Rugadh é i nDún Búinne (nó Domhnach Boithín mar a thugadh sé féin ar an áit) ar 28 Lúnasa 1878. Christopher a baisteadh air. Séamus ab ainm dá athair, traenálaí capall ráis i Hollywood -rath in aice le Cluain Aodha. Bean as Damhliag darbh ainm Caitríona Ní Chonaill a mháthair. Bhí triúr buachaillí agus beirt chailíní sa chlann. Ba chuimhin lena máthair Gaeilge á labhairt i nDamhliag.

Chuaigh Giolla Chríost ag obair i mBaile Átha Cliath in 1893. Fuair sé post mar phéintéir le muintir Jamieson Pim, driogairí. Cheangail sé leis an gConradh nuabhunaithe in 1894. In ‘An Mhuintir s’againne’, Scéala Éireann 18 Deireadh Fómhair 1958, dúirt sé go raibh sé ina bhall de Chonradh na Gaeilge chomh luath le 1893. Sinéad Ní Fhlannagáin an múinteoir a bhí aige. Bhain sé an Teastas Gaeilge amach trí bliana as a chéile – i dTuar Mhic Éadaigh, sa Spidéal agus sa Rinn. Casadh Peadar Ó Maicín air timpeall an ama seo. Péintéir ba ea é sin leis. Bhí sé ina bhall de Bhráithreacht na Poblachta. Tháinig Giolla Chríost go mór faoina thionchar. Eisean faoi deara gur 'Giolla Chríost’ a thabharfadh an fear óg air féin feasta. Thug sé isteach i gClub Oliver Bond é nuair a bunaíodh é in 1898.

Fuair sé post timire sa Chonradh i 1908. Sa Mhí, san Iarmhí, sa Longfort agus sa Chabhán a bhíodh sé ag timireacht. Chaith sé tréimhse ag múineadh i gColáiste Sheosaimh, Béal Átha na Sluaighe, agus d’fhill ar an timireacht. Bhí sé ag timireacht do na hÓglaigh san am céanna. Bhí pearsantacht oiriúnach aige, bhí guth maith ceoil aige-bhuaigh sé bonn óir Oireachtais i gcomórtas amhránaíochta-bhí dúil aige sna rincí gaelacha agus bhí sé go maith chun feiseanna agus aeraíochtaí a eagrú. Mhaígh sé in ‘An Mhuintir s’againne’ gur ghnóthaigh sé duaiseanna ar dhrámaí ach dhealródh sé ó Scéal an Oireachtais 1897-1924 nárbh i rith na tréimhse sin é.

Cheangail sé féin agus a dheartháireacha leis na hÓglaigh nuair a bunaíodh iad. Bhí sé féin sa 4ú Cathlán (Innealltóirí). Bhí sé réitithe go nglacfadh sé páirt san éirí amach i gContae Na Mí. Naíscoil Ghaelach a bhí bunaithe aige i Ráth Maonais dhóigh na Black and Tans go talamh é i 1920, más fíor do thuairisc ar an Irish Independent i ndiaidh bhás Ghiolla Chríost.

Sa bhliain chéanna sin phós sé Sorcha Ní Mhaolchiaráin as Inis Meáin. Thóg siad a dtriúr mac le Gaeilge. Sna Sceirí a bhí cónaí orthu ar dtús, ag 15 Cearnóg Pharnell ansin agus i bhFonnghlas ar ball.

Bhí sé ina rúnaí lánaimseartha ag Coiste Chathair Bhaile Átha Cliath den Chonradh sna 1920idí. Ansin chuaigh sé le múinteoireacht ghairmoideachais i gCearnóg Pharnell, i nDroichead na Dothra agus sa Rinn. Bhí sé ag múineadh san Ard-Chraobh ó 1920 go 1957 agus i Ráth Maonais agus sna Sceirí.

Bhí aithne ag na mílte de mhuintir na cathrach air toisc go mbíodh sé ina ‘fhear a’ tí’ ag aeraíochtaí a reáchtáileadh an Bardas i gcomhpháirtíocht leis an gConradh sna páirceanna poiblí gach samhradh. Bhíodh sé i gceannas freisin ag an Mhór-Shiamsa i Log Pháirc an Fhionnuisce. Chaitheadh sé filleadh beag agus b’fhéidir a rá gur dhuine de charachtair na cathrach é. Toghadh é ina Uachtarán ar an Oireachtas i 1958. D’éag sé ar 19 Márta 1973. Ní móide go raibh aon duine eile chomh gníomhach leis i gcúrsaí an Chonartha ar feadh tréimhse chomh fada sin.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú