Ba thábhachtach le gluaiseacht na teanga riamh tacaíocht a fháil ó dhaoine mór le rá. Dochtúir cáiliúil lena linn ba ea Micheál Mac an Choiligh. Bhí cleachtas leighis aige i Sligeach (1878–81) agus is ó bhalcóin a thí ann a labhair Parnell uair amháin. Ba é a thug cúram do Mhicheál Daibhéid agus do John Redmond nuair a bhí na ceannairí sin ag saothrú an bháis. Is dó a tairgeadh uachtaránacht choláiste Bhaile Átha Cliath d’Ollscoil na hÉireann ar dtús (T.J. Morrissey, Towards a national university: William Delaney S.J. (1835-1924), an era of initiative in Irish education, 1983)

I gCill Mhór, Co. Ros Comáin, a rugadh é 20 Meán Fómhair 1852. Ba iad Hugh Cox agus Anne Kelly a thuismitheoirí. Bhí sé i gColáiste Mheil sular chláraigh sé mar mhac léinn san Ollscoil Chaitliceach i mBaile Átha Cliath. Ar Bhrian Ó Luanaigh [Bl] a bhí cúram na Gaeilge ann ag an am agus cibé aighneas a bhí aige le húdaráis na hollscoile níor fhéad sé léachtaí a thabhairt. Bhí Micheál ar thús liosta na mac léinn a rinne gearán. D’éirigh sé cairdiúil le Seán Diolún (1851–1927) san ollscoil. Tar éis tamaill in Ollscoil Londan cháiligh sé mar dhochtúir. Chaith sé an chuid is mó dá shaol gairmiúil ag obair in Ospidéal Naomh Uinsionn i mBaile Átha Cliath agus in St Vincent’s Hospital, Dublin: a century of service tá cuntas ar a shaothar ann. Is beag onóir nár tugadh dó agus i ndeireadh a shaoil bhí sé ina uachtarán ar Choláiste Ríoga Dhochtúiri na hÉireann.

Bhí sé ina bhall de chomhairle Chumann Buanchoimeádta na Gaeilge uair agus faoi 1900 bhí sé ina uachtarán ar Chraobh an Athar Peadar Ó Laoghaire den Chonradh. Ba d'oifigigh an phoist go príomha an chraobh sin. Norma Borthwick a mhol ag an gcruinniú tionscnaimh go n-ainmneofaí as an Athair Peadar í. An tAthair Ó Broin, uachtarán Chraobh Uí Ghramhna, a mhol rún go mbeadh an Dr Cox ina uachtarán. ‘They could not possibly find a better president. Everyone who knew anything of Dublin knew that Dr Cox occupied a place in the foremost ranks of his profession. Not only that, but wherever there was a movement set on foot for the benefit of the country, no matter of what nature. Dr Cox was always found playing a leading part in connection with it’ (An Claidheamh Soluis 17 Feabhra 1900). I 1907 bhí sé ina bhall den choiste a bunaíodh chun dul i ngleic le fadhb mhór na heitinne i gConamara. Ina theach ag 26 Cearnóg Muirfean a thagadh na baill le chéile agus ina measc bhí Séamus Ó Beirn, Seán Mac Énrí agus Pádraig Mac Piarais. Nuair a tosaíodh ar airgead a bhailiú bhí sé ag feidhmiú mar chomhchisteoir in éineacht le Stephen Gwynn MP agus Edward Martyn. Ba ghnách gurbh iad Cox, Mac Énrí agus Donncha Ó Cobhthaigh a bhailíodh airgead le haghaidh chiste na teanga óna gcomhdhochtúirí.

Nuair a ceapadh é ina bhall de Sheanad Ollscoil na hÉireann scríobh an Piarsach in An Claidheamh Soluis II Aibreán 1908: ‘The inclusion of such Gaels as An Craoibhín, Eoin Mac Néill, Dr Sigerson, Máire Ní Aodáin, Dr M.F.Cox, Dr Coffey, Stephen Gwynn and William O’Brien ... gives one to hope that the spirit animating the institution in its early years will be generously Irish and genuinely progressive’.

Ceapadh ina bhall den Rí-Chomhairle é 1911 agus cead aige ‘The Right Honourable’ a chur roimh a ainm. Chaith sé an gradam ar leataobh 1920 toisc drochmheas a bheith aige ar pholasaithe Lloyd George i leith na hÉireann.

Bhí capall ráis aige uair, Blair Aidan, agus scríobh sé Notes on the history of the Irish horse, 1897. In Journal of the National Literary Society, Iml 1 Uimhir 2 1900 bhí ‘The County and kindred of Oliver Goldsmith’ i gcló aige. Bhíodh ábhar uaidh in Irish Book Lover, Hibernia, Irish Monthly agus na hirisí leighis freisin. Bhí leabharlann an Iarla Roden á cur ar ceannt i Sothebys agus cheannaigh sé Leabhar Mór na nGinealach a scríobh an Dubhaltach Mac Fhirbhisigh. D’fhág sé le huacht é ag an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath.

Phós sé Elizabeth Nolan ó Chill Dara in 1886. Bhí beirt mhac acu, Aidan a cailleadh go hóg, agus Arthur. Bhí cáil ar Arthur (1891–8 Meitheamh 1965) mar aturnae agus oirníodh ina shagart é nuair a bhí sé anonn go maith sna blianta.

D’éag Micheál Mac an Choiligh 20 Feabhra 1926 i ndiaidh breoiteachta fada.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú