Sa Seanbhaile, Co. Bhaile Átha Cliath, a rugadh é ar 19 Nollaig 1866. Bhí feirm ag a mhuintir tráth ach gréasaí ba ea a athair Patrick. Ba í Jane Donohoe, múinteoir scoile ó Bhaile Bachaille, Co. Bhaile Átha Cliath, a mháthair. Bhí deirfiúr agus deartháir aige. Is é seanchas na clainne gur sa teach inar saolaíodh seanmháthair an Phiarsaigh a bhí cónaí orthu.

Is dóigh gur sa scoil áitiúil a cuireadh oideachas air agus ba é a shíl a mhuintir gur chaith sé tamall ag freastal ar cheann de na coláistí pulctha sa chathair le haghaidh scrúdaithe státseirbhíse agus gur ar rothar a thaistealaíodh sé ann.

D’éirigh leis post a fháil mar oifigeach custaim is máil agus cuireadh go Southampton é in 1891. D’aistrigh sé go Londain agus bhí orthu sin a bhunaigh craobh den Irish Literary Society in Forest Gate. In Irisleabhar, iris lucht cánach, Márta 1939, tá cur síos ag ‘Seana-Bheist’ ar an gcumann sin:

‘De lucht an chustaim na baill go léir seachas fear amháin. Do choimeád Pádraig lena chéile iad sa gCumann Liteartha úd agus do bhain obair astu, gach duine acu de réir a ghustail. D’fhonn iad a choimeád lena chéile agus d’fhonn obair a bhaint astu do bhunaigh sé iris scríofa The Sunburst. Uair sa mhí thagadh sé sin amach agus ba bheag mí ná bíodh ceathrar nó cúigear díobh ... páirteach inti. Bhíodh rud éigin ag Pádraig inti gach mí’.

I Lúnasa 1893 bhí sé i mBaile Átha Cliath ag cruinniú den Chonradh nuabhunaithe. Thug sé le tuiscint ann gur i Sasana a d’fhoghlaim sé an teanga. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Chraobh Forest Gate ar 25 Samhain 1897. Ba iad Pádraig agus Seán Ó Catháin na rúnaithe.

D’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath i Samhain 1898 agus gairid ina dhiaidh sin bhí ina bhall d’Ard-Choiste an Chonartha agus ansin den Choiste Gnó. I 1900 ceapadh é ina bhainisteoir ar An Claidheamh Soluis agus d’fhág sin go raibh sé ina bhall de Choiste na bhFoilseachán. I bhfómhar 1901 aistríodh go Gloucester é. D’fhág a chairde in An Stad slán leis:

‘The address to Pádraig Archer by his Gaelic friends on his departure from Dublin may be seen at Mr McGarvey’s, North Frederick Street. The address consists of a poem by Tadhg Ó Donnchadha beautifully illuminated in old Irish style by Aonghus Draoi [Nioclás Mairséal Ó Cuimín], and surrounded by an oaken frame ornamented by carvings of similar pattern. The crossed camáns and the liathróid are well in evidence betokening the interest Pádraig always took in the national game’ (An Claidheamh Soluis 31 Lúnasa 1901).

Chuir Torna cóip dá chnuasach dánta, Leoithne andeas, 1905, chuige agus trí véarsa ar an bhfordhuilleog arb é an chéad cheann díobh: ‘A Phádraig na gcarad i Sasana thall/ Mo chráiteacht gan againn tú i bhfearann do sheann/ Do b’áthas le ‘maireann ón gCathair go Teamhair/ Dá dtráchtadh ar Bhanba ‘Mac Fine Gall’.

Aistríodh go Learpholl é 1910 agus d’fhill sé ar Éirinn i 1913. Chuaigh sé amach ar pinsean i 1931.

Amhránaí agus ceoltóir aitheanta ba ea é. Sheinneadh sé an fhidil, an fhliúit, an phíb mhála agus an phíb uilleann. Thugadh sé ceachtanna píbe d’Éamonn Ceannt agus do Thomás Ághas. Sa liosta píobairí a d’ullmhaigh Séamus Ó Casaide is é Cheltenham an seoladh a bhí aige. Tá tuairim ann gurb é ba thúisce a thug bannaí píob amach ar shráideanna Bhaile Átha Cliath. Mhúineadh sé rince in An Stad agus bhí ina mholtóir ar rince ag Oireachtas1901.

Lúithnire cumasach é freisin. In 1888 bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí na nGéanna Fiáine, foireann peile ina dhúiche féin. Bhí suim aige sa rothaíocht agus bhunaigh sé an club Fingal Rovers in 1890. Thall i Londain bhí sé ar bhunaitheoirí ‘Na Seamróga’, club iomána is peile. Ba mhinic a bhaineadh sé an chéad áit sa phreab, coiscéim agus léim ag aeríochtaí. Bhuaigh sé bonn cré-umha i gcomórtas bollaí ag Aonach Tailteann 1932. Iomrascálaí cumasach é freisin.

Scríobhadh sé véarsaí agus scéalta i mBéarla in The Shan Van Vocht, St Patrick’s, The Weekly Freeman, The Irish Weekly Independent .... Cnuasaíodh cuid de na scéalta faoin teideal Humours of Shanawalla, 1922. Ag Feis Laighean is na Mí i 1901 bhuaigh sé an chéad duais le bailiúchán de logainmneacha Chúige Laighean. Bhí sé ina fhile cúirte ag dream darb ainm na ‘Calathumpions’.

Bhí dúil ar leith aige sa stair áitiúil. I 1975, i bhfad i ndiaidh a bháis, a foilsíodh a mhórshaothar ar a dhúiche féin, Fair Fingal, in eagar ag Jarlath Duffy agus Bob Browne. D’fhoilsigh Taisce Fhine Gall eagrán méadaithe i 1992. Tá a chuntas ar imeachtaí 1798 sa cheantar sin in Béaloideas, IX 2, Nollaig 1939. Ba é a scríobh an bailéad ‘Paud O’Donoghue’ faoi ’98, arb í an chéad líne ann ‘The Yeos were in Dunshaughlin’. Lena mhuintir a bhaineann an scéal sin.

Phós sé Elizabeth McCann ó Bhaile Bachaille tuairim 1892 agus bhí ceathrar iníonacha agus cúigear mac acu. Ag 15 Bóthar Fhionnghlaise, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí air tráth a bháis, ar 19 Eanáir 1949.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú