SEALY, Douglas (1929–2013)

Ar 14 Feabhra 1929 a rugadh Douglas Hyde Sealy, i mBaile Átha Cliath. B’iníon le Dubhghlas de hÍde, céaduachtarán na hÉireann, í a mháthair, Úna Hyde, agus breitheamh ab ea a athair, James Sealy. Bhí deartháir amháin agus beirt deirfiúracha aige, Christopher, Ann agus Lucy.

Fuair Douglas a chuid oideachais bunscoile i Scoil Pháirc Sandford, Raghnallach, Baile Átha Cliath agus a chuid oideachais meánscoile i gColáiste Naomh Columba, An Teampall Geal, Baile Átha Cliath. Chaith sé samhradh na bliana 1943 ar an mBlascaod Mór, agus b’in an chéad uair a raibh teagmháil aige leis an nGaeilge mar theanga labhartha laethúil.

Thug Douglas faoin Léann Ceilteach i gColáiste na Tríonóide, áit a raibh sé ina eagarthóir ar an iris liteartha Icarus. Bhí an t-amhránaí ar an sean-nós Sorcha Ní Ghuairim ar dhuine de na léachtóirí a bhí aige. Bhí tionchar mór ag Sorcha air agus gheofar tuairim den mheas a bhí aige uirthi, mar mhúinteoir agus mar amhránaí, in aiste a scríobh sé in Scéala Éireann i mí Eanáir 1977. Tar éis dó a bheith faoina stiúir bhí dlúthcheangal aige leis an nGaeilge, agus le ceol agus litríocht na hÉireann.

Tar éis dó an ollscoil a fhágáil, rinne sé an tArd-Dioplóma san Oideachas agus in 1955 rinne sé bliain cháilithe sa Scoil Choláisteach i Muineachán, áit ar mhúin sé ábhair éagsúla: Gaeilge, Béarla, Laidin, Fraincis, agus matamaitic. Ansin chaith sé bliain ag feidhmiú mar fhear ionaid i mbunscoil Phlás Blackhall, Baile Átha Cliath, sula ndeachaigh sé ag obair i gColáiste Oiliúna Eaglais na hÉireann i Ráth Maonais.

Phós sé Mary Simms in 1956 agus bhí ceathrar páistí acu, Owen, Úna, agus Brigid, chomh maith le Conor, a cailleadh in 1986 agus é 22 bliain d’aois. Tá seachtar garpháistí acu: Fintan, Síofra, Conor, Douglas, Aisling, Eileen, agus Órla.

Cé go raibh grá ag Douglas don Ghaeilge, bheartaigh sé gan í a labhairt lena pháistí féin toisc, dar leis, nár mhaith leis í a bhrú orthu. Cé gur thuig sé mian a sheanathar Dubhghlas de hÍde faoi athbheochan na Gaeilge, mheas sé gur cailleadh an deis an Ghaeilge a chur in uachtar mar phríomhtheanga labhartha na tíre agus nach dtiocfadh an deis arís. Ina nóta báis ar The Irish Times, 29 Meitheamh 2013, deirtear:

He believed that people lacked an incentive to speak Irish. While the emotional, patriotic impulse was a powerful motivator, most people could not live “at such an exalted level all the time.” He concluded that perhaps the Revival was always an “impossible dream.”

Bunaíodh Scoil Pháirc Chill Fhionntain in 1957 agus bhí Douglas ann ón tús, ag múineadh Béarla, Gaeilge agus Laidine. D’oibrigh sé ann go dtí 1982, mar mhúinteoir go príomha, ach chaith sé dhá bhliain éagsúla mar phríomhoide na scoile chomh maith.

‘Fear Renaissance’ nó ileolaí ab ea é, cé go ndéarfadh sé féin go humhal nach raibh sé ach ina dilettante. Bhí cumas léitheoireachta gach mórtheanga na hEorpa aige, agus léigh sé go fairsing. Scríobh sé ar réimse leathan ábhar i mBéarla agus i nGaeilge. Scríobh sé idir dhánta agus aistí critice, agus foilsíodh léirmheasanna dá chuid maidir le ceol, drámaí, agus litríocht i líon mór nuachtán agus irisleabhar, The Irish Times agus Comhar go háirithe. Scríobh sé go rialta ar an cheol san iris Soundpost, agus ba é an t-eagarthóir Gaeilge é ar Books Ireland. Bhain sé dea-cháil amach mar scoláire agus mar léirmheastóir cothrom.

Bhí tuiscint ar leith aige ar chumas scríbhneoirí agus mar chuid de shraith alt a scríobh sé in 1966, thagair sé do John McGahern mar ‘the most promising of the younger novelists’ agus Seamus Heaney mar ‘the most promising poet’. Bhí suim ar leith ag Douglas i litríocht na hAlban agus thar na blianta d’fhás cairdeas idir é féin agus an file gradamach Somhairle MacGill-Eain. Bhídís i dteagmháil rialta lena chéile ag plé ceisteanna filíochta agus foilsíodh aiste de chuid Douglas sa leabhar Sorley MacLean: critical essays (1986) in eagar ag Raymond J. Ross agus Joy Hendry. Ba mhór a shuim i bhfilíocht na Gaeilge chomh maith, agus in éineacht le Tomás Mac Síomóin, d’aistrigh sé filíocht Mháirtín Uí Dhireáin go Béarla sa leabhar Tacar dánta (1984). Áirítear an leabhar sin mar shaothar ceannródaíoch agus mar éacht aistriúcháin. B’aistritheoir clúiteach é Douglas agus ba iad dánta an fhile Johannes Bobrowski, roghnaithe agus aistrithe ón nGearmáinis go Gaeilge, ábhar an leabhair dheireanaigh a tháinig uaidh, Labhrann an fásach (2013). D’oibrigh sé ar aistriúchán d’fhilíocht Mháire Mhac an tSaoi chomh maith agus bhí cairdeas eatarthu. Ba í Máire a sheol Labhrann an fásach ar a shon cúpla mí i ndiaidh a bháis.

D’éag Douglas ar 16 Meitheamh 2013 agus é 84 bliain d’aois.

Regina Uí Chollatáin

Ciara Ní Éanacháin

Ailt