Amhrán dá dhéantús, ‘An Poc ar buile’, chaithfí é a áireamh ar an dosaen amhrán nuachumtha Gaeilge is mó a bhí ar eolas ag an bpobal ó thús an 20ú haois.

Sa Screathan, Cúil Aodha, Co. Chorcaí, a rugadh é Lá ‘le Bríde 1880. Saor cloiche ba ea a athair Seán agus ba eisean a thóg Scoil Bharr d’Ínse, Scoil Chúil Aodha agus foirgnimh eile sa cheantar. Ba í Síle Ní Laoghaire ó Dhoire an Chuilinn a mháthair. Bhí beirt deartháireacha aige agus ceathrar deirfiúracha. D’imigh buachaill díobh agus beirt de na cailíní go Meiriceá. Phós duine eile díobh, Siobhán, Dónall Bán Ó Céileachair scanchaí, athair Dhonncha Uí Chéileachair.

Cé gur thug sé saoirseacht chloiche leis ón athair is le feirmeoireacht a chaith sé a shaol. Thug sé leis ón dá thaobh an ceol agus an rince. Bhí baint aige le Dámhscoil Mhúscraí ó bunaíodh í Lá ‘le Stiofáin 1925 agus ar éigean aon scoil nach raibh dán ullamh aige ina comhair. Rudaí a bhain le nuacht an lae, bídís áitiúil nó domhanda, nó scéalta greannmhara a chloiseadh sé, chumadh sé amhráin fúthu. Chuir pobal na háite agus pobal Gaeilge na hÉireann eolas ar chuid díobh: ‘Amhrán na tae’. ‘An Chráin Mhuice’, ‘Amhrán an Bhacaigh’, ‘Halla Chúil Aodha’, ‘Na Táilliúirí’, ‘An Sputnic’. ‘An Cailín Donn’.... Chum sé ‘An Poc ar buile’ timpeall 1940. Bhí amhrán eile a raibh an teideal céanna agus an fonn céanna leis ach b’fhéidir a rá gur ghlac amhrán Dhónaill a ionadsan go huile is go hiomlán. Ba ghnách leis dul chuig Oireachtas na Gaeilge in éineacht le meithil a d’eagraíodh Dónall Ó Ceocháin agus bhuaigh sé duais na hamhránaíochta uair leis ‘An Poc ar buile’. Ghlac pobal leathan na hÉireann seilbh ar an amhrán sin nuair a chuir Seán Ó Sé ar cheirnín é.

Sheinneadh sé an consairtín agus an veidhlín agus deirtear go mba shár-rinceoir é. Thug sé leis óna athair na céimeanna a d’fhoghlaim sé ó na seanmháistrí rince. Fear beag fuinniúil láidir ba ea Dónall agus go lá a bháis 12 Eanáir 1965 bhíodh sé ag obair go crua ar an bhfeirm. Deirtear gur dhamhsaigh sé an cornphíopa ar urlár a chistine do Sheán Ó Riada cúpla seachtain roimh a bhás.

Bhí sé pósta ar Shiobhán Ní Thuama ó Chnoc a’ Rudaigh, Cill Gharbháin, Co. Chiarraí, agus bhí triúr mac agus triúr iníonacha acu. Scríobh a mhac Seán Ó Mulláin an t-úrscéal An Dubhchrónach, 1953 agus scéalta eachtraíochta mar Dealg Eochaidh, 1969, Na Rianaigh Abú, 1970, Cosaint an Ghleanna, 1972, agus Fir Chlaímh, 1976.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú