“Cé go bhfuil Gaeilge Bhéal Átha an Ghaorthaidh go líofa gan locht iontu go léir, tá mar a bheadh iarracht d’fhuairneamh fhear an ghraiméir agus na loighice ar mhéara an údair agus an aistritheora”, a dúirt Muiris Ó Droighneáin faoi scéalta Uí Nualláin in Taighde i gcomhair stair litridheachta na nua-Ghaedhilge.

Cé gurb í an bhliain 1875 a luaitear sa chéad abairt ina dhírbheathaisnéis Beatha dhuine a thoil (1950) (“Sa bhliain 1875, an dara lá fichead nó an t-aonú lá fichead de mhí na Bealtaine um meánoíche is ea do rugadh mé”), is é atá sa teastas breithe 22 Bealtaine 1874. Níl aon amhras ach gurb é 1874 an bhliain cheart. Rugadh a dheartháir Michael Victor ar 29 Iúil 1875.

Múinteoir náisiúnta a athair Daniel Nolan, dar leis an teastas breithe, agus ba í Jane Mellon a mháthair. I nDeargmhuine, Co. Thír Eoghain, a bhí cónaí orthu ag an am. “Teacher in Omagh Model School” an cur síos ar shlí bheatha Dhónaill i dteastas Mhichíl. Bhí siad tar éis aistriú go Mullach Mór idir dhá linn. “Ollamh le ceol san Omagh Model School” a bhí ann, dar le Ciarán Ó Nualláin in Óige an dearthár (1973). Muimhneach ba ea é. B’as Eiscir Dufaigh i dTír Eoghain don mháthair. Ochtar ar fad a bhí sa chlann, triúr cailíní agus cúigear buachaillí. Fuair na cailíní agus duine de na buachaillí bás go hóg, triúr díobh den eitinn. Deir Gearóid Ó Nualláin nach raibh “fréamh na heitinne” ag baint lena mhuintir. Chreid Ciarán gurbh é an bainne a d'ólaidís faoi deara an eitinn.

Bheadh duine de na buachaillí ina státseirbhíseach i gCoimisiún na Talún ar ball agus an fear eile sna Cairmilítigh.

D’aistrigh an chlann isteach san Ómaigh agus bhí Gearóid agus Micheál ar scoil i gCill an Chlochair. D’aistrigh an chlann go Béal Feirste in 1882. Bhí Gearóid tamall ar scoil ag na Bráithre Críostaí agus d’fhoghlaim sé beagán Gaeilge uathu. Ansin chuaigh sé ar aíocht i gColáiste Mhaolmhaodhóg. Scoláire lae ann ba ea Micheál cé gur ag dul le sagartacht a bhí seisean freisin, ar feadh tamaill. In 1892 bhuaigh Gearóid ceann de na ceithre scoláireacht clasaiceacha a bhí á dtabhairt ag an Ollscoil Ríoga. Bhuaigh an tAimhirgíneach ceann díobh an bhliain chéanna sin. I ndiaidh dó an B.A. a ghnóthú in 1895, chuaigh sé go Maigh Nuad. Bhain sé an M.A. amach in 1899, an bhliain a oirníodh é. Thosaigh sé ar an nGaeilge a fhoghlaim an bhliain deiridh a bhí sé ann. Ceapadh é ina ollamh i gColáiste Mhaolmhaodhóg agus bhí an Ghaeilge i measc na n-ábhar a mhúineadh sé. Bhí sé ina ollamh le Gaeilge i gColáiste Múinteoireachta Mhuire, Béal Feirste, ag an am céanna.

Bhí sé ina mhac léinn i gColáiste na Mumhan i 1904, an bhliain a osclaíodh é. “Mí anacrach dom ab ea an mhí sin. An beagán Gaeilge a bhí agam, Gaeilig de Ghaeilig Uladh ab ea í. Agus ba dheacair ar fad dom na Muimhnigh a thuiscint”. Shocraigh sé a aigne ar chloí le canúint na Mumhan feasta. “Nuair a thosnaíos ar an nGaeilge a fhoghlaim, ní raibh aon leabhar i nGaeilge Chonnacht ná i nGaeilge Uladh a d’fhéadfá a chur i gcomparáid le Séadna ...” Cheap an Coláiste ina “Oide re Modh múinteoireachta” é do shéasúr 1906. Ceapadh é ina uachtarán i gcomharbacht ar an Dr Risteard Ó Dálaigh i 1919 agus lean sé air sa phost go dtí 1940. Bhí sé ina ollamh i gColáiste Chomhghaill i mBéal Feirste ar feadh tamaill freisin.

Thug an rialtas cuireadh dó i 1908 bheith ina bhall de sheanad Ollscoil nua na Ríona ach ar chomhairle an Chairdinéil Uí Lúóg dhiúltaigh sé glacadh leis.

Ceapadh ina Ollamh le Gaeilge i Maigh Nuad é ar 12 Deireadh Fómhair 1909 mar chomharba ar an Dr Micheál Ó hIceadha agus rinne sé staidéar ar an tSean-Ghaeilge faoi Thurneysen in Freiburg. Bhí sé i gceist aige dochtúireacht a bhaint amach ach tháinig tuirse rómhór air de dheasca na tromoibre i Maigh Nuad – bhíodh sé ag múineadh na Laidne chomh maith leis an nGaeilge agus ina dhiaidh sin bhí an Bhreatnais mar ábhar aige – agus níor éirigh leis an aidhm sin a bhaint amach. Ach bhronn Ollscoil na hÉireann D. Litt air i 1923 de bharr a shaothair in earnáil na gramadaí.

Is iad na leabhair a scríobh sé: Studies in modern Irish I–IV (1919–22); Introduction to studies in modern Irish (1921); The new era grammar of modern Irish (1934); Dia, diabhal agus daoine (1922), aistrithe ó shaothar Rúisise Leo Tolstoy; Trí seoda ó Albain (1922), aistrithe ó leabhar le Winifred M. Parker sa Ghaidhlig; Tiarna an tailimh agus scéalta eile (1923); Sean agus nua (1923); Intrusions (1923); Ceistiúchán (1923). Agus d’aistrigh sé ón mBreatnais: Lona (1955); Gwen Thomas (1956); Rhys Lewis (1960). Chuir sé eagar ar Na cheithre soisgéil leis an Athair Peadar Ó Laoghaire. Aistriúcháin eile leis is ea: An Dá Theaghlach, 1955 (Straeon y Pentan le Daniel Owen); Féin-Scríbhinn Mhinistéara, 1960 (Rhys Lewis le Daniel Owen).

In Léann na cléire: Léachtaí Cholm Cille XVI in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta, tá cuntas ar a shaol is a shaothar ag Damien Ó Muirí faoin teideal “Gearóid Ó Nualláin – Gramadóir nua-aoiseach”.

Fuair sé bás ar 23 Márta 1942. Scríobh Gearóid Ó Murchadha in Éigse, Iml. III, Cuid a IV (1942): “His gifts, however, lay in the application of logic to living idiom rather than in the field of etymology and historical grammar. Admiration for the idiomatic perfection of Fr Peter O’Leary’s Irish led him to the study of West Cork idiom as illustrated by Fr Peter’s books and articles and by the everyday speech of the Ballingeary district. That study bore fruit in his excellent teaching of those who studied under him in Maynooth, Ballingeary and elsewhere and also in his published work, particularly in Studies in modern Irish, Pt. 1, and in pp. 10–30 of his Introduction to studies in modern Irish (probably the best handbook for beginners obtainable) ...” Agus tagraíonn Ó Murchadha do “that rare sense of the relation of idiom to delicate shades of meaning which distinguished his oral teaching and the best parts of his published work”.

Seo é an cur síos a rinne a nia Ciarán Ó Nualláin air: “Cuairteoir a thagadh chun an tí ó am go ham sna blianta sin agus a mbíodh fearadh na fáilte againne roimhe ab ea m’Uncail Gearóid. Bheadh sé tuairim is daichead bliain d’aois an t-am sin. Ní de shiúl cos a thagadh sé ach i ngluaisteán. Ní foláir nó bhí sé ar na daoine tosaigh in Éirinn a raibh gluaisteán acu, má fhágann tú as an áireamh na fíorcheannródaithe ... Le cois gluaisteán a bheith aige thugadh sé anáil nuaíochta agus eachtraíochta isteach sa teach. Chaitheadh sé toitíní; go deimhin bhí sé ar an té ba ghiorra de bheith ina shíorchaiteoir (chain-smoker) dár casadh ormsa riamh ... Dhéanadh sé cleasanna le cártaí. Bhí blas aduain ar a chuid Gaeilge ...”

I ndiaidh céim a bhaint amach i gColáiste na Ríona, Béal Feirste, chuaigh Micheál Victor Ó Nualláin isteach sa tseirbhís Chustaim is Máil in 1897. I mBéal Feirste féin a bhí sé ag obair dóibh i dtosach. Cheangail sé leis an gConradh go luath ina dhiaidh sin, mura raibh sé ina bhall cheana féin. Bhí sé páirteach sa dráma “Naomh Pádraig ag Teamhair” a bhí ar siúl i Halla Mhuire Lá Fhéile Pádraig 1899 in éineacht le Conán Maol, Cú Uladh, Ethna Carbery agus a dheartháir Pádraig. Páirt Rí Laoghaire a bhí aige. Bhíodh sé i bhfeighil ranga ag an West End Branch.

Aistríodh é go dtí St Clair’s, Swansea, i mí an Mhárta 1901. Faoi 1902, bhí sé lonnaithe sa tSrath Bán. Phós sé Aigneas Ní Ghoirmligh, iníon siopadóra sa bhaile sin, i 1906. I nGaeilge a bhí cuid mhór den searmanas pósta. Bhí baint mhór aige leis an gConradh, é i bhfeighil na Feise sa bhaile agus ranganna ar siúl aige sa cheantar. Dáréag a bhí sa chlann acu agus is sa tSrath Bán a rugadh an triúr ba shine, Gearóid, Ciarán agus Brian.

Aistríodh ansin é go dtí Glaschú agus in Uddingston a bhí cónaí ar an gclann ar feadh cúig bliana. Tuairim 1915/6, bhí siad ar ais in Éirinn agus cónaí orthu sa tsraith de thithe a bhain leis na Coimisinéirí Ioncaim ar Bhóthar Sáirséil in Inse Chór. Ba é Micheál an chéad mhúinteoir a bhí ag craobh nuabhunaithe an Chonartha sa tsráidbhaile. D’aistrigh siad ar ais go dtí an Srath Bán i 1917 nuair is ar fud na tíre a bhíodh Micheál ag obair. Fuair sé post mar shuirbhéir buanaithe sa Tulach Mhór i 1920 agus chuir siad fúthu i gCeapadh an Churraigh tamall ón mbaile mór. Thug ardú céime é go Plás Herbert, Baile Átha Cliath, i 1923 agus d’aistrigh an chlann arís, go dtí an Charraig Dhubh, i 1927. In Aibreán 1925, ceapadh Micheál ina Choimisinéir ar Bhord na gCoimisinéirí Ioncaim. D’éag sé ar 29 Iúil 1937.

Le Gaeilge a thóg sé an chlann mhór a bhí aige. Níor chuir sé aon duine den triúr ba shine ar scoil go raibh siad idir 12 agus 15 bliana d’aois. Iad a bheith ag aistriú ó áit go háit ba chúis leis agus thuairimigh a mhac, Ciarán: “Fáth eile a d’fhéadfaí a lua, eagla bheith ar m’athair go lagódh an scoil ár gcuid Gaeilge”. Deir Ciarán freisin go mbíodh an t-athair á dteagasc tríd an bpost ó cibé baile a mbíodh sé ar ceathrúin ann. Gaeilge Thír Chonaill a bhí aige, murbh ionann is an tAthair Gearóid. Bhí tamaill caite aige i gCloch Cheannaola agus i dToraigh agus leabhar E. C. Quiggin ar Ghaeilge Thír Chonaill mar chúnamh aige. Is deimhnitheach gur beag fear eile a thóg beirt mhac a d’iompódh amach ina máistrí ar phrós Gaeilge a scríobh.

Fuair sé bua an cheoil óna athair. Fear mór fichille ba ea é agus luaitear go minic go n-imríodh sé leis an mBeilgeach Koltanowski, curadh an domhain “i ndall-imirt comhuaineach”, mar a thug Ciarán Ó Nualláin air.

Níor mhiste le Micheál 30 míle a shiúl d’aon iarracht. Ní óladh sé deoch mheisciúil agus ní chaitheadh tobac. Bhí sé maol óna óige. Ta léirmheas ag Anton Mac Cába (An tUltach Meitheamh 2006) ar dhá leabhar le Joseph Martin (The GAA in Tyrone –The Long Road to Glory agus The GAA in Tyrone – The Road to Greatness 2004-5). Tarraingíonn Mac Cába an méid seo as i dtaobh Uí Nualláin: ‘Bhí sé ag croí CLG i gCúige Uladh. Bhí sé ar an chéad chathaoirleach ar Bhord Contae Thír Eoghain. Bhí sé ar an chéad leaschathaoirleach ar Bhord Chúige Uladh agus bhí sé ar an dara cathaoirleach.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú