Liam Ó Maonlaí agus Barra Ó Séaghdha.

In Áth Dara, Co. Luimnigh, a bhí cónaí ar a thuismitheoirí nuair a rugadh in Ospidéal Erinville i gCorcaigh é ar 1 Lúnasa 1931. B’as Cill Mhichíl, Co. an Chláir, dá athair Seán Reidy ar sháirsint sa Gharda Síochána é; feirmeoir ba ea a athairsean ach deirtear gurbh fhile agus dealbhóir é freisin. B’as ceantar Chill na Martra, Co. Chorcaí, dá mháthair Julia Ní Chríodáin agus banaltra ba ea í. Bhí bua ceoil ag an mbeirt acu. Duine réchúiseach ba ea an t-athair agus ba í Julia a d’fhéach chuige nach é amháin go bhfuair Seán óg agus Louise, an t-aon duine eile clainne, oideachas maith ach go raibh Seán á oiliúint mar cheoltóir ó bhí sé ocht mbliana d’aois.

Ag Scoil na mBráithre in Áth Dara a bhí sé ar dtús. Ó 1943 go 1947, bhí sé i gColáiste Fhearann Phiarais i gCorcaigh. Aloys F. Fleischmann a bhí mar mhúinteoir ceoil ansiúd ach d’fhaigheadh sé ceachtanna sa chathair freisin. Bhuaigh sé Corn Uí Sheanacháin sa chomórtas veidhleadóireachta ag Feis Mhaitiú i 1947. De réir chroineolas Uí Chanainn, chaith sé an bhliain 1947-48 i gColáiste Mhainchín Naofa i Luimneach. Ní foláir nó thit costas rómhór ar a mhuintir le linn dó a bheith ag freastal ar an gColáiste Ollscoile, Corcaigh, ar feadh na tréimhse 1948-52. Deireadh an tOllamh Fleischmann le Tomás Ó Canainn ‘nach raibh mac léinn aige riamh ba chliste ná ba cheolmhaire’ ná é. Cé nár mhac léinn díograiseach é, léadh sé cuid mhór agus bhí dúil ar leith aige sa litríocht. Chaith sé cúpla bliain dá théarma ollscolaíochta ag seinm ar fud na Mumhan le banna ceoil rince agus bhí cáil air i measc a chairde ceoil mar phianadóir jazz. Bhain sé céim sa cheol le dara honóracha. Dúirt Fleischmann in Iris Ollscoile Chorcaí, Uimh 47, 1972: ‘Of all the students who have passed through our music department, he was the most naturally gifted, possessed of absolute pitch, sensitive to every stylistic nuance and showing an aptitude for composition. . . which made light of every technical difficulty. But again, the set course was not for him. His enthusiasm in many different directions led him far afield from academic routine and it was natural ability rather than diligence relating to the course which impressed the extern examiner, Sir Arnold Bax, and secured an honours degree for him in 1952 . . .’ Le linn dó a bheith i gCorcaigh a casadh Ruth Ní Chochláin air. Phós siad ar 9 Meán Fómhair 1953 i Séipéal Uí Eoghanáin sa Choláiste Ollscoile.

Ar feadh 1953-55, bhí sé ina Stiúrthóir Cúnta Ceoil i Radio Éireann. Ba iad a bhí ar an mbord agallaimh 13 Aibreán 1953, Riobard Ó Faracháin, Fachtna Ó hAnnracháin agus Hubert Clifford. Chuaigh sé i gcion go mór orthu in ainneoin gur lean sé air ag argóint leis an bhFarachánach i dtaobh cúrsaí fealsúnachta! Toisc a óige a bhí sé agus taithí a bheith in easpa air, níor tugadh ach trí mhí trialach dó in áit na gnáthbhliana. Thosaigh sé 4 Bealtaine 1953. D’éirigh go maith leis ach moladh go leanfadh an tréimhse trialach ar feadh bliana eile. Níor réitigh Maurice Gorham, ceannasaí an stáisiúin, leis sin agus ceapadh é ar an bhfoireann neamhbhunaithe. Ba léir de réir a chéile nár spéis leis cuid mhór den obair riaracháin ar lena dhéanamh a cruthaíodh an post. Ar 25 Feabhra 1955, chuir sé meamram chuig Fachtna Ó hAnnracháin agus dúirt sé gur sa chumadóireacht is mó a bhí spéis aige agus nach raibh aon am á thabhairt dó chun díriú air sin. ‘The station cannot claim me body and soul and if it comes to a choice I am afraid I will not be able to continue’. D’imigh sé ar saoire trí sheachtain go dtí Plailly, Oise, sa Fhrainc 1 Márta 1955. Scríobh sé ón áit sin gur mhian leis éirí as a phost ar 22 Márta agus glacadh leis sin. Fuair sé roinnt oibre sa Fhrainc ach ba bheag é. Bhí sé i ndroch-chaoi nuair a chuaigh a bhean anonn lena thabhairt abhaile. Bhí leanbh amháin acu um an dtaca seo agus seachtar ar fad a bheadh acu.

Bhí sé ag baint a bheatha as iriseoireacht agus as seinm le banna rince gur ceapadh é ina stiúrthóir ceoil in Amharclann na Mainistreach i samhradh 1955. D’fhág an post seo i bhfad níos mó saoirse aige. Ceann dá chúraimí ba ea ceol a chumadh i gcomhair drámaí Gaeilge ach cuimhnítear go háirithe ar an gceol a chum sé i gcomhair The Song of the Anvil le Bryan McMahon. I nGaeilge a bhí a ainm sa chlár ar 25 Iúil 1955 toisc dráma Gaeilge a bheith ar siúl ach cúig bliana ina dhiaidh sin is mar Sheán Ó Riada a bhíodh a ainm sa ghnáthchlár. Is de réir a chéile a tharla an t-athrú meoin: bhí sé ar dhuine de na moltóirí i gcomórtais ceoil an Oireachtais i 1955; scríobhadh sé corralt faoi ainm cleite in Comhar d’fhonn pinginí a shaothrú; chuaigh na hOícheanta Seanchais i Halla Damer i gcion air; thar aon ní eile, chuir cuairt ar Dhún Chaoin i 1959, ar chuireadh an Athar Tadhg Ó Murchú, duine dá mhúinteoirí i bhFearann Phiarais, draíocht air. Ach is go tobann a d’fhógair sé dá bhean agus dá chlann i 1960 gur theaghlach Gaelach iad feasta.

Is léir go raibh a ainm in airde mar chumadóir i bhfad roimh 1959, i measc lucht ceoil go háirithe. Is dóigh gurbh é an ceol a chuir sé le Mise Éire an bhliain sin a chuir a ainm i mbéal phobal mhór na hÉireann. Cuireadh leis an gcáil sin i 1961 nuair a bhunaigh sé Ceoltóirí Chualann, buíon de cheoltóirí traidisiúnta ar mhó a cosúlacht le ceolfhoireann bheag ná le banna céilí. Tá léargas tugtha i leabhar Harris agus Freyer ag Éamon de Buitléar agus Paddy Moloney ar thionscnamh na buíne sin. Tugadh deis dó chun leanúint air ag cur faoi i nGaeltacht Chúil Aodha nuair a ceapadh é ina léachtóir le ceol na hÉireann i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Oiriúnach go leor, ba é teach Dhónaill Uí Cheocháin i nDraighin a cheannaigh sé agus b’fhéidir a rá go raibh sé chomh dícheallach céanna le Dónall ag iarraidh seol na Gaeilge a choimeád in airde sa dúiche. San eagrán speisialta úd de Feasta gheofar tuairimí Dhonncha Uí Chróinín, fear de bhunadh an cheantair, ar a mhéid a chuaigh sé i gcion ar an áit. Taispeánann Ó Canainn nach i gcónaí a bhíodh gach duine ag réiteach leis ach admhaítear i gcoitinne gur tharraing sé aird na hÉireann ar Chúil Aodha. Bhunaigh sé Cór Chúil Aodha, ar rud nua amach is amach é i saol na tíre agus go háirithe sa cheol eaglasta. Bhíodh sé aislingeach i dtaobh arbh fhéidir d’fhorbairt a dhéanamh sa dúiche. Agus bhí sé ildánach: bhunaigh sé an comhlacht Draíon Films chun scannáin ghairide a sholáthar don sraithchlár teilifíse Aililiú; scríobh sé dráma Gaeilge A Spailpín a Rún a léiríodh i Halla Damer le linn Fhéile Amharclainne Bhaile Átha Cliath 1960; bhí gearrscéal agus dánta i gcló aige in Comhar ; craoltóir den scoth é agus cuimhnítear go háirithe ar an tsraith raidió Our Musical Heritage a d’fhoilsigh Fundúireacht an Riadaigh. Dúirt an Cróiníneach: ‘Níor dhuine in aon chor é ach scata. An ilphearsantacht úd a chothaíonn siad iontu féin in oirthear domhain bhí sí sa Riadach i gan fhios dó féin, de réir nádúir: chonaic gach éinne ann an saghas duine ab áil leis féin’. Teideal ar chaibidil ag Tomás Ó Canainn is ea an cheist ‘Cé acu Seán Ó Riada?’.

Níor oir babhtaí troma óil dá choimpléasc agus théadh sé thar fóir air féin. Tháinig tinneas a bháis air i ndeireadh Lúnasa 1971 agus d’éag sé in Ospidéal King’s College, Londain, ar 3 Deireadh Fómhair 1971. Tá sé curtha i Reilig Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Tá clár a shaothair i gcló ag Ó Canainn agus Mac an Bhua, chomh maith le liosta de cheirníní. Caibidil in aon chuntas ar a shaothar is ea a ndearna sé d’obair do Ghael Linn. Bhí sé ina chomhairleoir agus ina léirithoir acu nuair a bhí a gcéad fhadcheirnín á ullmhú acu: chóirigh sé na hamhráin Ghaeilge a chan Tomás Ó Súilleabháin agus rinne an tionlacan pianó. Sholáthair sé ceol dá scannáin: Mise Éire (1959); Saoirse? (1960); Rhapsody of a River (1965); Pobal ; An Tine Bheo (1966). Gael Linn a d’fhoilsigh aon cheann déag dá fhadcheirníní; d’fhoilsigh Ceirníní Chladaigh trí cinn. An saothar ‘sa stíl Eorpach’ is minice a luaitear: Réamhcheol Olynthiac (1955); The Banks of Sullane (1956); Hercules Dux Ferrariae (1957). Chum sé freisin: cúpla aifreann don ghnáthphobal; foinn amhrán arbh é ‘Mná na hÉireann’ an ceann ab aitheanta, b’fhéidir; ceol i gcomhair córacha; ceol le haghaidh gnathscannán cineama mar Young Cassidy agus Playboy of the Western World ; ceol le haghaidh geamaireachtaí; ceol le haghaidh saothair dhrámata. Deir Riobárd Mac Góráin gur chóirigh sé ar a laghad dhá chéad píosa den cheol Gaelach i gcomhair cheolfhoirne Radio Éireann. Thuairimigh Gearóid Mac an Bhua: ‘Dá mairfeadh an Riadach, ceapaim féin gur ródhócha go gcloífeadh sé leis na cuspóirí aeistéitiúla a bhí aige ó thosach, is é sin, sintéis fhoirfe a thabhairt i bhfeidhm idir ceol dúchasach na hÉireann agus mórcheol na hEorpa agus, fosta, idir seantraidisiún clasaiceach na hEorpa agus stíleanna casta nua-aimsire’. Go luath i ndiaidh a bháis ba é breithiúnas an léirmheastóra Charles Acton air: ‘Bhí Seán róchruthaitheach, róshamhlaíoch, róbheo, róphragmatach, róghnóthach i mbun na nithe iomadúla ba mhian leis a dhéanamh, rófhlaithiúil san iliomad teagmhálacha daonna a rinne sé, chun bheith ina fhíorscoláire choíche. Ar an gcuma céanna, cáil petit maitre a bheidh air i gcúrsaí cumadóireachta, ainneoin mhóráilleacht a chuid saothair agus a shainiúla agus a phearsanta a bhí gach ní dár chum sé. Dá bharr seo, beidh sé deacair do dhaoine amach anseo fíormhianach Sheáin Uí Riada a thuiscint, gan trácht ar a mbeadh ann dá maireadh sé. Ach tuigimidne é agus is saibhrede sinn é. I dtéarmaí mórtais dlisteanaigh chine (seachas an gnáthshaghas) agus i dtéarmaí chroí cheoil a mhuintire, chuir sé dhá bhrobh san áit nach raibh ach ceann amháin roimhe’ (aistriúchán ó Bhéarla Acton i gcló in Feasta, Deireadh Fómhair 1971). Fuair a bhaintreach bás 16 Meán Fómhair 1977.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú