Ó FÁTHARTAIGH, Dara Beag (1920–2012)

I mBaile an Dúna in Inis Meáin, Co. na Gaillimhe, ar 7 Iúil 1920, a rugadh Dara Beag Ó Fáthartaigh, cé go ndeireadh sé féin nach raibh sé cinnte den dáta. Ba é ab óige de sheachtar clainne, ceathrar iníonacha agus triúr mac. Dara Pheigín a thugtaí ar a athair. Muintir Dhiarmada a thugtaí ar na Fáthartaigh ar díobh é, as an gcéad duine díobh a tháinig as tír mór le cur faoi ar an oileán. Peige Sheáin Tommy Ní Chonghaile ab ainm dá mháthair. Bhásaigh sise agus gan é ach seacht mbliana d’aois. D’fhreastail Dara ar scoil an oileáin, ach ní go rialta, ‘lá ann agus lá as,’ mar a dúirt sé féin. Ba de bharr cúrsaí oibre, idir cheilp, fheirmeoireacht agus iascaireacht a chailleadh sé laethanta ón scoil. Thaitin an obair riamh leis. Bhí dúil aige sa léitheoireacht. Ba mhinic a dhá leabhar, an ceann Gaeilge agus an ceann Béarla aige. Bhí de nós aige na ceachtanna a chur de ghlanmheabhair. Cé nár mhinic ag scríobh é, bhí peannaireacht dheas shoiléir aige freisin.

Chuaigh an leabhar Stair na hÉireann le Micheál Breathnach i bhfeidhm air agus mhúnlaigh sé a dhearcadh i leith na polaitíochta. Dála an dá oileán eile, bhí deacrachtaí go leor le sárú ag Inis Meáin maidir le soláthar áiseanna agus seirbhísí agus ghéaraigh an titim leanúnach sa daonra go mór iad. D’fhág na dúshláin chéanna sin a lorg ar Dhara Beag, agus mhúnlaigh siad a dhearcadh ar a shaol agus ar shaol an phobail ar de é.

Bhíodh triall go leor de lucht chúis na Gaeilge agus na tíre ar Inis Meáin go luath san fhichiú haois. Chuaigh cuimhne na ndaoine sin agus a gceangal leis an oileán i bhfeidhm ar Dhara. Luann sé Synge agus an Piarsach go speisialta i ndánta leis. Ó theideal an dáin ‘In aimsir Synge’ cheapfaí seans gur dán faoin drámadóir cáiliúil atá i gceist. Ach is ag moladh laochra agus ag aithris eachtraí móra stairiúla na háite go gonta a bhíonn an file. Go deimhin, tá sórt achasáin ann ar Synge féin as a bheith chomh tógtha lena chás féin agus as a bheith ag cáineadh na farraige. Luaitear an Cnocán Seoigeach leis an bPiarsach agus an bród a chuir an chuimhne sin air féin. Bhí an-luí aige le De Valera, cé gur mheas Dara gur thug De Valera cúl do cheist na tíre i ndeireadh a shaoil.

Lean cuid de na daoine móra le rá orthu ag teacht anuas go dtí ré Dhara Bhig. Tháinig Micheál Ó Maoláin, de bhunadh Árann, ar ais go hInis Meáin agus thug iarraidh a athair a ghríosú chun scríbhneoireachta in 1932, nuair a bhí Dara aon bhliain déag. Bhí baint ag an Maolánach le An t-Éireannach ina dhiaidh sin. Bhí Dara Beag i láthair agus fiú mura ndeachthas i bhfeidhm ar a athair, phréamhaigh an síol ina aigne féin. Thosaigh sé ag cumadh píosaí go luath.

Dhá chnuasach filíochta a foilsíodh leis, Cloch an fhaoileáin (1984) agus Cloch na ngabhar (2003). Scríobh sé a chéad dán, ‘An toghchán mór,’ faoi thoghchán 1932, agus é fós ag freastal ar an scoil. Ina dhiaidh sin, scríobh sé dán ‘An Sean-Dún Chonchúir’ – píosa fada filíochta é seo a chuireann síos ar áilleacht an Dúin féin agus ar na radharcanna atá le feiceáil uaidh. Cuid de thraidisiún fada dinnseanchais in Éirinn é agus láimhsítear an téama go beacht, paiteanta, maisiúil ann. Go deimhin, is féidir an ball díreach ina bhfuil Dún Chonchúir a aithint go cruinn óna chur síos. Luaitear eachtraí míleata nua-aoiseacha, á gceangal le haimsir na bhFear Bolg, i ré na miotaseolaíochta, an dream a thóg an Dún. Maítear go bhfuil laochra na seanaimsire beo in Inis Meáin i gcónaí de bharr nár chaill an t-oileán an Ghaeilge. Ag éisteacht le Dara ag aithris an dáin seo, mar a rinne sé do Mháirín Nic Con Iomaire in agallamh léi ar Raidió na Gaeltachta sa tsraith Cúinne na bhFilí ar a bhreithlá nócha bliain, in 2010, spreagtar tuiscint don dínit agus ómós áite san éisteoir. Is nuair a bhíodh sé ag obair sna garraithe nó ag siúl amach ar na creaga a thagadh an fhilíocht chuige. Rinne sé aistriúchán, ‘Bruachanna Dundee’ ar an sainbhailéad Albanach, ‘The Banks of the Sweet Dundee’ a d’fheil don fhonn atá leis freisin. Chonaic Ciarán Ó Coigligh cosúlachtaí ina chuid filíochta le Raiftearaí agus le Máire Bhuí Ní Laoghaire i léirmheas a foilsíodh ar Feasta Nollaig 1984, 7-12, agus dar le Tomás Mac Síomóin i léirmheas ar Cloch an fhaoileáin, a foilsíodh ar Scéala Éireann 27 Meitheamh 1984, 6, go raibh ‘filíocht Dhara Bhig ag coinneáil bonn ar aon leis na hathruithe’ a bhí ag síorthitim amach ar shaol an oileáin. Tá blas na feachtasaíochta ar chuid de na dánta agus an cáineadh iontu orthu siúd a mheas sé a bhí i gcoinne leas an oileáin agus leas na tíre. Bhí sé de nós ag daoine sa phobal na dánta a aithris os ard i dteach an airneáin agus sa Teach Ósta.

Seachas sé mhí a chaitheamh ag obair ar scéim na móna ar an bhFéar Bán i gContae Uíbh Fhailí ar mhaithe le £100 d’airgead tirim a shaothrú, is in Inis Meáin a chuir sé isteach a chuid ama, ‘m’áit agus mo phárlús,’ mar a dúirt sé féin.

Phós sé Theresa Tom Chiaráin Ní Mhaoilchiaráin sa bhliain 1955 in Inis Meáin agus d’aistrigh sé go Baile na Creige, áit ar thóg sé a theach féin. Ba chlochadóir den scoth é a bhí ‘deaslámhach stuama’ (Ó Coigligh: 2003 vii) agus thóg sé aon teach déag eile fud an oileáin freisin. D’imríodh sé an cluiche dúchasach cead ar Lá Fhéile Pádraig gach bliain. D’imir sé peil chomh maith agus d’eagraigh sé cluiche idir a oileán féin agus a dhá chomharsa bhéal dorais - Árainn agus Inis Oírr, cluiche a bhuaigh Inis Meáin. Bhí cáil air mar dhamhsóir, mar amhránaí agus mar sheanchaí chomh maith agus choinnigh sé cuimhne orthu siúd a chuaigh roimhe a raibh na buanna céanna acu.

Seachtar clainne a bhí aige féin agus ag Theresa: Dara, Tomás, Pádraig, Máirín, Bríd, Peige agus Teresa. Bhásaigh Tomás go tragóideach i dtimpiste a tharla ar dhuganna na Gaillimhe i mí Mheán Fómhair 1995 in aois a thríocha seacht bliain. Is léir ón nóta buíochais a cuireadh ar An Curadh Connachtach ar 24 Samhain 1995, gur thacaigh an pobal go léir leis an muintir an bhris a chur tharstu chomh maith agus ab fhéidir leo.

Ba gheall le hurlabhraí an oileáin é agus níor stad sé ach ag iarraidh an t-oileán a chur chun cinn ionas go mbeadh saol ní ba shóúla ag an bpobal ann. Luadh a ainm leis an musaem, leis an monarcha cniotála, le scéimeanna uisce, le leictreachas, le céanna agus le háiseanna eile. Bhí baint nach beag aige le tógáil Halla Naomh Eoin, an t-ionad pobail i lár an oileáin. Bhain sé leas as a chuid teagmhálacha oileánda san ardchathair le dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí le ciste a chur ar fáil chun an obair a dhéanamh. Rinneadh athchóiriú iomlán ar an Halla in 1979 agus cuireadh cúirt leadóige, áiseanna folctha agus teas lárnach ar fáil ann. Ba é féin a rinne an obair chloiche atá le feiceáil ar bhinn an halla in 1962.

Ar deireadh ba chosúil le hambasadóir é agus thug Brian McDonald ‘institution’ air i gcuntas ar thuras Éamoin Uí Chuív ar Inis Meáin le linn toghcháin 2011 san Irish Independent, 12 Feabhra. B’fhíor an focal. Ba nós leis i gcónaí feisteas traidisiúnta na bhfear a chaitheamh, treabhsar, crios, geansaí, veiste agus an caipín speiceach bréidín ar a cheann. Ba bheag iad na cuairteoirí oifigiúla dár thug cuairt ar Inis Meáin nár casadh iad féin agus Dara ar a chéile. Bhí pictiúr de Charlie Haughey agus de Dhonncha Ó Gallchóir ar crochadh sa chistin aige mar chomóradh ar chuairt cheannaire an fhreasúra ar an oileán i mí na Nollag 1986. Bhí an bheirt ann mar chuid d’fheachtas Fhianna Fáil roimh thoghchán na bliana dár gcionn, ceann a rinne Taoiseach in athuair de Ó hEochaidh agus Aire Gaeltachta den Ghallchóireach.

Cúig amhrán a chum Dara ag moladh báid, agus níor bháid seoil iad, ach báid farantóireachta. ‘An Cailín Báire I’ agus ‘An Cailín Báire II’ agus péire faoin ‘Dún Aengus’ - ‘Slán leis an Dún Aengus’ agus ‘An Dún Aengus ar an gcarraig,’ chomh maith le ‘Báidín bán PJ’. Rinne a fhear gaoil, Macdara Ó Conaola as Inis Oírr, cóiriú nua-aimseartha ar cheann díobh, ‘Slán leis an Dún Aengus’ – dán faoi dheireadh ré an bháid cháiliúil a théadh as Gaillimh go hÁrainn roimh ré an ‘Naomh Éanna’ agus na seirbhísí nua-aimseartha a théann anois as Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe, agus as Dúlainn, Co. an Chláir. Léiríonn an taifeadadh go raibh seasamh agus mianach san fhilíocht agus go bhféadfadh sí a cló a athrú lena cur in oiriúint don nua-aois. Léigh sé an dán ‘Cuimhní cinn’ ar an gclár An Charraig Stoite faoi Mháirtín Ó Direáin a rinneadh sa tsraith Anamnocht ar TG4 in 2003. Rinne Seán Ó Cualáin clár teilifíse faoi féin in 2003 freisin ar éirigh go maith leis.

Bhásaigh sé in aois a nócha dó bliain ar Lá Samhna 2012. Ag labhairt dó ag a shochraid dúirt a nia agus a chomhchumadóir, Dara Ó Conaola: ‘nuair a thiteann laoch ardaíonn sé deannach na mblianta cróga/nuair a thiteann laoch lasann sé lóchrann inár gcroíthe.’ B’eiseamláir é saol Dhara Bhig ar an dílseacht dá áit dhúchais. B’fhear é a chreid go raibh ceart ag muintir a oileáin féin agus oileáin nach é, i dteideal caighdeán maireachtála chomh maith is a bhí in áit ar bith. ‘The savage loves his native shore,’ an chéad líne as an dán le James Orr, a thugadh Dara mar fhreagra orthu siúd a d’fhiafraíodh de cén bunús a bhí lena ghrá don oileán. D’ainneoin na gconstaicí go léir, d’éirigh leis mórán dá chuid spriocanna a bhaint amach. Is cinnte go bhfuil lorg a shaothair le feiceáil i ngach ball in Inis Meáin agus feabhas mór curtha ar an saol ann thar mar a bhí cúrsaí ar theacht in inmhe dó féin.

Lillis Ó Laoire

Leabhair

  • Mac Con Iomaire, L. & Quinn, R. (1997) Conamara an tír aineoil. Gaillimh: Cló Iar-Chonnacht.

Ailt

  • Scéala Éireann, 6 Nollaig 1986.
  • Galway City Tribune, 2 Bealtaine 2003.
  • An Curadh Connachtach (The Connacht Tribune), 10 Lúnasa 1973.
  • City Tribune, 15 Meán Fómhair 1995.
  • Scéala Éireann, 27 Meitheamh 1984.
  • Irish Independent, 10 Iúil 1993.
  • Irish Independent, 12 Feabhra 2011.
  • An Curadh Connachtach (The Connacht Tribune), 23 Meán Fómhair 1983.
  • An Curadh Connachtach (The Connacht Tribune), 19 Aibreán 1996.
  • Ó Coigligh, C. (1984) ‘M.F. Ó Conchúir (eag.) 'Dara Beag Ó Fatharta. Cloch an Fhaoileáin’ Feasta 37, (12) 7-10.

Suíomhanna Gréasáin

  • Ní Chonghaile, D. ' Dara Beag Ó Fátharta (7 Iúil 1920–30 Deireadh Fómhair 2012) 'Ar fáil ag: http://www.aransongs.blogspot.ie/2012/11/dara-beag-o-fatharta-7-iuil-1920-30.html [Faighte 3 Nollaig 2013]