Nuair a thug Rí Éamon VII cuairt ar Éirinn in Iúil 1903 bhí cóisir gharraí do pháistí na cathrach i bPáirc an Fhionnuisce chun fáiltiú roimhe. Ullmhaíodh cóisir eile i nDroim Conrach le drochmheas na bpáistí náisiúnaíocha a chur in iúl. Bhí an tAthair Anderson i measc an lucht eagraithe in éineacht lena chara Maud Gonne. Ba í an eachtra dheiridh í i saol eachtrúil. D’éag sé lá na cóisire. Tá cuntas fada ar an saol sin ag Catherine Mary Dwyer in Seanchas Ard Mhacha (Iml. 7, Uimh. 2, 1974).

I nDroichead Átha a rugadh é. Alice Kelly as Tulaigh Álainn, Co. Lú, a mháthair. Cailleadh an t-athair nuair a bhí James ina ghasúr. Fuair sé oideachas óna uncail an tAthair Ó Ceallaigh OSA. I gColáiste Deoiseach Ard Mhacha a cuireadh meánoideachas air. Bhí sé faoi dhul le leigheas ach ina áitsean cheangail sé leis na hAgaistínigh i gCallainn. Oirníodh ina shagart é san Iodáil i 1861. Rinneadh Prióir Ionadach i nDún Garbhán de ar 5 Márta 1867, lá an éirí amach. Bhí sé báúil leis na Fíníní. D’fhan de cháil air go deireadh a laethanta go n-éisteadh sé faoistiní na bhFíníní sa cheantar agus gur bhunaigh sé cuallacht arbh Fhíníneach gach ball inti. Deirtear freisin go scríobhadh sé don Irish People.

Nuair a sheas Charles R. Barry Q.C. i dtoghchán 1868 i nDún Garbhán chuir an tAthair Anderson roimhe go mbuafaí air. Níorbh é amháin gur chúisigh Barry na Fíníní ach thug sé míchlú orthu. Bhí na sagairt agus an t-easpag ar a shon. Chabhraigh an tAgaistíneach leis an iarrthóir eile Henry Mathews Q.C., Sasanach Caitliceach, agus is aige a bhí an lá. Thuig an saol gurbh é Anderson a chuir an cath agus gur ar son chlú agus oineach na bhFíníní é. Baineadh na cumhachtaí sagairt de dá bharr.

Chaith sé tréimhsí sa Róimh, i gCorcaigh agus i nGaillimh. Ceapadh é ina Phrióir Ionadach i mBéal Átha hAmhnais in 1874. Ba é “Inis Píc” an Oird é. Nuair a bhí an chéad slógadh ag Conradh na Talún i gClár Chlainne Mhuiris bhí sé ar thosach scata mhóir de mharcaigh a chuaigh ann ó Bhéal Átha hAmhnais.

I bhFiodh Ard dó cuireadh na hAgaistínigh as seilbh talaimh a bhí ar chíos acu nuair a dhiúltaigh an tAthair Anderson an cíos iomlán a íoc. I Luimneach dó d’éirigh leis, le cabhair ó Henry Mathews, John Daly a shaoradh ó Phríosún Portland.

Cibé spéis a bhí aige sa Ghaeilge sular ceapadh é ina fho-Phrióir i Lána Naomh Eoin i mBaile Átha Cliath, ní luaitear é. Bhí rothar aige timpeall an ama seo (1895), feic a bhí annamh go fóill, agus bhris sé cos leis nuair a thit sé den mheaisín lá. Le linn dó a bheith ag téarnamh is ea a d’fhoghlaim sé an teanga. Deirtear go raibh an Bíobla Gaeilge de ghlanmheabhair aige agus go mbíodh sé ag treabhadh trí Trí Bior-ghaoithe an Bháis. Ní raibh labhairt na teanga go líofa aige.

Chuir sé roimhe go mbeadh tús áite ag an nGaeilge i scoileanna Lána Naomh Eoin. Bhí cúigear cainteoirí dúchais fostaithe aige iontu agus Séamus Ó Duirinne i gceannas orthu. Sna scoileanna sin a bunaíodh Craobh an Chliabhraigh ar 20 Márta 1900 agus an tAthair Anderson ina uachtarán air. Scríobh Ó Duirinne dráma don Chraobh seo, Ar son baile agus tíre, agus léiríodh é sa Rotunda i mBaile Átha Cliath agus in áiteanna faoin tír.

Is léir ó From a hermitage go raibh tionchar ag Anderson ar an bPiarsach. Eisean an seansagart a bhfuil na tagairtí dó sa leabhar sin.

“In every respect he was wiser beyond telling than I, for his life had been stormy and sorrowful and withal very saintly so that he had garnered much of the wisdom of heaven and of earth ... I do not know whether he had ever been a Fenian but I know that all the Fenians of a countryside used to go to confession to him in preference to their own parish priests and it is said that he had a sodality composed to a man of sworn Fenians, probably an exaggeration”.

In Inis Meáin a bhí na comhráití sin ag an bPiarsach óg leis an seansagart. Cúpla bliain ina dhiaidh sin nuair a bhí Anderson ina bhall den Choiste Gnó thug an Piarsach agus Máire Ní Chillín cuairt fiosraithe ar na scoileanna i Lána Naomh Eoin. Scríobh siad: “What have the managers in the Irish-speaking districts to say in defence of their attitude in the face of what is being done by Father Anderson in the heart of Dublin?”

Fuair sé bás ar 23 Iúil 1903 nuair a rinneadh obráid air chun nimhiú fola a leigheas.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú