Bhí an t-ailtire, an t-eagarthóir agus an t-ealaíontóir grafach seo ar dhuine de chúigear caomhnóirí Ghael Linn nuair a bunaíodh an eagraíocht sin i 1953. Thug sé eolas air féin in Eolaire Chló Iar-Chonnachta de scríbhneoirí Gaeilge: who's who in Irish-Language writing, 1998. Tá cuntas air sa cholún ‘An Mhuintir s’againne’ in Scéala Éireann 5 Feabhra 1955 agus cuntas iarbháis in Irish Times 25 Eanáir 2003. Bhí sé ar dhuine den chlann cheathrair, triúr buachaillí agus iníon, a bhí ag Henry Briscoe, oifigeach cánach, agus a bhean Mary Halton; i mBaile Átha Cliath a rugadh é 28 Márta 1920. Hubert an t-ainm a baisteadh air; ainmníodh é as a uncail, an stocbhróicéir a bhunaigh an comhlacht Butler & Briscoe, a bhí, b’fhéidir, ar an gcéad ghnó dá leithéid ag Caitlicigh Bhaile Átha Cliath. B’as Biorra do mhuintir Bhrioscú agus bhí an teach tábhairne Tolka House ag seanathair Aodhagáin, fear a bhí freisin ina chló-eagraí ag an Irish Times. Cuid de sheanchas mhuintir Bhrioscú go raibh siad gaolmhar leis an bhfile John Keegan Casey (1846-70) agus gur dhuine díobh a cheannaigh uaigh i nGlas Naíon do na Fíníní. B’as Maigh nEalta, Co. na Mí, do sheanathair máthartha Aodhagáin agus bhí siopa grósaera aige sa Rinn, Baile Átha Cliath.

I nDumhach Thrá, Baile Átha Cliath, a bhí cónaí ar an teaghlach tamall sular aistrigh siad go dtí Raghnallach ar dtús agus ansin go Crois Araild. Cuireadh oideachas ar Aodhagán i Scoil na mBráithre, Sráid Synge, sular cháiligh sé mar ailtire sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i 1945; d’fhreastalaíodh sé ar ranganna líníochta sa Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus chuir slacht ar a chuid Gaeilge i gColáiste Chonnacht. Deirtear san Irish Times: ‘In his early teens he developed a talent for writing, becoming Irish correspondent of the British-based Radio Pictorial.’ Le linn dó a bheith sa Choláiste Ollscoile bhí sé ina reachtaire ar an gCumann Gaelach agus ina eagarthóir ó am go céile ar irisí na mac léinn: Cothrom na Féinne, An Iodh Morainn agus The National Rooster. Bhí sé ar dhuine den scór nó mar sin a bhí sa láthair nuair a bunaíodh Craobh na hAiséirí de Chonradh na Gaeilge i 1941 (Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 : stair sheanchais, 1993 le Proinsias Mac Aonghusa). Chaith sé tamall ina uachtarán ar an gComhchaidreamh agus bhí baint aige le mórghníomhartha na heagraíochta sin: bunú Comhar i 1942 agus bunú Ghael Linn ar ball. Chaith sé deich mbliana ina bhall de choiste Comhar. Bhí sé ar choiste Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge. Mar chléireach oibreacha i Móinteach Mílic, mar a raibh monarcha á tógáil, a thosaigh sé ag obair agus ar feadh trí bliana bhí ag múineadh ábhair ailtireachta agus foirgníochta istoíche i gceardscoil. Bhí sé ag obair do chomhlacht ailtireachta Vincent Kelly sular thosaigh sé ag obair in oifigí Michael Scott (1905-89) tuairim 1946. Nuair a aistríodh ceannáras Chonradh na Gaeilge go dtí 6 Sráid Fhearchair ba é a chuir caoi ar an teach sin. Bhí sé ina uachtarán tamall ar na Teaghlaigh Ghaelacha.

Foilsíodh ailt leis in Ar Aghaidh, Comhar, An Glór, Inniu, Feasta, An Sagart, Hibernia, Scéala Éireann. . . . Bhí sé ina eagarthóir ar Architect and Contractor (1953-54), agus Suirbhé Foirgníochta (1962-72) agus ar na leabhair Ireland’s Architectural Development / Oidhreacht Ailtireachta Éireann, 1975 agus Dublin’s Architectural Development 1800-1925, 1988 agus chuir léaráidí agus grianghrafanna ar fáil do na foilseacháin sin. Deirtear in Scéala Éireann: ‘Chuir sé in eagar anuraidh an chéad lámhleabhar ailtireachta a foilsíodh riamh sa tír seo—ina bhfuil foclóir Gaeilge don ailtire ann chomh maith.’ Chraoladh sé nuachtchainteanna ó Radio Éireann. Mar ealaíontóir grafach dhearadh sé póstaeir agus cártaí Nollag; mhaisigh agus dhear sé clúdaigh leabhar agus irisí: Miss Crookshank agus Coirp eile, 1951 le Leon Ó Broin, Cuimhní Cinn, 1951 le Liam Ó Briain [B3)], Scéal na Scannán, 1953 le Proinsias Ó Conluain, Comhar. . . . Bhí baint aige le Taispeántas Ealaíne an Oireachtais. D’éag sé 14 Eanáir 2003 agus cuireadh é i reilig Theach Sagard, Co. Bhaile Átha Cliath. Bhí sé pósta ar Anna Ní Bhroin agus bhí tríur mac agus triúr iníonacha acu. Bhí Anna ina ball den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge a bunaíodh i 1958. Bhí Ita, deirfiúr Aodhagáin, ina dochtúir leighis agus bhí sí pósta ar Jimmy McCanny; mac leo is ea an scríbhneoir Séamas Mac Annaidh.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú