Bhí sé ar dhuine de mhórphearsana Radio Éireann ar feadh 1939-74. Faoin ainm Robert Farren bhí a ainm in airde mar fhile Béarla sa dara ceathrú den 20ú haois, ach scríobh sé gearrscéalta i nGaeilge agus d’aistrigh úrscéal agus dráma go Gaeilge. Tá cuntas air in: Inniu 18 Meán Fómhair 1953; Forty Years of Irish Broadcasting, 1966 le Maurice Gorham; Inniu 24 Márta 1972 le Risteárd Ó Glaisne; Irish Times 31 Nollaig 1984 le Seán Mac Réamoinn. Scríobh sé féin an chaibidil ‘Some Early Days in Radio’ in Written on the Wind, 1976 in eagar ag Louis McRedmond. I mBaile Átha Cliath a rugadh é 24 Aibreán 1909 ag 20 Greenore Terrace, Sráid Íochtarach na Mórchanálach, Baile Átha Cliath. Ba é Henry Farren, snoíodóir cloch, a athair. Catherine a mháthair, .‘Gray’ sloinne na máthar, dar le DIB ach ‘Ray’atá sa teastas breithe. I nDaonáireamh 1911 tá curtha síos go raibh Henry 38 bliain d’aois agus Catherine 33, go raibh Gaeilge acu beirt agus gurbh i mBaile Átha Cliath a rugadh iad; bhí a mac James trí bliana agus naoi míosa d’aois agus Roibeard bliain agus aon mhí déag.

Bhí a mhuintir sáite i bpolaitíocht an lucht oibre, a uncail Tom go háirithe, fear a toghadh ina sheanadóir thar ceann Pháirtí an Lucht Oibre. ‘Bhí sé de ádh air gur múineadh Gaeilge dó sa Scoil Náisiúnta fiú sular imigh na Sasanaigh. Bhí beirt oidí sa scoil a bhí ceanúil ar an nGaeilge agus thosaigh sé á foghlaim nuair nach raibh sé acht seacht mbliana d’aois’ (Inniu. I Scoil Mhuire, Bóthar Haddington, a bhí sé. Ó aois 14 go raibh sé 18 bhí sé ina mhonatóir sa scoil faoin seanscéim agus lena linn sin, i 1926, bhí ailt Ghaeilge i gcló aige in Fáinne an Lae. Scoláireacht na Cásca a thug go Coláiste Phádraig, Droim Conrach, é. Comhaimseartha leis ansiúd bhí Francis Mac Manus (1909-65), an cara ba mhó aige, agus Séamus Caomhánach, beirt a bheadh ag obair leis i Radio Éireann ar ball. Bhí a lán ábhar á dteagasc ann trí Ghaeilge ag an am sin. Chaitheadh sé saoire an tsamhraidh i dteach mhuintir Chaomhánach i nDún Chaoin agus bhí mór le Seán Caomhánach. I scoil Mhichíl is Eoin in aice le Droichead Chéipil a thosaigh sé ag múineadh agus i gceann sé mhí fuair post eile sa Charnán Cloch. Deich mbliana a chaith sé leis an múinteoireacht.

Bhain sé an MA amach san fhealsúnacht Tomaíoch i gColáiste Ollscoile Chorcaí tar éis staidéar páirtaimseartha a dhéanamh faoi stiúir an Athar James O.F.M.Cap. Tá cuntas ar an gcaoi ar tharla sin in Inniu 24 Márta 1972: toisc dhá bhliain a bheith caite aige ina leaseagarthóir ar an mbliainiris Capuchin Annual agus ábhar aige inti ar fhealsúnacht na n-ealaíona is ea a shocraigh na Caipisínigh go dtuillfeadh sé céim ollscoile. ‘Bhí cead de réir achtanna na hollscoile gan léachtanna an BA a thinreamh ach gur chaith duine céim go n-onóracha a fháil sa bhfealsúnacht agus tráchtas MA a dhéanamh ina dhiaidh sin.’ Ba é a scríobh an chaibidil ‘Saint Thomas of Aquin’ in Saints for Now, 1952 in eagar ag Clare Booth Luce. I 1932 bhí ailt Ghaeilge i gcló aige in Outlook i dtaobh litríocht na Gaeilge agus i 1935 bhí sé ag craoladh léirmheasanna Gaeilge. Ceapadh mar Oifigeach na gCainteanna é i Radio Éireann 8 Lúnasa 1939. Deir Gorham: ‘This was the beginning of a long connection with Radio Éireann, longer than anyone else has had in a key position on the programme side.’ Go luath i ndiaidh a cheaptha aistríodh Séamus Ó hAodha (1881-1943), oifigeach na gclár Gaeilge, go dtí oifig an chinsire agus ar Roibeard a thit sé dualgais a phoistsean a chomhlíonadh, agus sin gan aon phá breise a fháil.

Mhol sé i 1940 go mbunófaí compántas aisteoirí raidió, rud nach ndearnadh go 1947 nuair a bunaíodh an R.E.P. Deir Mac Réamoinn: ‘When in the late 1940s, circumstances became favourable to a mild expansion in the service, Ó Faracháin (now deputy director) presided over the new development with skill and enthusiasm. With the active collaboration of Leon Ó Broin [q.v] ... he encouraged the recruitment of musicians from all over Europe for the newly-expanding Symphony Orchestra. He set up a permanent Repertory Company which has been one of the enduring successes of Irish Radio and developed the spoken arts, urban and rural, in many other ways’ (Irish Times). Bhí sé ina cheannasaí ar chláir raidió 1953-74. Bhí sé ar dhuine de stiúrthóirí Amharclann na Mainistreach 1940-73 agus bhí sé ina bhall de choiste an Chomhair Drámaíochta sna 1940idí. Dar leis féin (Inniu gur roghnaíodh é mar stiúrthóir toisc gurbh fhile a theastaigh ó Fred Higgins (1896-1941), gur Ghaeilgeoir a theastaigh ó Earnán de Blaghd agus gur dhuine óg a theastaigh ó na stiúrthóirí go léir. I 1940 bhunaigh sé an Dublin Verse-Speaking Society (i gcomhar le Austin Clarke) ar eascair an Lyric Theatre Company as i 1944.

Thosaigh sé ag scríobh dánta timpeall 1930. ‘Dar le Roibeard nach bhféadfadh sé filíocht Ghaeilge a chumadh lena shástacht féin agus Béarla is mó a scríobh sé ó shoin. Tá an iomarca “macallaí” san fhilíocht, deir sé, agus tá lorg na tuaithe go láidir ar an nGaeilge. Theip air smaointe fhear cathrach a nochtadh go sásúil i nGaeilge Chiarraí’ (Inniu 18 Meán Fómhair 1953). Foilsíodh cnuasach dá ghearrscéalta Fíon gan Mhoirt. Deir Seán Mac Réamoinn: ‘I mbliain a ’38 sea tháinig a chnuasach gearrscéal amach, Fíon gan Mhoirt, agus is cuimhin liom an blas úr éagsúil a fuaireas féin orthu san am. Mar le rud amháin de, bhí saol na cathrach iontu, rud ba annamh i scéalaíocht Ghaeilge san am. Is mór an trua, dar liom, gur beag uilig a scríobh sé sa teanga ina dhiaidh sin. Ní miste a rá, áfach, go ndearna sé éachtaí ar a son ar an Radio. Pé seasamh atá aici le blianta ansin, is dó atá bunús an bhuíochais ag dul. Bhíodh sé cúramach ariamh i dtaobh a sciar cóir ama craolta a thabhairt di, ach é níos cáiréisí fós faoi chaighdeán agus mianach an ábhair a chraoltaí. Ní raibh aon mheas aige ar an dara scoth ...’ (Irish Times). In An gearrscéal sa Ghaeilge 1898-1940, 1981 braitheann Aisling Ní Dhonnchadha tionchar O. Henry ar a chuid scéalta, gur ar an eachtra seachas ar ar an téama a chuireann sé béim. Deir sí: ‘Mura mbaineann an bailiúchán scéalta seo déine na mórealaíne amach (agus ní dhéanann) is cinnte gur scéalta dea-inste atá ann. Cuirtear sonrú sna scéalta de bharr a spéisiúla atá an ionramháil ábhair agus an modh inste. Scuabtar an léitheoir isteach i mbeocht na gníomhaíochta ionas gur beag é a aird ar laigí nó ar chleasanna cumadóireachta an údair.’ Níor scríobh sé aon ghearrscéalta Gaeilge i ndiaidh Fíon gan Mhoirt: ‘Ní rabhas sásta go raibh go leor eolais agam ar an nGaelainn chun scéalta a scríobh inti ar shaol na cathrach’ (Inniu 24 Márta 1972). Dúirt sé freisin: ‘Tá blas na Gaelainne go maith agam agus ceapann daoine go bhfuil foclóir leathan agam, ach níl. Is é an scéal céanna agam é sa Fhraincis, san Iodáilis, sa Spáinnis agus sa Phortaingéilis, teangacha a mhúineas dom féin i dteannta na Laidine.’ Scríobhadh sé an colún ‘Fear ina Dhúthaigh’ san iris Éire 1945-46.

Cnuasaigh dá dhánta is ea: Thronging feet, 1936; Time’s Wall asunder, 1939; Rime, gentlemen, please, 1945; agus Selected Poems, 1951. Scríobh sé Towards an appreciation of poetry, 1947; The Course of Irish Verse, 1948. Ba é breithiúnas Thomáis Uí Fhloinn ar an leabhar deiridh sin tráth a fhoilsithe: ‘Ach an bhféadfadh litríocht cheart dhúchasach leithleasach fás i mBéarla sa tír seo, i mbéal an dorais ag foinse an Bhéarla, i gceartlár réigiún treise an Bhéarla, in éadan meáchan, sampla, margadh, traidisiún agus tréithiúlacht an Bhéarla? Measann Robert Farren gur féidir. Is mór é a mhisneach. I gcomparáid leis an rud ba mhian leis sin a thabhairt i gcrích is obair gan dua é athbheochan na Gaeilge’ (i gcló in Cion Fir: Aistí Thomáis Uí Fhloinn in Comhar, 1997 in eagar ag Liam Prút). Dán eipiciúil ar Cholm Cille is ea The First Exile, 1944. Scríobh sé drámaí véarsaíochta agus ina measc tá Convention at Druim Ceat agus Lost Light a léiríodh in Amharclann na Mainistreach i 1943. I 1959 choimisiúnaigh RTÉ Seán Ó Riada chun saothar mór córúil a chumadh timpeall ar théacs Uí Fharacháin (‘The Lords and the Bards’) le cur isteach ar an Prix Italia. Chuir Aloys Fleischmann ceol le ‘Songs of Colmcille’ i 1964. Deir Mac Réamoinn: ‘Along with his close friend (and later colleague) the novelist Francis McManus, he was often quite unfairly the butt of jibes as being what a later generation would call an “establishment” writer. The two of them are mercilessly pilloried in the “Paddiad” by Patrick Kavanagh, not one of his greatest works.’ Deirtear gurbh é Ó Faracháin a d’fhéach chuige go mbainfí Tarry Flynn amach as liosta an chinsire oifigiúil; is inspéise freisin go raibh Kavanagh ar dhuine díobh sin a chuir isteach ar phost Oifigeach na gCainteanna i Radio Éireann i 1939. Ar feadh tamaill fhada bhí lipéad an fhile Chaitlicigh air, ach ní fhágann sin nár dhuine neamhspleách i gcúrsaí craolacháin é. Deir Mac Réamoinn: ‘One recalls an occasion when a “suggestion” that Mr X was, however highly thought of abroad, not a suitable person to allow on the Irish air. Ó Faracháin offered to resign rather than acquiesce—a fairly brave gesture in those hungry years’. Chuir sé eagar ar Éire: Bliainiris Ghaedheal; Rogha Saothair Ghaedheal mbeo, 1940. D’aistrigh sé go Gaeilge Tom Creagan, 1931, úrscéal le Dermot Barry (Tomás Ó Créagáin, 1954) agus bundráma le Francis MacManus faoin teideal Tóirthneach Luimnighe, 1935. Bhí sé pósta ar Maureen Smyth agus bhí beirt mhac agus triúr iníonacha acu. D’éag sé ar 29 Nollaig 1984.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú