Tá sé ar dhuine de scoláirí agus de bhailitheoirí móra an cheoil dúchais, an ceol rince go háirithe. ‘The single most important activist in Irish traditional music in the twentieth century’, a thugann Terry Moylan air in The Companion to Irish Traditional Music, 1999 in eagar ag Fintan Vallely. ‘An saineolaí ba mhó le rá lena linn ar cheol dúchasach na hÉireann’ an stádas a thugann Nioclás Ó Cearbhalláin dó sa réamhrá a chuir sé le leabhar an Bhreathnaigh, Ceol agus Rince na hÉireann, 1989. Deir sé freisin: ‘Is cinnte gur cóir Breandán Breathnach a áireamh ar bhailitheoirí móra an cheoil in Éirinn, dála Bhunting, Phetrie, Joyce agus Uí Néill; ba mhó an méid ceoil a bhailigh seisean ná mar a bhailigh siad seo, agus is mó an scagadh a rinne seisean ar an méid a bhailigh sé.’ Maítear freisin gurbh é a mhisnigh bailitheoirí eile chun dul i mbun oibre agus scagtha. Ag Ó Cearbhalláin atá an buneolas is mine ar a shaol in Ceol, Iúil 1986, an uimhir dheireanach den iris sin. Tá leabharliosta le fáil in The Man and his Music: an Anthology of the Writings of Breandán Breathnach, 1996.

I Sráid Hamaltúin, Baile Átha Cliath, a rugadh é 1 Aibreán 1912. Fíodóir ba ea a athair Pádraig, fear a d’fhoghlaim Gaeilge i gCraobh an Chliabhraigh de Chonradh na Gaeilge agus a bhí ina uachtarán ar an gcraobh anuas go 1920. An Pádraig seo agus Éamonn Ceannt a sheinn ceol píbe i láthair an Phápa Pius X i bhfómhar 1908 agus an bhliain dár gcionn bhí sé ina bhall de Choiste Agóide an Chonartha (All Ireland Demonstration Committee) thar ceann Chumann na bhFíodóirí Síoda (An Claidheamh Soluis 11 Meán Fómhair 1909); deirtear gurbh é an duine deireanach é d’fhíodóirí sin Bhaile Átha Cliath. Tá cuntas air in Inniu 20 Samhain 1953. Ba í Julia Parker (d’éag 1928) máthair Bhreandáin. Phós Pádraig Margaret Mary Cosgrove ansin; ochtar clainne a bhí aige sa chéad phósadh, a bhfuair triúr díobh bás ina naíonáin, agus ceathrar sa dara pósadh. D’éag Pádraig Lúnasa 1980.

Scoláireacht bhardais a thug Breandán go Meánscoil na mBráithre Críostaí i Sráid Synge. Chuaigh sé isteach sa státseirbhís i 1930 agus bhí sa Roinn Poist agus Telegrafa, sa Roinn Airgeadais, sa Roinn Oideachais (sa Ghúm, b’fhéidir), agus sa Roinn Talmhaíochta; agus bhí post ard aige sa roinn deireanach sin faoi 1964 nuair a aistríodh é go dtí an Roinn Oideachais mar a raibh deis aige a bheith ag obair ar son an cheoil go 1977. Go hóg ina shaol thosaigh sé ag foghlaim na píbe uilleann; i measc a mhúinteoirí bhí John Potts, Billy Andrews (1873-), an Bráthair Gildas [Pádraig Ó Sé q.v.] agus Leo Rowsome (1903-70). Ach ar feadh tamaill mhaith is i ngeall ar a eolas ar Ghaeilge Chois Fharraige agus ar stair shóisialta Bhaile Átha Cliath is mó a bhí aithne air ag pobal na Gaeilge; tá fáil ar aistí staire leis in Comhar agus Feasta. Ach bhí caidreamh aige le ceoltóirí, muintir Potts go háirithe, ar feadh an ama agus an dúspéis aige sna ceolta tíre. Bhí baint aige le Comhaltas Ceoltóirí Éireann ó 1951 nuair a bunaíodh é agus bhí sé ina rúnaí cúnta acu ar feadh tamaill ach bhí in aghaidh na heagraíochta sin ar ball. Tráchtann Éanna Mac Cába ar an nGaeilge agus ar an gceol ina shaol in aistí in Comhar, Aibreán 1986 agus in Studia Hibernica 27.

B’fhéidir a rá gur ag baint fód a bhí sé i rith an ama sin go léir. Foilsíodh i 1961-62 Tacar port, ceol rince ar bhileoga. Faoi 1958 bhí ábhar leabhair d’fhoinn rince bailithe aige óna chairde agus d’fhoilsigh an Gúm é, Ceol Rince na hÉireann, 1963. Deir Ó Cearbhalláin in Ceol: ‘It was a great commercial and artistic success, and made him nationally known at the age of fifty one.’ Tháinig an dara himleabhar amach i 1976, an tríú ceann i 1985 agus ceann eile fós, in eagar ag Jackie Small, i 1997 nuair a bhí sé marbh le dosaen bliain. Is insuime gurb i nGaeilge ar fad atá cibé prós atá iontu, teidil na bhfonn, mar shampla. Bhíothas ag téisclim i 1999 chun a thuilleadh imleabhar den sraith a chur ar fáil. In Bliainiris 2000, 1999 tá cuntas ar an ollsaothar sin ag Robbie Hannon.

Ba é Breandán faoi deara gur fhoilsigh Spól an ceirnín Consain na Gaeilge i 1968 ina bhfuil ceacht foghraíochta á thabhairt ag Máirtín Ó Cadhain. Bhí sé ar dhuine de chairde Uí Chadhain; luann seisean é i gceann de na litreacha a sheol sé chuig Tomás Bairéad ón gCurrach (As an nGéibheann, 1973) agus i 1947 bhí sé ar dhuine de na cairde a chabhraigh leis chun slacht a chur ar lámhscríbhinn Cré na Cille nuair a bhí an saothar sin á chur isteach i gcomórtais an Oireachtais (tá cuntas ar an mbroid oibre a bhain leis sin in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mhairtin Ui Chadhain , 1987 leis an tSr Bosco Costigan agus Seán Ó Curraoin); d’fhuaraigh an cairdeas sna 1960idí. Tuairimíonn Mac Cába gurb air atá an ‘Gaeilgeoir Mór’ in Cré na Cille bunaithe. Foilsíodh Folk Music and Dances of Ireland, 1971 (eagrán nua 1977) ach is bunleabhar é freisin Ceol agus Rince na hÉireann, 1989. Bhí stair na fíodóireachta i mBaile Átha Cliath scríofa i nGaeilge aige ach fágadh gan foilsiú é in éineacht le saothair éagsúla cheoil.

Níorbh aon ribín réidh é agus is mó rud a bhí ar siúl i ndomhan na gceolta tíre nár réitigh leis, cuid de chomórtais na bhFleánna Ceoil, ceannasaíocht Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus cuid dá raibh á rá agus á dhéanamh ag Seán Ó Riada, mar shamplaí. Bhí Ceol, a journal of Irish Music (1963-86) á fhoilsíu aige agus ní chuireadh sé fiacal ina mbíodh le rá aige ann. Ón am a cuireadh Cumann Cheol Tíre Éireann ar bun (1971) bhí deis aige a thuairimí agus torthaí a thaighde a fhoilsiú in irisí mar Ceol Tíre agus Irish Folk Music Studies (Éigse Cheol Tíre). Bhí príomhpháirt aige i mbunú na bPíobairí Uilleann i 1968; bhí sé mar chathaoirleach orthu ó thús agus mar eagarthóir ar a n-iris An Píobaire agus b’eisean faoi deara go raibh a gceanncheathrú acu i gceann de thithe Seoirseacha Shráid Henrietta, Baile Átha Cliath. Is dóigh le Moylan gur de bharr a fhíse agus a shaothair eagraíochta a bhí tuairim ocht gcéad píobaire uilleann ag seinm leo i ndeireadh an 20ú haois—gurbh é a thug slán an phíb. Is air a leagtar freisin, nuair a bhí sé ina bhall den Chomhairle Ealaíon, bunsmaoineamh Thaisce Cheol Dúchais Éireann, a bunaíodh i gCearnóg Mhuirfean i 1987; is ann atá a ollshaothar, innéacs téamach ar an gceol rince ar chaith sé tríocha bliain á réiteach. Leabhrán a scríobh sé is ea Dancing in Ireland, 1983 a ndeir údar eile ar an rince in Éirinn faoi ‘the outstanding reference-point in traditional dance’. Bhí eolas cuimsitheach aige ar an bpíobaireacht, idir sheanchas agus mhodhanna seanma, agus scríobh sé Pipes and Piping in Ireland, 1980. Is é a scríobh an iontráil faoi cheol dúchais na hÉireann in The New Grove Dictionary of Music and Musicians, 1981 agus is iomaí alt a bhí aige in Béaloideas, Céim, Sinsear, Iris Chumann Seandálaíochta is Staire Chiarraí, Soundpost, Irish Times. . . . Shíl sé gur le héirí in airde (‘affected gesture of disdain’) nár luaigh an scoláire ceoil Donal O’Sullivan an bailitheoir Francis O’Neill agus thug sé pléisiúr dó cuntas a thabhairt ar O’Neill is a shaothar san athchló ar Irish minstrels and musicians: The story of Irish Music, 1913 a cuireadh amach i 1987.

Ó 1972 go dtí go ndeachaigh sé amach ar pinsean mar státseirbhíseach i 1977 bhí sé ag obair sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, mar Stiúrthóir ar Rannóg an Cheoil Tuaithe i Roinn an Bhéaloidis; bhí de thoradh ar a thréimhse sa choláiste gur cuireadh go mór le bailiúchán amhrán na roinne, ach bhí sé féin díomách faoin méid a d’éirigh leis a dhéanamh. Chaith sé tamall ina dhiaidh sin ag léachtóireacht ar an gceol i gColáiste na Tríonóide. D’éag sé 6 Samhain 1985 agus tá sé curtha i Seangánach, Co. Bhaile Átha Cliath. Phós sé i 1943 Lena Donnellan ón Mullach i gContae an Chláir agus bhí cúigear iníonacha acu, ar duine díobh Niamh Bhreathnach, Aire Oideachais 1993-94 agus 1994-97.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú