TYERS, Pádraig (1925–2010)

Údar, múinteoir, iománaí, peileadóir, fear gnímh i gcúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus ollscoile. Ar 20 Deireadh Fómhair 1925 a rugadh é in aice le Tuar an Fhíona, Co. Phort Láirge. Ba dhuine é den chúigear leanaí a rugadh do Harry Tyers, Sasanach, agus Bríd de Paor ó Phort Lách, Co. Phort Láirge. Tá cuid mhaith de scéal a óige inste aige in Sliabh gCua m’óige (2003). Chuaigh a mháthair go Londain agus gan aici ach cúig bliana déag d’aois. Is i ndiaidh tamaill de bhlianta ann a casadh a fear céile uirthi, ar bhall é de phóilíní Londain ag an am sin. Is thall a rugadh ceathrar dá bpáistí. B’éigean do Harry éirí as a phost in 1922 i ngeall ar fhadhb sláinte agus gan ach pinsean beag le fáil aige. Chinn siad ar aistriú go hÉirinn i mí na Bealtaine 1922. Ní raibh a fhios ag Pádraig riamh cén fáth gurbh ar Thuar an Fhíona i gceantar Shliabh gCua a thug siad a n-aghaidh. Ba ghairid ann iad nuair a bhris an Cogadh Cathartha amach agus bhíothas in amhras tamall gur spiaire é an t-iarphóilín seo a bhí tagtha ina measc. D’éirigh go maith le Pádraig i scoil Thuar an Fhíona agus thaithíodh sé ranganna breise a thugadh Pádraig Ó Milleadha sa scoil sin. Bhí cainteoirí dúchais Gaeilge sa cheantar go fóill agus athair Uí Mhilleadha féin ina measc. Thug scoláireacht go Coláiste Chnoc Mheilearaí, Ceapach Choinn, Co. Phort Láirge é in 1938 agus bhí ardmhúinteoirí aige ann, go háirithe Micheál Feirtéar ó pharóiste Bhaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne. Sa bhliain dheireanach sa choláiste bhí staidéar á dhéanamh ag daltaí Mhichíl ar Gnás na Gaedhilge (Ó Cadhlaigh 1940), saothar ar mó de threoirleabhar ná de ghraiméar é, leabhar a ndéantaí staidéar air sa chéad bhliain ollscoile. Agus bhí An tOileánach (Ó Criomhthain 1929) léite acu. An tAthair Colmcille [Séamus] Ó Conbhuidhe O.Cist. ó Chluain Meala, scoláire, a bhí ag teagasc staire agus tíreolaíochta dóibh.

In 1943 thug scoláireacht Chomhairle Contae go Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, é agus roghnaigh sé Gaeilge, Laidin agus Gréigis mar ábhair staidéir. Agus é ag ullmhú dá chéim mháistir bhí sé ina bhall d’fhoirne an choláiste a bhuaigh comórtais ollscoile Sigerson (peil) agus Mhic Giobúin (iomáint). D’imir sé mar chúl báire ar fhoireann peile Chorcaí ar bhuaigh Gaillimh orthu i gCraobhchluiche na hÉireann in 1956 – tharla Seán Purcell agus Frankie Stockwell a bheith ar fhoireann na Gaillimhe! An bhliain chéanna sin bhí sé ar fhoireann peile Chúige Mumhan freisin.

Chaith sé cúig bliana ag múineadh i gColáiste Chnoc Mheilearaí agus ceithre bliana in Ardscoil Uí Urmoltaigh (Hamilton High) i nDroichead na Bandan, Co. Chorcaí, sular aistrigh sé go Gael Linn. Cuimhnítear go háirithe ar an bpáirt a bhí aige san eagraíocht sin i ndéantús scannáin Louis Marcus faoi Christy Ring (1964) agus faoin bpeil (1968). D’fhill sé ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, in 1964 mar Stiúrthóir na Gaeilge Labhartha agus mar stiúrthóir ar na seirbhísí closamhairc. Is dó a tugadh an chreidiúint nuair a bhronn Tim O’Mahony (Toyota Ireland) suim mhór airgid ar an gColáiste mar chabhair chun staidéar ar an Nua-Ghaeilge a chur chun cinn. Ba é Pádraig faoi deara freisin bunú Dhún Chíomháin, iostas ar mhaithe le mic léinn agus le foireann an Choláiste a bhí i mbun staidéir ar an teanga. I measc na leabhar a scríobh sé tá: Leoithne aniar (1982); Cois Laoi: léarscáil logainmneacha (1985); Blasket memories: the life of an Irish island community (1998); Abair leat Joe Daly (1999); An tAthair Tadhg (2000) faoin Athair Tadhg Ó Murchú; Sliabh gCua m’óige (2003); West Kerry camera: camera Chorca Dhuibhne (2006).

Bhí sé pósta ar Betty Irwin, ar bhuail sé léi a chéad uair in 1947 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus í ag staidéar ag an am le haghaidh céim B.Comm. Bhí iníon agus triúr mac acu. D’éag sé ar 19 Feabhra 2010 agus tá sé curtha i Reilig Fhionnbharra, Corcaigh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú