Is iomaí alt a bhí ag an eacnamaí seo in Comhar idir 1944 agus 1964. Tá cuntais air in ‘An Mhuintir s’againne’ (Scéala Éireann 19 Nollaig 1952) agus in From Queen’s College to National University: essays on the academic history of QCG/UCG/NUI Galway, 1999 in eagar ag Tadhg Foley. I Manchain a rugadh é agus is ann a bhí sé ar scoil. B’as Muilte Farannáin, Co. na hIarmhí, dá athair agus b’as Corcaigh dá mháthair. Ba mhinic in Éirinn é agus é ina pháiste. Thosaigh sé ar Ghaeilge a fhoghlaim in aois 12 bliain dó. Ball de Chraobh Oisín de Chonradh na Gaeilge i Manchuin ba ea é ó 1928 agus chaith sé trí bliana ina rúnaí. Bhí Gaeilge á múineadh aige in aois 18 bliain dó. Thug sé cuairteanna ar cheantair Ghaeltachta i dTír Chonaill agus i gConamara. Ag Cuimhneachán Mhairtírigh Mhanchuin i 1933 thug sé óráid i nGaeilge. Chuir sé faoi in Éirinn i 1933 agus chaith seacht mbliana ina státseirbhíseach sa Roinn Tionscail agus Tráchtála i Sligeach. Bhain sé céimeanna amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus i gColáiste na Tríonóide. Ag obair in Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán a bhí sé, é ina rúnaí agus ina chuntasóir acu, nuair a tugadh ar iasacht é ar feadh 1949-51 don Choiste Taighde a bhí bunaithe ag an rialtas chun fíricí a bhailiú faoin gCríchdheighilt; thaistil sé na Sé Chontae ar rothar ag déanamh an taighde ar ar bhunaigh sé Ireland: the finances of partition, 1952, leabhar a thuill dochtúireacht dó. I gcomhar le Roger McHugh (1908-87) chuir sé eagar ar an iris Our Nation sna luathchaogaidí; bhí aiste le Máirtín Ó Cadhain sa chéad uimhir, Aibreán 1951. Bhí sé ina bhall den gcoiste a rinne iniúchadh ar eacnamaíocht na Gaeltachta. Nuair a ceapadh Liam Ó Buachalla ina Ollamh le hEacnamaíocht i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe i 1952 ba é Labhrás a ceapadh mar léachtaí ina áit. Ceapadh é féin ina Ollamh le hEacnamaíocht i 1969. ‘Ó Nualláin was a pioneer in developing an academic interest in Ireland in development economics and the study of less developed regions. He had spent the academic year 1959-60 on a research fellowship at Yale pursuing the study of economic development, and later spent periods at the University of Michigan, Ann Arbor, and the University of Chicago. He was awarded Fellowships and study-tour grants by the Council of Europe and the Organisation for Economic Co-operation and Development (OECD) to undertake studies of regional development in Europe, and wrote extensively on these issues in both English and Irish at both popular and academic levels. Notwithstanding a vibrant and active research agenda, Ó Nualláin devoted enormous energy to the restructuring of both the Department of Economics and the Faculty of Commerce, for which both owe him a very considerable debt of gratitude’ (From Queen’s College to National University). Bhí iníon agus beirt mhac aige féin agus a bhanchéile Frances. D’éag sé 24 Deireadh Fómhair 2000.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú