Ó LIATHÁIN, Dónal (1934–2008)

Duine de chúigear mac a bhí ag Conchubhar (Nelius) Ó Liatháin, siúinéir, agus Cáit Nic Suibhne (Ní Shuibhne go háitiúil) ab ea Dónal. Pádraig, Peadar, Conchubhar agus Colm ab ainm dá dheartháireacha. Bhí aon iníon amháin ar an muirear, Máire. Cailleadh ina leanbh í. I gCúil Aodha, Co. Chorcaí, a rugadh é ar 9 Bealtaine 1934. Is ansin a tógadh é agus is ann a chaith sé formhór a shaoil. Ba dheirfiúr í a mháthair, Cáit, le Pádraig Mac Suibhne, An Suibhneach Meann. Dá réir sin, bhí dúil sa Ghaeilge agus bua na filíochta as broinn le Dónal, bua a tháinig ó Mháirín Amhlaoibh Ní Loingsigh, Máirín an Átháin, a shinsheanmháthair ar thaobh a mháthar, nach raibh aon Bhéarla aici. Go Scoil Náisiúnta Chúil Aodha a chuaigh sé. Ba iad a mháthair, Cáit, agus a uncail, Pádraig, na múinteoirí a bhí sa scoil san am agus tháinig Dónal chun cinn faoina stiúir. Bhí cáil air mar fhear a raibh a lán filíochta i nGaeilge agus i mBéarla de ghlanmheabhair aige. Dúirt Liam Ó hÉigearta ina aitheasc os cionn a uaighe go raibh de bhua aige, dá gcaithfeadh a chomhráiteach an chéad líne d’aon dán chuige, i nGaeilge nó i mBéarla, go gcríochnódh sé an véarsa nó an dán ar fad. Deireadh sé féin gur ar scoil a fuair sé an lón mór seo. Lean cáil na líofachta é ar feadh a shaoil agus chruthaigh sé go minic nár cháil mar mhagadh í. In 1978, mar shampla, thug sé leis an duais don chainteoir Gaeilge ab fhearr (£100 agus bonn óir) i gcomórtas dar teideal ‘An Béal Beo’, a eagraíodh le hurraíocht ó Ghaeltarra Éireann mar chuid de Sheachtain Scríbhneoirí Lios Tuathail. Bhí lámh in uachtar aige ar Dhonnchadh Ó Luasa, Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí, agus ar Phádraig Ó Súilleabháin, An Ráth Mhór, Co. Chiarraí. Bhí ar na hiarrthóirí labhairt ar ábhar a tharraing siad as hata, agus gan ach deich nóiméad acu chun a gcuid smaointe a chur le chéile.

Nuair a chríochnaigh Dónal ar an mbunscoil in 1947, d’éirigh leis dhá scoláireacht a ghnóthú, Scoláireacht na gColáistí Ullmhúcháin agus ceann eile ó Choláiste Íosagáin, Baile Bhuirne, Co. Chorcaí. Chuir sé sin ar a chumas freastal ar Choláiste Íosagáin. Tar éis ceithre bliana ann, ar aghaidh leis go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, mar ar oileadh ina mhúinteoir bunscoile é in 1953. Fuair sé a chéad phost múinteoireachta mar phríomhoide i Scoil Chill Náile, Co. Thiobraid Árann. In 1956, d’aistrigh sé go Scoil Thobar Pártnáin in aice le Mainistir Fhear Maí, Co. Chorcaí, mar phríomhoide, mar ar chaith sé dhá bhliain déag. Ní raibh aon charr aige ar dtús, ach thugadh a chúntóir scoile, Iníon Uí Aonghasa, a carr féin dó chun dul amach istoíche. Is le linn na tréimhse sin (1962) a casadh Margaret Byrne air agus phós siad in 1965. Ceathrar clainne a bhí acu, mar atá, Conchubhar, Niamh, Bríd agus Dónal Óg. De bharr é bheith athlonnaithe i gContae Chorcaí, bhí sé ábalta filleadh abhaile níos minice. Thapaigh sé a dheis chomh maith agus bhain amach céim oíche i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, sa Ghaeilge agus sa Stair, rud a chabhraigh leis cáiliú mar mhúinteoir meánscoile. D’aistrigh muintir Liatháin ar ais go Cúil Aodha in 1968. Is mar mhúinteoir meánscoile a chaith sé an chuid eile dá shaol oibre ag múineadh staire i gColáiste Íosagáin agus i gColáiste Ghobnatan i mBaile Bhuirne. Bhí cáil air mar mhúinteoir a dheineadh ábhair throma ní ba thaitneamhaí trína bheith ag insint scéalta agus féith an ghrinn iontu.

Mar ba dhual dó, bhí Dónal an-ghníomhach i ngach gné de chúrsaí a áite féin. Lúthchleasaí maith ab ea é agus d’imir sé ar fhoirne áitiúla in imeacht na mblianta. Bhí an-mheas ag a chomhaoiseanna agus ag an dream ab óige ná é air mar pheileadóir. Sheinneadh sé an cairdín leis. Bhíodh Dónal páirteach i ndrámaíocht agus san Oireachtas agus chumadh sé dánta, ceapóga, lúibíní, rabhcáin agus agallaimh bheirte. Bhuaigh sé mórán duaiseanna as a shaothar filíochta in imeacht na mblianta chomh maith. Bhí sé le hAisteoirí Chúil Aodha in 1991 nuair a léirigh siad insint Amlaoibh Uí Loingsigh den scéal cáiliúil Toraíocht Dhiarmada agus Ghráinne ag Féile Amharclannaíochta Bhaile Átha Cliath. Is é páirt Fhinn Mhic Cumhaill féin a dhein Dónal agus léirigh sé ‘an cur i gcéill agus an gliocas cuí a bhain leis’ an gcarachtar, de réir léirmheasa ar Comhar. Tá gné eile de shaol Dhónail soiléir sa tuairisc sin – an nasc daingean a bhí aige agus a chothaigh sé riamh lena phobal dúchais féin agus leis an nGaeilge mar ghnáthmheán cumarsáide an phobail sin. Ba dhrámaíocht phobail amach is amach í an Tóraíocht seo agus ba mar a chéile a bhí cuid mhaith de na tionscnaimh eile ar ghlac sé páirt iontu in imeacht na mblianta.

Bhíodh sé rannpháirteach go bliantúil i nDáimhscoil Mhúscraí a thionóltaí ar feadh i bhfad i dtigh a sheanathar agus ina dhiaidh sin in Áras Éamonn Mac Suibhne i gCúil Aodha. Chumadh sé dán in ómós na hócáide gach bliain nach mór ar feadh leathchéad bliain. Ar bhás Dhónaill Uí Cheocháin in 1956, ba é a dheartháir, Peadar, a bhí mar reachtaire nó mar chléireach ar an Scoil. Bhíodh ar Pheadar ceist na Dáimhe a chur agus bhíodh ar Dhónal í sin a fhreagairt. Nuair a d’aistrigh Seán Ó Riada chun cónaithe i gCúil Aodha i ndeireadh na 1960idí agus nuair a chuir sé Cór Chúil Aodha chun tosaigh, bhí Dónal páirteach ann ón tús. Bhí ardmheas aige ar an Riadach agus léigh sé dán a chum sé in ómós dó i gCúil Aodha ag Pléaráca an Riadaigh in 1981, comóradh deich mbliana ar a bhás.

Dála a chuid múinteoireachta, nochtann féith an ghrinn go minic ina chuid amhrán. Tráth dá raibh Cór Chúil Aodha ag canadh ag ócáid an ‘Ó Riada Retrospective’ sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath (1987), ceolchoirm a raibh Elmer Bernstein á stiúradh, goideadh adharc a bhí le Eugie Johnny Eoghain Ó Súilleabháin (mac le Seán Eoghain Ó Súilleabháin). Dar le Eugie gurbh ag Ó Súilleabháin Bhéarra a bhí an adharc i dtosach. D’fhiosraigh na gardaí an choir agus fuair an t-eolas gur seoid nach bhféadfaí luach a chur uirthi ab ea í. Chuaigh an scéala seo i gcluasa Gay Byrne a mbíodh clár rialta maidine aige ar an raidió san am. Rinne sé impí phoiblí ar an té a thóg an adharc í a thabhairt ar ais, agus dhein tagairt don ‘ancient priceless horn’. Ba leor sin do Dhónal agus níorbh fhada go raibh amhrán seoigh déanta aige: ‘Tá eireabaill ar asalaibh/Is adharca ar phocánaibh/Níl adharc níos fearr i gcríocha Fáil/Ná an ”ancient priceless horn”’. Dhein sé go leor amhrán grinn eile chomh maith, ‘Wattie’ mar shampla, amhrán faoi chollach a fuair turraing leictreach nuair a thug sé cuairt ar chráin agus amhrán breá eile faoi phósadh Pheadair Uí Riada agus a chéile Geraldine.

Bhí bua na scríbhneoireachta aige chomh maith. Scríobhadh sé gach aon saghas píosa gan stró agus leasaíodh sé iad gan stad chun an chuma cheart a chur orthu. Gan trácht ar na hamhráin, thosaigh Dónal ag cumadh dánta go hóg agus chum sé suas le dhá chéad acu ar gach aon ábhar. Tá a mhuintir ag bailiú a shaothair le chéile agus súil acu é a fhoilsiú. B’iontach na hiomainn a chum sé don Chór in imeacht na mblianta. Léiríonn ceann díobh nárbh é an greann amháin a spreagadh é:

Im long mé measaim

Fé last fé sheol

Is gan calafort romham.

Im leabhar mé scríofa

I dteanga ón spéir

Níl daonnaí a thuigfeadh é.

Im lampa lasta istigh i gcupúrd

Is gach dóras dúnta fé ghlas go dlúth

An bhfanfadsa lasta mar long i mbuidéal

Go n-éalóidh mar chogar an chuid eile dem shaol?

Tá de ghradam ag an iomann seo gur thaifead an t-amhránaí Cathal Coughlan, a bhíodh leis an mbanna ceoil Fatima Mansions leagan an-bhreá de. Léiríonn an dá shampla ghonta sin an saghas carachtair a bhí ag Dónal. Bhí ciall íogair aige do shaibhreas focal agus smaointe agus thuig sé chomh gar dá chéile is atá an scáth is an ghile.

Dhein sé a lán dánta mar ómós do chairde is do ghaolta leis a fuair bás. Dála roinnt mhaith dá dhéantús chuireadh Peadar Ó Riada ceol leo. Tamall roimh a bhás féin, ar iarratas ó Pheadar, chríochnaigh sé iomann nua a d'oirfeadh d'aon sochraid. Nuair a fuair Dónal bás ar an Domhnach, 9 Samhain 2008, chum Peadar ceol do na focail ar an toirt agus bhí siad ullamh ar an gCéadaoin d'Aifreann na sochraide chun go gcanfadh an Cór iad den chéad uair: ‘Suaimhneas siorraí tabhair dó a Thiarna/Fé sholas shuthain na Glóire/Trimaíg' bhur súile sibhse atá faoi bhrón/Níl sa bhás ach malairt beatha.’ Cantar an marbhna céanna go rialta ó shin. Mar chomhartha ómóis dó ainmníodh Ionad Óige Dhónail Uí Liatháin i gCúil Aodha as nuair a osclaíodh go hoifigiúil é i ndiaidh a bháis.

Lillis Ó Laoire

Ailt

  • ‘Dámhscoil Mhúscraí Uí Fhloinn 1925-75’ Scéala Éireann, 12 Nollaig 1975.
  • ‘Best Speaker’ Scéala Éireann, 6 Meitheamh 1978.
  • ‘Plearaca an Riadaigh’ Scéala Éireann, 25 Meán Fómhair 1981.
  • Ní Chonchubhair, M. ‘Diarmaid agus Gráinne. Aisteoirí Chúil Aodha.’ Comhar 50: 11, 29.