Ó 1932 amach is beag eile aire rialtais a rinne a oiread céanna leis chun tacú leis an nGaeilge. Tá eolas ar chúrsa a shaoil anuas go 1945 ag Liam Skinner in Politicians by accident, 1946. Ba é an seachtú mac é ag James Aiken agus a bhean Mary McGeeney agus i gCarraig Bhreacáin, Camloch, Co. Ard Mhacha, a rugadh é ar 13 Feabhra 1898. Tógálaí nótáilte agus feirmeoir ó Thír Eoghain ba ea an t-athair agus tá séipéil in Ard Mhacha mar fhianaise ar a chumas; ba é an chéad náisiúnaí é a ceapadh ina chathaoirleach ar an mBord Bardachta áitiúil agus bhí sé ina bhall den chomhairle chontae. B’as ceantar Bhéal Leice, Co. Ard Mhacha, don mháthair. Bhí Frank ar scoil ag na Bráithre Críostaí san Iúr. Fuair a mháthair bás go hóg agus b’éigean dó dul i mbun na feirme a bhí acu agus an scoil a fhágáil nuair a bhí sé 16. Ba í an fheirmeoireacht a rogha slí bheatha agus rinne sé staidéar ar gach gné phraiticiúil di. Buachaill mór téagartha ba ea é faoi gheimhreadh 1913 agus ceapadh é ina leifteanant ar an gcomplacht de na hÓglaigh sa pharóiste. Bhí sé ina rúnaí sa chraobh áitiúil de Chonradh na Gaeilge i 1914 agus chaith sé tamaill in Ó Méith agus i dTír Chonaill. Bhí sé gníomhach freisin i Sinn Féin. I 1917 toghadh é ina chathaoirleach ar an gcomharchumann áitiúil, the Camlough Co-Operative Flax-Milling Society. Sa bhliain sin chabhraigh sé chun de Valera a thoghadh sa Chlár. D’iompraíodh sé teachtaireachtaí d’Aibhistín de Staic. I bhFeabhra 1918 gearradh mí phríosúnachta air i ngeall ar a chomplacht a bheith ag druileáil agus gur thug sé ag máirseáil go dtí cruinniú iad. Deirtear go ndearna céad dá chomharsana a chuid curadóireachta dó i rith na míosa sin.

Faoi 1920 bhí sé ina leasbhriogáidire i mBriogáid an Iúir agus an bhliain dár gcionn ina cheannaire ar 4ú Roinn an Tuaiscirt. I bhfómhar na bliana sin bhí sé i gceannas nuair a dódh beairic na bpílear san Iúr. Um Nollaig tugadh fogha faoin mbeairic i gCamloch agus bhí de thoradh air sin gur dódh teach mhuintir Mhic Aogáin an mhaidin dár gcionn. Bhí sé ar a choimeád ina dhiaidh sin, rud a chabhraigh leis chun géarú ar na buillí cogaidh. Ba é a bhí i bhfeighil an luíocháin roimh thraein in Achadh an Dá Mhaol in aice leis an Iúr i 1921; maraíodh ceathrar saighdiúirí agus ceithre scór capall den mharcshlua a thionlaic Rí Seoirse V chun Parlaimint Thuaisceart na hÉireann a oscailt ar 22 Meitheamh 1921. I 1922 mharaigh an Roinn chéanna seachtar Protastúnach in Allt na bhFiach sa dúiche chéanna i ndíoghail Caitlicigh a maraíodh. Rinne sé a dhícheall chun nach mbrisfeadh Cogadh na gCarad amach agus choinnigh a raibh de throdairí faoina cheannas neodrach ar feadh tamaill. Ach bhí sé ina cheann foirne ar Arm na Poblachta tar éis bhás Liam Uí Loingsigh (1890-1923); bhí sé i gcomhluadar an Loingsigh nuair a maraíodh é. Bhí an post sin aige gur chaill é i ndeireadh 1925. Ba iad de Valera agus Aiken a d’ordaigh sos gunnaí 27 Aibreán 1923. Toghadh é ina Theachta Dála thar ceann i 1923; ag Sceilg (Seán Ó Ceallaigh) a bhí an suíochán roimhe sin. ‘One of the most memorable achievements of that election was to have my constituency in Louth annexed in the interests of Mr de Valera’s pliant instrument, Frank Aiken, while I was a prisoner at Botany Bay, a proceeding without parallel in the history of Irish elections’, a dúirt an Ceallach (i gcló ag Brian Murphy in Patrick Pearse and the Lost Republican Ideal). Ceapadh é ina Aire Cosanta sa Dáil Phoblachtach. Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Fhianna Fáil agus toghadh é i ngach toghchán idir 1927 agus 1969. Chaith sé cuid de 1928 ag bailiú airgid sna Stáit Aontaithe chun go bhféadfaí an Irish Press a thosú.

Meastar gurbh é an duine ba ghaire do de Valera é i rialtas Fhianna Fáil anuas go 1959. Bhí sé ina Aire Cosanta 1932-45 (‘an inspired choice’ a thugann Joe Lee ar an gceapachán in Ireland 1912-1985: politics and society, 1989) agus bhain cúraimí ar leith leis an bpost maidir le neodracht agus le cinsireacht i rith an chogaidh nuair is é an teideal a bhí aige ‘Aire Coimhriartha Cosantais’; bhí air turas a thabhairt ar na Stáit Aontaithe i 1941 chun longa agus airm a cheannach agus d’éirigh leis péire long a fháil ach diúltaíodh airm a dhíol leis. Deirtear in De Ghlaschloich an Oileáin: beatha agus saothar Mháirtín Uí Chadhain, 1987 leis an tSiúr Bosco Costigan, go raibh baint aige le fearais scríbhneoireachta a chur ar fáil don Chadhnach nuair a bhí sé i ngéibheann. Bhí sé ina Aire Airgeadais 1945-48, ina Aire Gnóthaí Eachtracha 1951-54, ina Aire Talmhaíochta ar feadh píosa de 1957, ina Aire Gnóthaí Eachtracha arís 1957-69 agus ina Thánaiste 1965-69. Bhí baint aige le forbairt thionscal na móna chomh fada siar le 1932; luaitear go háirithe úsáid na móna chun leictreachas a ghiniúint agus i measc na dtionscnamh a bhfuair sé paitinní orthu bhí tine agus sorn móna. Mar Aire Gnóthaí Eachtracha cuimhnítear gur thacaigh sé le hiarratas na Síne go bpléifí a gcearta chun ballraíochta sna Náisiúin Aontaithe. I 1968 d’éirigh le rún a chuir sé os comhair na heagraíochta sin go gcuirfí teorainn le forleathadh airm núicléacha. Cuirtear a ról i gcúrsaí idirnáisiúnta ar comhchéim lenar bhain de Valera amach i Léig na Náisiún. Bhí sé frithchoilíneach agus neamhspleách ar pholasaithe na Breataine agus na Stát Aontaithe, go háirithe i rith na 1950idí. Deirtear in The Oxford Companion to Irish History, 1998: ‘External affairs minister Frank Aiken embarked on a campaign of activism which placed Ireland firmly among the diplomatically forward-looking “middle powers” of the period, such as Sweden, Norway, and Canada.’ Thug sé tacaíocht do Sheoirse Ó Colla i 1966 nuair a bhí Seán Lemass ar tí éirí as an bpolaitíocht agus thacaigh sé go láidir le Jack Lynch san aighneas laistigh d’Fhianna Fáil i 1970.

I 1934 phós sé Maude Davin agus bhí iníon agus beirt mhac acu agus bhí cónaí ar an teaghlach sa teach ‘Dún Gaoithe’ in Áth an Ghainimh, Co. Bhaile Átha Cliath; bhí feirm dhéiríochta ceannaithe aige san áit sin i 1928. Bhí Maude ina Stiúrthóir ar Scoil Cheoil Chathrach Bhaile Átha Cliath agus maraíodh í i dtimpiste bóthair i 1978. D’éag sé 18 Bealtaine 1983.

In Inniu 27 Bealtaine 1983 scríobh Proinsias Mac an Bheatha gurbh ‘é Proinsias Mac Aogáin an t-aon Aire riamh a thuig tábhacht na hiriseoireachta sa Ghaeilge agus a cheadaigh deontas fial do INNIU nuair a bhí sé ina Aire Airgeadais. Bhí mé féin ar an toscaireacht a chuaigh chuige le cás na dtréimhseachán a phlé leis. Is iad a bhí ar an toscaireacht sin in éineacht liom Donncha Ó Laoire ..., Earnán de Blaghd, Seán Ó hUadhaigh, Seán Ó hÉigeartaigh agus an tAthair Aindrias Mac Aodhagáin. Fuair Comhar agus An Glór deontais speisialta freisin de bharr na toscaireachta sin (tháinig Feasta in áit An Glór tamall ina dhiaidh sin) .... Is dóigh liom gurbh é Proinsias Mac Aogáin an duine de cheannairí Fhianna Fáil—agus, leoga, de cheannairí na bpáirtithe polaitiúla eile—is fearr a thuig a thábhachtaí a bhí sé teacht i gcabhair go praiticiúil ar imeachtaí na Gaeilge. Ba eisean a bhunaigh Scéim na dTithe Gloine don Ghaeltacht agus Scéim na Seallaí. Agus níl mé cinnte nach é a bhí taobh thiar de Scéim an Chúig Phunt freisin i gcás na leanaí a raibh an Ghaeilge acu mar theanga an teaghlaigh sa Ghaeltacht. Cé nach raibh labhairt na Gaeilge go han-líofa aige bhí sí réasúnta maith aige agus bhí fonn air í a labhairt agus bhíodh níos mó ná “an cúpla focal” aige agus é ag labhairt ag cruinnithe’. Scríobh Dónall Ó Móráin sa réamhrá le Comhar 1942-1982, 1982: ‘Faoin mbliain 1947 bhí Seán [Ó hÉigeartaigh] agus mé féin ar Bhord Stiúrtha Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus de bharr na tosaíochta a ghlac seisean san eagras úd d’éirigh leis sa bhliain 1948 rud nua ar fad a bhaint as an Stát, is é sin pátrúnacht éigin ar na tréimhseacháin Ghaeilge. Ina leith sin ní miste tagairt mholtach a dhéanamh do dhea-thoil Aire Airgeadais na linne, Proinsias Mac Aodhagáin, gura fada buan é.’ Ba é freisin a chuir tús leis an scéim scoláireachtaí trína bhféadfaí £150 sa bhliain a thabhairt do bhuaiteoirí a dhéanfadh a gcuid scrúduithe céime trí mheán na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh. ‘After the War, the advent of the Aiken (or “£150”) scholars from All-Irish or “A” schools all over the country, as well as the provision of scholarships from Gaeltacht areas, led to a significant increase in the number of students taking their courses through Irish’ (From Queens College to National University: Essays Towards an Academic History of QUC/UCG/NUI, Galway, 1999 in eagar ag Tadhg Foley). Bhronn tíortha éagsúla onóracha air agus fuair sé céimeanna oinigh ó Ollscoil na hÉireann agus ó Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil sa Dictionary of Ulster Biography anseo »

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú