Is beag eolas teicniúil a bhí ag an Muircheartach ar an ngrianghrafadóireacht ach ba dhóigh le lucht ealaíne go raibh an cheapadóireacht go sármhaith ina phictiúir. Chuigsean ba chabhair dó bheith ag gabháil do rud a bhí gar dá chroí, saol a bhí ag imeacht a léiriú, go háirithe sa Ghaeltacht. Agus murar chuir sé suim i modhanna teicníce, ‘ba ealaíontóir é agus ba aestéiteach’, mar a dúirt a chara Seosamh Ó Duibhginn, ‘é de shíor ar thóir na foirfeachta agus na fírinne’. Bhí bailiúchán mór de shaothar ealaíontóirí Éireannacha aige agus bhí sé ina chathaoirleach ar Fhochoiste Ealaíne an Oireachtais. I ndiaidh a bháis bheartaigh Conradh na Gaeilge ar bhailiúchán dá phictiúir a fhoilsiú le hómós dó. Bhí sin íorónta ar bhealach mar is le cúrsaí teanga a bhí a shaol caite ag Tomás; b’é a chreideamh gurb í an teanga ‘máistir na n-ealaíon’.

I mBaile Átha Cliath a rugadh Tomás ar 27 Márta 1907. Ba Chorcaíoch a athair Tomás agus ba Chiarraíoch a mháthair Bríd Ní Mhathúna. Múinteoirí ba ea iad. Fuair an t-athair bás nuair a bhí Tomás agus an seisear leanaí eile an-óg agus b’éigean do Thomás tosú ar a phá a thuilleamh sa státseirbhís nuair a d’fhág sé an bhunscoil. Sa Roinn Oideachais a bhí an post aige ar feadh a shaoil. Ach b’í athbheochan na Gaeilge b’obair dá laetha. Cheangail sé le Craobh an Chéitinnígh agus é sna déaga agus ann a d’fhoghlaim sé an Ghaeilge. Tháinig sé faoi thionchar Dhónaill Uí Chorcora go mór. Cairde ba ea iad ar feadh 30 bliain agus thiomnaigh an Corcorach dhá leabhar do Thomás. I 1937 scríobh Tomás paimfléad You may revive the Gaelic language. Aistriúchán leis is ea: Chun na Fairrge Síos, 1945 (Riders to the Sea le J. M.Synge). Bhí baint mhór aige le Feasta ó 1947. B’eisean is minice a scríobhadh na heagarfhocail. Bhí teagasc an Chorcoraigh le brath ar gach a scríobhadh sé. Toghadh ina uachtarán ar an gConradh é sna blianta 1955–1959. Lena linn a chuir sé ar siúl an feachtas mí-ámharach úd chun amharclann Ghaeilge a thógáil i mBaile Átha Cliath ar chostas £60,000. B’éigean éirí as nuair nár thug an saol Fódhlach an sórt freagra a raibh Tomás ag súil leis. Ach an iarracht phearsanta a dhein sé chun airgead a bhailiú, meastar gur dhein sé dochar dá shláinte. D’éag sé ar 17 Márta 1967.

Tá cuntas cuimsitheach ar a shaol agus a shaothar in eagar ag Seosamh Ó Duibhginn in An Muircheartach ..., 1970. Bailiúchán is ea an leabhar sin de ghrianghraif áille, ar phortráidí cuid acu, a ghlac sé anseo is ansiúd in Éirinn agus i nGaeltacht Chiarraí go háirithe.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú