‘Táim féin suite de anois nach mbláthódh an Ghaeilge in Inis Mór ar chor ar bith murach teacht an fhir cheanndána chrosta úd as iarthar Luimnigh, Dáithí Ó Ceallacháin. Tá an chreidiúint sin agus breis tugtha dó ag Liam agus Tomás Ó Flaithearta’ (Breandán Ó hEithir in ‘Liam Ó Flaithearta agus a dhúchas’, Comhar, Lúnasa 1976).

Seo é an múinteoir scoile ar bhunaigh Liam Ó Flaithearta carachtar mhúinteoir an úrscéil Skerret, 1932 air. Thug an Ceallachánach d’eolas i nDaonáireamh 1911 go raibh sé 58 bliain d’aois, gur bhaintreach é, gur phós sé 32 bliana roimhe sin, agus gur rugadh beirt ghasúr dó. Ní raibh siadsan sa teach oíche an Daonáirimh. Ní raibh siad ann ach oiread nuair a rinneadh Daonáireamh 1901: bhí Máire ar aíocht i gClochar Lughaidh, Muineachán, ag an am agus Micheál i gColáiste na Carraige Duibhe. Bhí a bhean Brigid beo i 1901 agus bhí cónaí ar an lánúin i gCill Mhuirbhigh. Cuireadh síos go raibh Gaeilge aicisean agus gurbh i gContae na Gaillimhe a rugadh í. Bhí sí sé bliana níos sine ná a fear céile, más fíor. Cibé brí atá leis, ar fhoirm 1901 is é Luimneach a tugadh mar chontae breithe ina chás-san ach i 1911 cuireadh síos Baile Átha Cliath. Pósadh David O’Callaghan, máistir scoile, agus Brigid Laffe, máistreás scoile, in Árainn 21 Meán Fómhair 1880. 26 bliana d’aois a bhí ag David, dar le taifead an phósta. Ba é Árainn a sheoladh. Ní raibh ag Brigid ach 20! Agus ba é Inis Meáin a seoladhsan. Ba é Michael O’Callaghan, feirmeoir, athair David agus ba é Thomas Laffe, feirmeoir, athair na mná. B’fhéidir gur leagan de ‘Lahiff’, atá le fáil sa Chlár agus in oirthear na Gaillimhe, an sloinne sin.

Bhí litir aige in An Claidheamh Soluis 7 Deireadh Fómhair 1899 á chosaint féin ar chúiseamh ina aghaidh a bhí i gcuntas 23 Meán Fómhair ar an timire nuacheaptha Tomás Ó Concheanainn. Tugadh le tuiscint go ndúirt Tomás féin go mbuaileadh an múinteoir é dá ndeireadh sé fiú focail ina theanga dhúchais.

‘I taught the Inishmaan school from September 1880 to October 1884. During the four years I pledge my word that I never punished master Thomas Concannon nor any other pupil of mine for speaking Irish.

Some parents have suggested such punishment to me, and even practised it themselves in their homes with the result that there were a few children, 8 to 10 years old, who seemed to have no language. They feared their parents to speak Irish, and they had no English. A parent came one day to complain to me that his son Páidín, though two years at school, had no English, and I was the cause of that, because I did not put a score around his neck, as was done in his time. This was the first time I ever heard of the score. He also complained that I permitted children to talk Irish in the school. I had no Irish then, and had to get the above at second-hand from a person brought by the parent for that purpose, who explained to me the meaning of the score. I was not then two months on the Island, and the parent’s main reason for making complaint was that I allowed the children to speak Irish at will. I told him that he did not seem to have benefited by the score being used in his day as he had no English, that if he prevented his child talking Irish at home he would do him far more harm than good. I said I should not like to be punished every time I spoke English, and that I was as anxious to be able to speak Irish as he was that his son should talk English. I also told him that if I were the child I should make short work of the score.

All this through our interpreter, I saw by the man’s appearance that I had provoked him very much; he spoke angrily and quickly. I asked what he was saying, and was told that it was not at all complimentary, and “that I was a quare schoolmaster surely”. I mention this to show that I was not at all likely to punish for speaking Irish, and also how unfair to the people of Inishmaan it was that their teacher could not understand the language of either parents or pupils. In spite of this we got on fairly well together, and liked one another well....

I can hardly credit that my old pupil and friend, Thomas, would be guilty of using the words above quoted. I suspect it was rather the writer’s zeal for picking holes in the system of National education which outran his discretion....

He may now learn that same master has encouraged the speaking, reading, and writing of Irish, and taught about 300 persons to read and write it, instead of ignorantly and barbarously giving cuts of the cane for speaking it.’

Níor freagraíodh an litir sin agus níor gabhadh leithscéal. Is cosúil ó phíosa a scríobh a iardhalta Tomás Ó Flaithearta (i gcló in Aran reader in eagar ag Breandán agus Ruairí Ó hEithir) gurbh fhear crua i mbun ranga é: ‘As the liner sneaked along in the now smooth sea I wondered where my old schoolmaster was, if he was still alive, and if he recollected the many tricks I played on him for which he thrashed me with violence and with demoniacal fury. He was a fine man. How many workers like O’Callaghan are forgotten when the ideals they struggled for are realized in whole or in part, while the blatant politicians and the gentlemen who always manage to pick the winning side are honoured?’.

Tá neart fianaise go raibh spéis aige sa teanga. Is léir ar uimhir a 35 de Irisleabhar na Gaedhilge 1890 go raibh an iris sin á ceannach aige le tamall. Tá amhrán a bhailigh sé i gcló ag Domhnall Ó Fotharta in Siamsa an Gheimhridh, 1892. Ar 1 Nollaig 1894 luann eagarthóir an Irisleabhair. Eoin Mac Néill, gur cara leis é. Tá cur síos ag Pádraig Mac Piarais ar phíosa cainte a rinne sé nuair a bhí Craobh Chill Rónáin de Chonradh na Gaeilge á bunú in 1898: ‘Mr O’Callaghan N.T. delivered a scathing indictment of the National School system as worked in Irish-speaking districts, maintaining that where Irish is the home language of the people it should be taught simultaneously with English from the time the child first enters the school’ (i gcló in The Aran Reader). In éineacht le Pádraig Mac Piarais labhair sé faoin nGaeilge le tionól de mhuintir Árann i scoil Chill Rónáin 6 Lúnasa 1899. Toghadh é ina chisteoir ag craobh Árann. Léadh sé as An Claidheamh Soluis ag cruinnithe an Chonartha san oileán. Thugadh sé síntiús don Oireachtas. Chuireadh sé isteach ar chomórtais an Chliabhraigh i gcomhair na ndaltaí ab fhearr Gaeilge sa scoil. Bhuaigh a iníon Máire agus a mhac Micheál duaiseanna (An Claidheamh Soluis 7 Aibreán 1900). Ar an Satharn a mhúineadh sé léamh agus scríobh na teanga. Is cosúil go socraíodh sé go mbeadh poist mar mhonatóirí le fáil ag cuid de dhaltaí seo na Gaeilge i gcontaetha . Chill Mhantáin, na hlarmhí, agus in áiteanna eile. Chuir sé liosta focal chuig an Duinníneach le cur in eagrán 1904 dá fhoclóir.

Thug Roger Casement cuairt ar an scoil lá agus thairg duais don scoláire a léifeadh colún Eoghain Uí Neachtain i bpáipéar an lae dó. Tomás Ó Flaithearta a bhain an duais. Deir Breandán Ó hEithir in Scéala Éireann 5 Nollaig 1982 gur chuir tionchar Uí Cheallacháin a bheirt uncail i dtreo an tsóisialachais. Tarraingíonn sé an abairt seo as scríbhinní Thomáis: ‘He was no cheap Jingo nationalist of the type who froths at the mouth at the mention of an Englishman but he hated British Imperialism with all its works and pomps. He was the first Sinn Féiner on the island and had no difficulty in making one of me’. Le geallúint chabhrach ó Casement rinne O’Callaghan iarracht ar Thomás a chur go Coláiste Chnoc an tSamhraidh i Sligeach ach theip air. Shocraigh sé go bhfaighfeadh Liam meánsco-laíocht i gCarraig an Tobair. D’áitigh sé in An Claidheamh Soluis 19 Eanáir 1901 go rithfeadh an Conradh feachtas chun go bhfaighfeadh daltaí ábalta sa Ghaeltacht meánoideachas saor in aisce i gcoláistí cónaithe mar mhalairt ar an gcabhair a thabharfadh siad do mhic léinn agus do mhúinteoirí na gcoláistí sin. Is ar an gcuma sin a fuair a chlann féin meánoideachas.

Tháinig an tAthair Muircheartach Ó Fearchair (1855–1928) go hÁrainn mar shagart paróiste in 1897. B’as Cill Mheáin, Co. Mhaigh Eo, dó. Ó 1887 bhí ceithre bliana caite aige mar shagart cúnta ann agus is dóigh go raibh seanaithne aige ar an oide scoile. Bhí baint aige leis an gConradh sna hoileáin go dtí gur thit sé amach leis an Dr Micheál Ó hIceadha i samhradh 1902. Bhain cuid den aighneas sin le béasaíocht na cléire ach bhí comhthéacs níos leithne i gceist toisc gurbh é Ó hIceadha leasuachtarán an Chonartha. D’eascair sé as an gcaitheamh anuas a rinne Conraitheoirí ar an Athair Charles White ar an ábhar go raibh sé seoiníneach, más fíor; dúradh freisin gur chuir Ó Fearchair bac ar oidí scoile Árann dul go Feis Chonnacht—is inspéise gur bhuaigh iníon Uí Cheallacháin duais i gcomórtas sóisearach na n-aistí ag an bhfeis sin (An Claidheamh Soluis 7 Meán Fómhair 1901)—agus nach dtabharfadh sé cead do Ó hIceadha aifreann a rá sna hoileáin. Níl aon uimhir de pháipéar an Chonartha i nDeireadh Fómhair-Samhain 1902 nach bhfuil cúisimh agus frithchúisimh inti. An raibh aon bhaint ag an aighneas seo leis an teannas idir an Ceallachánach agus a bhainisteoir? Is cinnte go léiríonn an t-aighneas go mba dhuine ceannasach an sagart paróiste. Ach ní fhágann Mártan Ó Domhnaill fuíoll molta air ina leabhar Oileáin Árann, 1930 agus labhraíonn sé go speisialta ar a ndearna sé ar mhaithe le muintir na n-oileán. Mhol Liam Ó Flaithearta an obair sin go hard in agallamh raidió i 1977 ach dúirt: ‘He was a great adminstrator but a devil of a man to get on with’.

Tá cuntas ag Antoine Powell ar an naimhdeas a d’éirigh idir an bheirt sa tréimhse 1905–14 in Oileáin Árann: stair na n-oileán anuas go 1922, 1983. D’éirigh Ó Ceallacháin as oifig mar bhall den bhanc talmhaíochta (‘Banc na mBanbh’) de bharr easaontais leis an sagart. Timpeall an ama seo bhí Ó Fearchair ag iarraidh feirm a roinnt ar chuid de mhuintir an oíleáin agus bhí fear darb ainm Ruairí Ó Direáin ag iarraidh é a cheannach. Phléasc buama i dteach Uí Fhearchair an 1 Meitheamh 1908. Gearradh trí bliana príosúnachta ar an Direánach. Bhí an sagart ina chathaoirleach ar chraobh nuabhunaithe den United Irish League agus d’ordaigh siadsan baghchat a bheith ar mhuintir Uí Dhireáin. Níor thug an Ceallachánach aird orthu.

Anuas air sin bhí drochthuairiscí ar an máistir á gcur isteach chuig an Bord Oideachais ag an sagart. Creidtear nár ró-fhabhrach ach an oiread leo a bhí ceann de thuairiscí an chigire. Ní bhíodh a bhean ar fónamh agus má bhí bunús fíreannach leis na drochthuairiscí cá bhfios nach raibh baint aige sin leo?

Luann Powell mar gharchúis le deargnaimhdeas an tsagairt i 1909 nár chuir Ó Ceallacháin capall faoina choinne nuair a bhí faoistin ina theach. An leithscéal a bhí aige chun nós seo an oileáin a shárú go raibh rothar ag an sagart agus nach raibh aon chapall aige féin. Ach ní raibh sé ina ghéarchéim gur mhol an sagart dá phobal ón altóir, in Eanáir 1911, gan a gclann a chur chuig an Ceallachánach. D’oscail seisean an scoil gach lá ar feadh sé mhí agus nuair nach raibh aon tinreamh dúnadh í 30 Meitheamh. Sa chúirt i nGaillimh 2 Márta 1912 chuir an máistir i leith an tsagairt gur chuir sé míchlú air. D’éiligh sé damáiste £1,000 toisc an laghdú a rinneadh ar a phinsean. Tháinig sé amach san fhianaise nach raibh Ó Fearchair toilteanach a fhaoistin a éisteacht toisc, dar leis, go dtaobhaíodh sé peacaigh; tugadh fianaise freisin nach dtabharfadh sé teastas do mhac an Cheallachánaigh nuair a theastaigh uaidhsean dul le múinteoireacht. Ach chaill an máistir scoile an cás agus ordaíodh dó costais an tsagairt a íoc. Ar 16 Feabhra 1914 cuireadh as seilbh a thí é. An lá dár gcionn chuir sé an litir seo chuig an Galway Express 28 Feabhra 1914: ‘I was evicted from my residence on the 16th inst. at the suit of Rev. M. Farragher, P.P., Aran Islands, for the recovery of his legal expenses in the case of Callaghan v. Farragher. I came to Aran Islands as teacher in September 1880 and had during my teaching period the following managers: Rev. J.A. Concannon P.P., Rev. M. O’Donohoe P.P., Rev. P.J. McPhilbin P.P. and Rev. Colgan P.P., with all of whom my relations were amicable. The late W.E. Gladstone styled an eviction a sentence of death. These sentences were carried out in the past by a few evicting landlords but it is rather a novel incident for a priest proferring national sentiments to play the role of evictor’.

Tá tuairim ann go ndeachaigh sé chun cónaithe i gContae an Chláir ach is i dTeach na mBocht nó an County Home sa Chaisleán Nua, Co. Luimnigh, a d’éag sé 4 Feabhra 1937. Sna páipéir a bhain lena eastát cuireadh síos gurbh i mBrosnach in aice le Mainistir na Féile. Co. Luimnigh, a bhí a ghnáth-áitreamh. Ach ba é a sheoladh de réir na bhfógraí báis Béarla agus Gaeilge san Irish Independent 6 Feabhra 1937 ná Buaile, Béal an Átha, Co. Luimnigh. Cuireadh é i reilig Springfield in aice na háite sin.

Ó 1917 go 1950 bhí a iníon Máire ag múineadh i Scoil Bhríde, ar dtús mar leas-phríomhoide faoi Louise Gavan Duffy, bunaitheoir na scoile, agus, ó 1944 go 1950, mar phríomhoide (Lúise Gabhánach Ní Dhufaigh agus Scoil Bhríde, 1993 in eagar ag Mairéad Ní Ghacháin). Bhí céim B.A. aici agus scríobh sí péire leabhar: Irish at home, or Gaeilge sa mbaile, 1921 (eagrán nua 1930) agus Irish at school or Gaeilge sa scoil 1, 1922. Dúradh in An tÉireannach 13 Feabhra 1937 gur chuir an chéad leabhar díobh an chéad fhocal Gaeilge i mbéal go leor de lucht foghlama na teanga. Bhaineadh Seán Ó Conchubhair leas as i 1926 sa chéad sraith riamh de cheachtanna Gaeilge a chraol 2RN. Foilsíodh léirmheas moltach in Banba. Lúnasa 1921, agus deirtear ann go raibh sé bunaithe ar mhodh múinte an Athar Dónall Ó Tuathail.

Deirtear gur thabhaigh a aonmhac Micheál cáil san Astráil mar bhall den pháirtí cumannach.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú