John Ernest a baisteadh air. Ba é Robert John Lester, a raibh siopa beag aige, a athair agus Henrietta Mary Ritchie an mháthair. I Sruth na Coille, Carraig Fhearghais, Co. Aontroma, a rugadh é ar 27 Meán Fómhair 1888. Bhí sé ar scoil sa Choláiste Meitidisteach i mBéal Feirste go raibh sé 14 bliana d’aois agus thosaigh ag obair mar iriseoir nuair a bhí sé 17 mbliana sa North Down Herald. Tuairim an ama seo chuala sé Gaeilge á labhairt i mBéal Feirste agus cheangail sé le craobh den Chonradh. Blianta ina dhiaidh sin, i mBealtaine 1913 in An Chraobh Ruadh, iris Chonradh na Gaeilge i mBéal Feirste, chuir sé síos ar an spreagadh a fuair sé ann. “When I first entered the rooms of the Gaelic League I half hoped and half feared I would be the only Protestant in the ranks, but of the first people I met three were old school-fellows! ... A class meeting of the Gaelic League is not like any other language class – the collective mind seems to be ranging the universe whilst the individual minds are grappling cheerfully with the preliminary difficulties of Ár dTeanga Féin. There is a magnificient spirit of comradeship in the League – a spirit reminiscent of the communes which were conservators of the older civilisation – for the harsh and vulgar commercial standards do not enter here, and the law of competition is replaced by the law of mutual aid”.

Ba ghairid gur ‘Mac Leastair’ a bhí sé a thabhairt air féin. Ba é Earnán de Blaghd a thug isteach i mBráithreachas na Poblachta é i 1909. I mBaile Átha Cliath bhí sé ina bhall den ghrúpa beag ar a raibh Sean O’Casey, an Blaghdach agus Anraí Mac Niocaill, grúpa a bhí ag iarraidh go mbeadh seirbhísí i nGaeilge ar fáil do Phrotastúnaigh.

Bhí sé tamall i nGaillimh ag obair don Connacht Tribune agus bhí dúil ar leith aige i gConamara riamh ina dhiaidh sin. Ó 1913 amach is i mBaile Átha Cliath a bhí sé. Ar ball bhí sé ina eagarthóir nuachta ag an Freeman’s Journal. Phós sé i 1920 Elizabeth Ruth Tyrrell agus bhí triúr iníonacha acu. I 1922 bhí sé i gceannas ar chúrsaí poiblíochta don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus i 1929 ceapadh é mar ionadaí ag Éirinn sa Ghinéiv. Tá cuntas ar a sheirbhís i Léig na Náisiún sa Dictionary of National Biography 1951–1960 agus ag Seán Cronin in aiste in Irish Times, 29 Nollaig 1989. Bhí sé ina chathaoirleach ar choiste ar éirigh leis réiteach a dhéanamh san aighneas idir Peiriú agus Columbia agus b’in a tharraing aird air i dtosach. Ceapadh é ina ardchoimisinéir in Danzig agus é de chúram air féachaint chuige go raibh an bunreacht á fheidhmiú go daonlathach. Tharraing an cúram sin fraoch na Naitsithe air agus bhí sé i mbaol a anama tamall. Ach sheas sé an fód go cróga go dtí gur léir go raibh teipthe ar ról na Léige in Danzig. Ceapadh ansin é ina Leas-Ardrúnaí ar an Léig sa Ghinéiv. Nuair a shíl an tArd-Rúnaí féin, Joseph Avenol, comhréiteach a dhéanamh le rialtas Vichy ba é Lester an t-aon duine amháin a bhí sa bhealach air. Thacaigh Uachtarán na Léige le Lester agus ceapadh é ina Ard-Rúnaí Gníomhach i Lúnasa 1940. Ceapadh é ina Ard-Rúnaí sular cuireadh deireadh leis an Léig agus air a thit sé an Léig a scor. Thug Coláiste na Tríonóide agus Ollscoil na hÉireann dochtúireachtaí oinigh dó.

Chaith sé a raibh fágtha dá shaol ag cur faoi i dTeach an Stáisiúin sa tSraith Salach i gConamara agus an iascaireacht agus an gharraíodóireacht mar chaithimh aimsire aige. Ann a d’éag sé ar 13 Meitheamh 1959 agus cuireadh é sa Chlochán. Cé go gcaitheadh sé tamaill i gCiarraí leis an mBlaghdach nuair a bhí seisean ag obair ann do mhuintir Ághas – choinníodh sé airgead leis an mBlaghdach – ní raibh líofacht Ghaeilge aige riamh ach lean a spéis sa teanga. Nuair a bhí sé ina Ard-Choimisinéir in Danzig d’fhéachadh sé chuige go mbíodh an triúr iníonacha ag foghlaim Gaeilge ann. Théadh an Blaghdach ar cuairt chuige agus bhíodh seisean ag feidhmiú mar chigire! Foilsíodh The last Secretary-General: Seán Lester and the League of Nations, 1999 le Douglas Gageby. Bhí Gageby (1918-2004), eagarthóir cáiliúil an Irish Times, pósta ar Dorothy, iníon le Lester.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú