Is beag duine ar mhó a rinne a bheatha scáthántacht ar eachtraí na tréimhse 1904–1924. Cúrsaí teanga, litríochta, polaitíochta agus réabhlóide, bhí dlúthbhaint aige leo go léir. Rugadh é i Learpholl. Patrick Langford Beazley ó Achadh Deo, Cill Airne, a athair agus Nancy Hickie ón gCaisleán Nua Thiar a mháthair. Bhí dúil acu beirt sa scríbhneoireacht. Bhí an t-athair ina eagarthóir ar The Catholic Times ó 1884 amach. Ag na hÍosánaigh i gColáiste Proinsias Xavier a bhí Piaras ar scoil. Dhealródh sé gur thall a thosaigh sé ar cheird an iriseora. Lena pheann a shaothraigh sé a chuid ar feadh a shaoil. Percy Beazley an leagan Béarla a d’úsaideadh sé.

Thagadh sé go hÉirinn go minic le linn a óige. Bhí a uncail ina shagart paróiste i dTuath Ó Siosta in aice an Neidín. Gaeltacht ba ea an áit sin agus d’éirigh le Piaras an teanga a fhoghlaim sách maith chun go mbeadh litir i nGaeilge i gcló uaidh in An Claidheamh Soluis nuair a bhí sé a 17. Chuaigh sé isteach i gCraobh an Chéitinnigh nuair a tháinig sé chun cónaithe i mBaile Átha Cliath in 1905. Ach oiread lena chomh-Chéitinnigh níor fhéad sé riamh fanacht glan ar ghráscair pholaitiúla an Chonartha. A rúnsan i dtaobh an neamhspleáchais pholaitiúil a thug ar an gCraoibhín éirí as an uachtaránacht ag Ard-Fheis 1915. Sheas Piaras féin don oifig sin in 1920 ach bhuaigh Sceilg air. Ó 1917 go 1920 bhí sé ina eagarthóir ar pháipéar an Chonartha, Fáinne an Lae. Eisean is minice a luaitear le bunú na heagraíochta teanga An Fáinne.

Ach ar an litríocht is mó a d’fhág sé a lorg. Thriail sé gach foirm: an fhilíocht (Bealtaine 1916 agus dánta eile, 1920); an gearrscéal (tá ar scríobh sé idir 1912 agus 1920 cnuasaithe in Earc agus Áine agus scéalta eile, 1946); an t-úrscéal (Astronár, 1928); an t-aistriúchán (Eachtra Pheadair Schlemihl ón nGearmáinis in 1909 agus cúpla dráma); an léirmheastóireacht (Éigse Nua-Ghaedhilge, 2 iml., 1933–4, léargas ar an tréimhse 1600–1850).

An dráma is mó a shaothraigh sé. In 1906, dáta luath i stair na drámaíochta Gaeilge, léiríodh a dhráma stairiúil Coramac na Cuile. Ar feadh achair fhada ba é Piaras ba mhó a bhí ag soláthar drámaí. Bhuaigh sé duaiseanna Oireachtais cúpla bliain as a chéile. In 1913 bhunaigh sé na hAisteoirí, cumann drámaíochta. Thugadh siad cuairt ar Ghaeltacht na Mumhan agus anuas go 1920 bhíodh léirithe acu go rialta i mBaile Átha Cliath, drámaí Phiarais féin acu go minic. Foilsíodh cnuasach dá dhrámaí grinn in 1929 faoin teideal An sgaothaire agus cúig drámaí eile ‘Ceardaí an dráma éatroim’ a thug Muiris Ó Droighneáin air, cé gur scríobh sé tragóidí freisin—An Danar (1929), a bhain an Bonn Óir ag Aonach Tailteann 1928, agus An bhean chróga (1931). Drámaí eile is ea Cúigeachas (1927), Blúire páipéir (1937) agus An fear fógraidheachta (1938).

Níorbh fhéidir a rá go raibh beatha an réabhlóidí agus an pholaiteora deighilte amach ó chúrsaí ealaíne agus teanga. A chomh-Chéiteannach Cathal Brugha a thug Piaras isteach i mBráithreachas na Poblachta. Piaras faoi deara gur toghadh Seán Mac Diarmada ina bhall de Choiste Gnó an Chonartha in 1915. Nuair a bunaíodh na hÓglaigh ceapadh é ina Leas-Cheannaire sa Chéad Chath agus in 1916 bhí sé ag troid i gceantar Shráid an Rí. Gearradh pianseirbhís air agus chaith sé tamaill i bpríosúin Portland agus Lewes. Ba ghnách leis laoithe braighdeanais a chumadh agus é faoi ghlas. Scaoileadh saor é ar 17 Meitheamh 1917. Toghadh ina bhall de Choiste Gnó Shinn Féin é agus in Olltoghchán 1918 toghadh é d’Oirthear Chiarraí. Bhí páirt mhór aige sna hullmhúcháin don Chéad Dáil ar 21 Eanáir 1919. Gabhadh é i Márta 1919 agus d’éalaigh sé as Príosún Mhuinseo. I mí na Bealtaine cuireadh anonn go dtí Birmingham é agus ansin go Strangeways. Ach arís d’éalaigh sé. Ceapadh é ina Stiúrthóir Poiblíochta don Rialtas agus ina eagarthóir ar An tÓglach. Scríobh sé In Maryboro’ and Mountjoy: the prison experience (1919).

Ó 1921 go 1923 bhí sé ina T.D. do Chiarraí agus Iarthar Luimnigh. Bhí sé go mór ar son an Chonartha Angla-Éireannaigh agus tugadh post maorghinireáil dó san arm. Ceann dá dhualgais cinsireacht a dhéanamh agus, iorónta go leor, ba air a thit sé Fáinne an Lae féin ‘a bhánú’. Nuair a d’fhág sé an tArm in 1924 scríobh sé beathaisnéis Mhichíl Uí Choileáin i mBéarla, Michael Collins and the making of a new Ireland. Bhí conspóid timpeall an tsaothair sin nuair a foilsíodh é in 1926. Scríobh sé na saothair seo a leanas freisin: Beirt na bodhaire bréige (1936); An fear as Buenos Aires (1936); Cluiche cártaí (1936). Faoin teideal Isliú chun buadha (1939) d’aistrigh sé She stoops to Conquer (Oliver Goldsmith).

Amuigh ar imeall chúrsaí na tíre a chaith sé fuíollach a shaoil. Thuairimigh Risteard Ó Glaisne in aiste chuimsitheach (Scríbhneoirí na nua-ré: ceannródaithe, 1974) nár ‘leor mar dhúshlán faoi chun an mianach a bhí ann a thabhairt chun aibiúlachta na daoine ba mhó ar thug sé a shaol ina measc agus ar shaothraigh sé ar a son’. Faoi 1943 ba é Piaras an t-aon duine amháin a bhí fágtha den bhuíon a thug eolas an bhóthair chun na nualitríochta. D’éag sé ar 22 Meitheamh 1965. Níor phós sé riamh.

Ag scríobh ar Inniu ar 26 Feabhra 1982 dúirt Ciarán Ó Nualláin faoi: ‘Taobh amuich den Phiarsach ní féidir go raibh aon duine ba daingne a sheas in aghaidh an-smacht Shasana agus ba bhuaine a thug dílseacht dochloíte don Ghaeilge ná é’.

Foilsíodh i 2007 An Béaslaíoch: beatha agus saothar Phiarais Béaslaí (1881-1865) (2007) le Pádraig Ó Siadhail. Tá leabhar Phádraig lomlán le heolas faoi gach gné de shaol Phiarais ach cuirfear spéis ar leith sa scéal a insíonn sé ar Lily Mernin. Clóscríobhaí i gCaisleán Bhaile Átha Cliath i rith 1914-22; ba í a sholáthraíodh eolas do Mhícheál Ó Coileáin, via Piaras, i dtaobh a mbíodh beartaithe ag an gCaisleán. Rugadh leanbh mic di i Londain in 1922 agus níl puinn amhrais ar Phádraig Ó Siadhail ach gurbh é Piaras an t-athair. Thugadh sé cabhair airgid do Lily (d’éag sí in 1957). B’eol go maith do Phiaras gurbh é féin an t-athair. Níor casadh an mac air go dtí 1944, ach níorbh eol riamh don mhac, Seán Maguire, gurbh é Piaras a athair. Ait go leor, tá a hiontráil féin ag Mernin in DIB agus is é a deirtear ann i dtaobh a mic ‘... there is circumstantial evidence to suggest that his father was Piaras Béaslaí’.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú