Tugann Liam Mac Con Iomaire ómós dó in Foinse 12 Deireadh Fómhair 2003 agus tá cuntas air i leathanach na marbh san Irish Times 11 Deireadh Fómhair 2003. Deir Mac Con Iomaire: ‘Is de bharr a chuid oibre i gComhdháil Náisiúnta na Gaeilge le linn re órga na Comhdhála i gcaogaidí an chéid seo chaite, is mó a bheas cuimhne ar Thomás Mac Gabhann, go háirithe de bharr gurbh é a bhunaigh Club Leabhar na Sóisear chun léitheoireacht na Gaeilge a bhunú agus a bhuanú i measc daltaí meánscoile na tíre.’ B’fhéidir a rá gurbh é fear an lucht oibre é i measc oibrithe lánaimseartha ghluaiseacht na Gaeilge. I ngeall ar a chuideachtúlacht, a shoilbhreas agus a chumas scéalaíochta, is fearr ná an díograiseoir a bhí sé in ann dul i gcion ar na daoine sin nárbh í an teanga a bheadh ag déanamh tinnis dóibh. I nGlaschú a rugadh é 10 Lúnasa 1921. Ba iad James Smith agus Rose Mulligan a thuismitheoirí. Chuir a athair abhaile ar laethanta saoire an tsamhraidh é go dtí a dhúiche féin in aice le Baile na Lorgan, Co. Mhuineacháin. Nuair a d’éag an t-athair d’aistrigh an teaghlach go hÉirinn agus chuir fúthu ar fheirm mhuintir a mháthar. Cainteoir dúchais Gaeilge a sheanmháthair agus thugadh an múinteoir Gaeilge sa cheardscoil áitiúil misneach dó agus é ag freastal ar ranganna oíche.

I monarcha bróg i mBaile na Lorgan a bhí an chéad phost aige. Ba ghairid go raibh sé ag timireacht ar son Cheardchumann na nOibrithe Iompair agus Ilsaothair agus ar ball ar son an Boot & Shoe Union, Ceardchumann na gCúntóirí Grosaerachta, agus Ceardchumann na nOibrithe Ospidéil, é ag earcú ar fud chontaetha Mhuineacháin agus Ard Mhacha. Bhí sé ina iarrthóir ar son Pháirtí an Lucht Oibre i dtoghcháin áitiúla 1948. Bhí baint aige le Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge agus le Glúin na Buaidhe ó bunaíodh iad 1940-42. Ó 1951 amach bhí sé ag obair do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, é ag taisteal na tíre i veain de chuid na Comhdhála ag díol leabhar Gaeilge, sna meánscoileanna go háirithe. Cuid dá chúram a bheith ag earcú ball don Chlub Leabhar a bunaíodh i 1948. Chuir sé sáreolas ar Éirinn i rith an taistil síoraí sin. Comhghuaillí dílis aige san obair sin ó 1952 ba ea Breandán Ó hEithir. Gheofar cuntas ar an gcairdeas a bhí eatarthu agus ar obair sin na beirte sa Chomhdháil in Breandán Ó hEithir: iomramh aonair, 2000 le Liam Mac Con Iomaire. Is do Thomás a thoirbhir Breandán an t-úrscéal Sionnach ar mo Dhuán, 1988.

Toisc an Chomhdháil agus Glúin na Buaidhe a bheith in aontíos le chéile i Sráid Uí Chonaill is deacair a rá uaireanta cé acu dream díobh a raibh sé fostaithe acu. Is é is dóichí go mbíodh sé ar iasacht ag an bpáipéar seachtainiúil Inniu anois is arís. Bhí baint aige leis an bhfoilseachán sin ó thosach. Deir Mac Con Iomaire, agus é ag tagairt do bhanchéile Thomáis, Teresa Brennan as Dúthamhlacht in aice le Baile na Lorgan: ‘Dhíoladh an bheirt acu trí dhosaen cóip sa tseachtain de Inniu nuair a tháinig an nuachtán sin amach ar dtús.’ Chaith Tomás tréimhse i gCathair na Mart mar a gcuirtí an páipéar i gcló ó 1949 amach. Cara dílis aige ba ea Pádraig Ó Drisceoil a bhí ag obair go lánaimseartha do Ghlúin na Buaidhe ar feadh breis is fiche bliain. Tugtar suas do Thomás go raibh baint mhór aige le bunú agus le forbairt ghluaiseacht na Gaelscolaíochta ó 1973 ar aghaidh. Bhí sé ina uachtarán ar an ngluaiseacht sin ar feadh tamaill. Bhí baint aige lena fheabhas a d’éirigh le gluaiseacht na gcomhar creidmheasa ar fud na tíre ón am a tionóladh daonscoil sna Sceirí, Co. Bhaile Átha Cliath, i 1957 agus Tomás agus an Drisceolach páirteach ann. Chaith sé tamall ag obair do Ghael Linn agus deirtear san Irish Times faoina shaothar dóibh: ‘... he made a major contribution to the development of the national inter-schools debating competitions and the introduction of Gaeltacht scholarships.’

Fuair sé féin agus Teresa bás 24 Meán Fómhair 2003 de dheasca fabht sa chóras gáis. Tá siad curtha i Reilig Mount Venus, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí beirt mhac agus beirt iníonacha acu.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú