'Thug sé a léann agus a libearálacht ar mhaithe le forbairt na Gaeilge. Bhí Donn ábalta ar Ghaeilge chomh taitneamhach a scríobh agus a buaileadh ariamh ar phár,' a dúirt a chara Seán Ó Lúing faoi in Inniu i ndiaidh a bháis.

Ar 13 Feabhra 1905 a rugadh Donn Piatt ag 23 Bóthar Ráth Loirc, Ráth Maonais, Baile Átha Cliath. Ainmníodh é as Donn Piatt, cara le Lincoln. De shliocht Úgónach na Fraince i Meiriceá muintir Phiatt. Bhí seanathair Dhonn, John James Piatt, ina chonsal ag Stáit Aontaithe Mheiriceá i gCorcaigh ó 1882 go 1895, é pósta ar an bhfile Meiriceánach Sarah Morgan Bryan. D’fhoilsigh Muintir Mhic Ghoill cnuasach dánta leis At the holy well in 1887. Ceapadh a mhacsan Arthur Donn Piatt (d’éag 12 Aibreán 1914) ina Leas-Chonsal i mBaile Átha Cliath. Phós sé Hester Sigerson, file agus iriseoir, iníon le George Sigerson (1836–1925). Bhíodh buime ón nGaeltacht sa teach acu, bean as Fánaid ar dtús agus ansin Ciarraíoch. Bhí deirfiúr amháin, Eibhlín Piatt Humphreys, ag Donn. Aintín dóibh gan amhras an file Dora Sigerson Shorter.

I mbun ghnó a chonsalachta théadh a athair timpeall na tíre i gcarr De Dion Bouton agus ba chuimhin le Donn bheith in éineacht leis go minic.

Cuireadh é chuig naíscoil in Ascaill Frankfort i dtosach. Chaith sé tamaill i Scoil Íte a bhunaigh an Piarsach agus i scoileanna príobháideacha eile. Ag 63, Bóthar an Ghoirt Aird, Ráth Garbh, a bhí cónaí orthu nuair a d’éag an t-athair. Ní raibh de theacht isteach ag a bhaintreach Hester ach punt sa tseachtain as an gcolún Uncle Remus sa Weekly Freeman. Chuaigh siad chun cónaithe i dteach George Sigerson agus chaith Donn na blianta 1914–17 i St. Dominic’s, scoil chónaitheach sa Chabrach a bhí á reáchtáil ag mná rialta. Ó 1917 go 1922 bhí sé i gColáiste na Carraige Duibhe. Chaith sé na blianta 1922–1927 i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus sna nuatheangacha (Gaeilge, Fraincis, Breatnais) a fuair sé an B.A. Tar éis staidéar a dhéanamh ar an Ocsatáinis sa Fhrainc fuair sé M.A. (Gaeilge agus Fraincis).

Rinne sé dianstaidéar ar na mórtheangacha Rómánsacha eile agus bhí spéis ar leith aige san Ocsatáinis agus sa Chatalóinis. Ach tar éis cuairte ar Mhanainn in 1932 agus ar an mBriotáin an bhliain dár gcionn chas sé ar ais go tobann ar na teangacha Ceilteacha.

Chaith sé tamall leis an mheánmhúinteoireacht, le teagasc na Gaeilge agus mar oifigeach fiosrúcháin faoin Roinn Leasa Shóisialaigh i gcontaetha éagsúla sular ceapadh é ina aistritheoir i dTeach Laighean i nDeireadh Fómhair 1943.

Bhí duaislitir i gcló aige in Banba nuair a bhí sé 16 bliana d’aois agus lean sé air ag scríobh sna 1920idí agus sna 1930idí do na hirisí Gaeilge go léir agus go háirithe do An tUltach ón am ar bunaíodh é. Tá cuid de na léachtaí a thug sé ar stair Bhaile Átha Cliath i gcló in Dublin Historical Record.

Bhí dúil ar leith aige i stair na teanga, canúintí Chúige Laighean agus stair Bhaile Átha Cliath mar is léir ar Stair na Gaeilge: stair na dtrí gcéad bliain a chuaidh tharainn in Éirinn, in Albain agus i Manainn, paimfléad a d’fhoilsigh Cló na Saoirse in 1933, Gaelic dialects of Leinster (1935) agus ar Mhaireadar san Ardchathair (1957). Foilsíodh leabhar amháin dá dhánta, Dánta ón Oirthear (1938). Roghnaigh Séamus Ó Céileachair trí dhán dá dhéantús dá Nuafhilí, 1942–52.

D’aistrigh sé leabhar a sheanathar George Sigerson faoin teideal Saor-Pharlimint dheireannach na hÉireann (1938). In 1934 foilsíodh a aistriúchán ar dhráma Joseph Bedier agus Louis Artus, Tristan agus Iseut, agus an bhliain dár gcionn a aistriúchán ar leabhar Joseph Bedier, Scéal fileamhanta Thristan agus Iseut. D’aistrigh sé dráma Henri Bordeaux, La Robe de Laine, faoin teideal An gúna olna (1938) agus scéal Neil Munro, Gilian the Dreamer, faoin teideal Gaoilean na nAisling (1940). Chaith sé tamall ag scríobh beathaisnéis Sigerson agus bhí staidéar comparáideach scríofa aige ar chanúintí Ó Méith agus Mhanann ach b’fhearr leis gan é a fhoilsiú. Roghnaigh Seosamh Mac Domhnaill aistí a bhí i gcló in Inniu le foilsiú faoin teideal Cois Life fadó agus ábhair eile (1985). Seán Ó Lúing a scríobh an brollach. Tá cuimhní ar a óige i gcuid de na haistí.

Amhránaí nótáilte ab ea é ina óige agus bhuaigh sé bonn óir ag an bhFeis Cheoil.

Phós sé Elsie Ní Cholgáin ón Iarmhí agus bhí iníon amháin acu. D’éag sé ar 8 Aibreán 1970.

Dúirt Ciarán Ó Nualláin in Inniu i ndiaidh a bháis: 'Ar feadh a shaoil bhí sé ag spairn go cróga le aicíd análaithe. Is leis an an ualach sin ar a ghuaille a rinne sé an éacht oibre ar son tíre agus teanga. Sé an t-am is troime a bhí a shláinte ag goilliúint air a shábháil sé Scoil Bhríde, óir ba é Donn agus a bhean Elsie thar éinne eile a shábháil í agus a d’aistrigh í go dtí an fód stairiúil ar a bhfuil sí anois, d’ainneoin an uile shórt ciaptha agus chur ina choinne.'

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú