Tá eolas ina thaobh in Who’s Who, What’s What and Where in Ireland, 1973; d’fhág sé féin cuntas scríofa ar a shaol anuas go 1949. I gCill Tormóir, Co. na Gaillimhe, a rugadh é 30 Lúnasa 1909. Ball de Chonstáblacht Ríoga na hÉireann a athair Pádraig agus ba í Alicia Molloy a mháthair. Bhí deartháir agus beirt deirfiúracha aige. D’aistrigh an teaghlach go cathair na Gaillimhe agus d’fhreastail sé ar bhunscoil Bhráithre Phádraig. I mbunrang mheánscoil na mBráithre, Coláiste Sheosaimh, bhí sé sách óg go fóill chun cur isteach ar oláireachtaí Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Bhí cúrsa tráthnóna sa bhunrang sin chun buachaillí a thabhairt isteach ar an nGaeilge agus ar na hábhair eile a fhoghlaim trí mheán na Gaeilge: ‘Sa seisiún speisialta sin rinne mé don chéad uair uimhríocht, tíreolaíocht, céimseata thrí Ghaeilge, agus chuir sé ionadh an-mhór orm go bhféadfaí é sin a dhéanamh agus é a dhéanamh gan mórán stró.’ I nGaeilge ar fad a bhí an scrúdú ar dá thoradh a bhuaigh sé ceann de na oláireachtaí. Ba é Tomás Ó Raghallaigh an múinteoir Gaeilge aige sa choláiste: ‘Ba sórt teanga oifigiúil an Ghaeilge a chuala mé go dtí sin. D’fheil sí do ráitis fhoirmiúla ach ní raibh aon bheocht inti. I gcás Uí Raghallaigh féin, is ar ócáidí neamhfhoirmiúla a d’úsáid sé an sórt Gaeilge a thaithnigh liom, sórt béarlagar comónta. . . . Aon rud a dúirt sé go neamhoifigiúil agus ar nós cuma liom, bhí beocht ann.’ Bhí air léacht (‘Éireannaigh thar lear’) a thabhairt don rang uair agus d’fhoilsigh Ó Raghallaigh é in An Sgoil Ghaeilge, 1934. Faoi 1927 bhí sé ina bhall deChonradh na Gaeilge sa chathair, agus i gcomórtas litríochta Fheis Chonnacht bhuaigh sé duais le halt ar scríbhneoirí Chonnacht. Roghnaíodh é ina ábhar múinteora i ndiaidh na Meán-Teistiméireachta agus de thoradh a mharcanna san Ard-Teistiméireacht chuaigh sé go Coláiste Phádraig, Droim Conrach. Cháiligh sé mar bhunoide i 1929 agus ba é a fuair an marc ab airde sa Bhéarla. Bhí post aige ar feadh bliain go leith i scoil na mbuachaillí i mBaile Átha an Rí agus ceapadh é ina phríomhoide i scoil bheag na hÚrchoille sa pharóiste céanna i 1930. Bhain sé an Dioplóma san Oideachas amach. Tar éis dhá bhliain i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe bhain sé céim amach le honóracha den chéad scoth i mBéarla agus i nGaeilge i 1932, agus an chéad áit i nDámh na nDán; bronnadh oláireacht air. Ghnóthaigh sé oláireacht Theach an Ard-Mhéara freisin; ó bunaíodh an oláireacht sin i 1916 ba é seo an dara huair a bhuaigh mac léinn i nGaillimh í. Theip ar a shláinte i 1932-33 agus d’fhág sin díomhaoin é go ceann bliana. I 1934 fuair sé post sa bhunscoil a bhain leColáiste Phádraig, Droim Conrach; mura mbeadh post ollscoile le fáil aige d’oirfeadh dó a bheith ina chigire agus chuige sin níor mhór gurbh ag múineadh i scoil cháiliúil a bheadh sé.

I 1937 ceapadh é ina léachtóir cúnta sa Ghaeilge i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe; bhí dhá phost den chineál céanna fógartha agus Tomás S. Ó Máille a fuair an ceann eile. Bhuaigh sé Duais an Mháirtínigh [Edward Martyn B5] ar ghearrscéal ag Oireachtas 1953. Foilsíodh i 1955 Scéalaí Tíre, béaloideas a bhailigh sé ó Risteard Ó Dúgáin i Mionloch. Faoi 1965 bhí sé ina léachtóir sa Nua-Ghaeilge agus ceapadh é ina ollamh le Nua-Litríocht na Gaeilge i 1971. Bhí PhD faighte aige i 1954 i ngeall ar bhéaloideas a bhailigh sé i Mionloch. Rinne sé staidéar ar Theangeolaíocht Chomparáideach in Oxford 1962-63. Bronnadh Comhaltacht Taighde Rhys air agus bhí sé ina Chomhalta Sinsearach ar cuairt i gColáiste Íosa, Oxford, i 1972-73. Chuir sé spéis ar leith in Pádraic Ó Conaire agus deir Pádraigín Riggs (Pádraic Ó Conaire: Deoraí, 1994) gurb ina leabhar Saoirse Anama Uí Chonaire, 1984 atá an chéad staidéar cuimsitheach ar na pearsana in Deoraíocht. Tá saothar leis in Éigse, Béaloideas, Comhar, Feasta, Celtica, Journal of the Galway Archaeological and Historical Society. . . . Bhí sé pósta ar Martha Evans ó Bhéal Easa agus bhí mac agus beirt iníonacha acu. D’éag sé 16 Márta 2000.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú