I mBaile Átha Cliath ar 10 Nollaig 1878 a rugadh í. B'as an Aonach, Tiobraid Árann, dá hathair John Hargreave Kennedy. Bhí siopa mór éadaitheora i Sráid Mhór Sheoirse Theas, Baile Átha Cliath, aige agus ba í Margaret O'Dwyer, máthair Mháire, an dara bean chéile aige. B'as "Ballingrave House" i gContae an Chláir di. Bhí sin ag bun an chnoic ar a dtugtar an Corcscriú in aice le Baile Uí Bheacháin. Bhí beirt deartháireacha agus triúr deirfiúracha ag Máire, nó Molly mar a thugtaí uirthi. I mBaile an Bhóthair a tógadh í.

"Claughton Villas" an seoladh a bhí aici nuair a toghadh í ina ball den Chonradh na Gaeilge in 1899.

Bhí sí ar scoil ag na Doiminicigh i gCnoc Sion sa Charraig Dhubh i dtosach agus ansin in Ardscoil Mhuire, coláiste a bhí ag na Doiminicigh i gCearnóg Muirfean le haghaidh mná a bhí ag staidéar chun céim a fháil ón Ollscoil Ríoga. Ní raibh cead acu freastal ar léachtaí i gColáiste Bhaile Átha Cliath. Bhain sí amach an chéim B.A. sa Nua-Litríocht i 1900. Ba í a bhuaigh an chéad scoláireacht riamh dár thairg an Ollscoil Ríoga sa "Cheiltis", £100 p.a. ar feadh trí mbliana. Ó 1903 ar aghaidh bhí sí ina hOllamh le Gaeilge in Ardscoil Mhuire i nDomhnach Broc.

Bhí sí an-ghníomhach i gcúrsaí na hArd-Chraoibhe ar dtús agus ansin i gCraobh an Chéitinnigh (a bunaíodh i mBealtaine 1901). Bhí sí i gceannas ar rang do pháistí san Ard-Chraobh, ina rúnaí ag coiste comórtas Fheis Laighean, ina rúnaí ar choiste na mban i gCraobh an Chéitinnigh, ag múineadh ranga sa Charraig Dhubh, ina hionadaí ón Ard-Chraobh ag comhdháil mhór an Chonartha ar 31 Bealtaine 1901. Ar 21 Deireadh Fómhair an bhliain chéanna bhí sí ina ball den fhoireann bheag (An Craoibhín, Torna, Máiré Ní Chinnéide, Proinsias Ní Shúilleabháin agus Eibhlín Ní Dhonnabháin) a chuir Casadh an tSúgáin á léiriú ar stáitse an Ghaiety, an ócáid ba mhó riamh i stair na hamharclannaíochta Gaeilge. Páirt Úna a bhí aici. Ag Oireachtas 1902 bhuaigh sí an chéad duais ar aiste i dtaobh an Tiarna Edward FitzGerald. Ba í a bhain an dara duais ag Oireachtas 1908 sa roinn "Seanlitríocht na nGael agus nualitríocht na hEorpa curtha i gcóimheas lena chéile féachaint cé acu is fearr mar cheap agus mar sholaoid nualitríochta do scríbhneoirí na Gaeilge" (i gcló in Irisleabhar na Gaedhilge, Eanáir 1909). Pádraic Ó Conaire a fuair an chéad duais.

Tá an méid seo ag Pádraig Puirséal in The GAA in its time (1982): "In 1903 there was a new development when the lady members of the Keating branch of the Gaelic League, keen to provide some form of outdoor excercise for girls, founded the first camogie club. Máire Ní Chinnéide was the originator of the move".

Ní raibh na Céitinnigh ar aon intinn i dtaobh an Ghaeilge bheith ina hábhar riachtanach do mháithreánach Ollscoil na hÉireann. Shíl Máire teacht timpeall ar an bhfadhb trína mholadh ag cruinniú ar 6 Márta 1909 gurbh fhearr nach mbeadh aon ábhar riachtanach. Buadh ar an rún.

Casadh Seán Mac Gearailt ó Bhaile Deasumhan, Co. Chiarraí, uirthi i gCraobh an Chéitinnigh. Bhí seisean tar éis filleadh ó Londain mar a raibh sé sa státseirbhís ó 1894. Bheadh sé ina Ard-Chuntasóir ag na Coimisinéirí Cánach i ndeireadh a chúrsa sa státseirbhís. Phós siad i 1906 agus rugadh iníon dóibh, Niamh, i 1909. Bhí Máire éirithe as a post in Ardscoil Mhuire faoin am sin.

Scríobh Máire roinnt drámaí nuair ba bheag dá leithéidí a bhí foilsithe: Gleann na Sidheog (1902); An Dúthchas, dráma aonghnímh (1908) - roghnaigh an Comhar Drámaíochta an dráma seo dá gcéad léiriú sa Mhainistir ar 12 Samhain 1923; Sidheoga na mBláth, dráma i gcóir leanaí (1909). Léiríodh dráma ceithre ghníomh dá cuid, Cois Abhann Araglainn, ag Oireachtas 1911 ach níor foilsíodh riamh é.

I 1923 foilsíodh Scéalta ó Ghrimm, aistriúchán a rinne sí, agus i 1936 b'uirthi a thit sé eagar a chur ar Peig agus ar Machtnamh seana-mhná, le Peig Sayers. Dúirt Bryan MacMahon an méid seo, dar le Máirín Nic Eoin (in An litríocht réigiúnach, 1982): "Peig thought that what she had to say was unimportant until Máire Ní Chinnéide and Léan Connellan, visitors who came to the Island to learn Irish, convinced her of the opposite". Agus deir Máirín féin: "Ba ag aithris os ard do Mháire Ní Chinnéide ón gCumann le Béaloideas Éireann a bhí Peig agus í ag insint scéal a beatha. Caithfidh go raibh Máire ag cur ceisteanna áirithe uirthi agus á treorú fad is a bhí sí ag cur síos ar imeachtaí a saoil. Tá leanúnachas ag baint leis an leabhar Peig nach bhfuil le brath an oiread sin ar a leabhar Macht-namh seana-mhná a scríobh a mac Micheál síos uaithi, rud a léireodh tionchar na scríobhaithe ar bhunscéal Pheig".

Scríobh sí freisin An cochall draoidheachta (1938), Cáit Ní Dhuibhir (1938), dráma do chailíní, agus Scéal an tí (1952). Idir 1903 agus 1935 bhí aistí, léirmheasanna, aistriúcháin ón bhFraincis agus drámaí do pháistí i gcló aici in An Claidheamh Soluis, Banba, An Branar, Misneach, The Irish Rosary agus Ar Aghaidh. Mar mhac léinn bhí sí ar an mbeagán ban ar foilsíodh ábhar uathu in St Stephen's, iris Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath.

Sna 1920idí luatha bhí sí an-ghníomhach i gcúrsaí an Chonartha agus an Oireachtais, í ina leasuachtarán ar an gConradh. Ba í a ceapadh thar ceann an Chonartha agus thar ceann Chomhdháil na Múinteoirí Náisiúnta mar chathaoirleach ar an gcoiste speisialta a bunaíodh i 1920 chun clár na Gaeilge sna scoileanna a leagadh amach, an clár ar ghlac an Rialtas Sealadach leis in Eanáir 1922.

Ba dhuine de bhunaitheoirí Chumann na Scríbhneoirí í le linn Oireachtas 1920.

Bhí a hiníon Niamh ina haisteoir aith¬eanta i ndrámaí Gaeilge. Bhí sí pósta ar Sheán Ó Conchubhair (a bhí ina Rúnaí ar an Roinn Oideachais i bhfad ina dhiaidh sin) ach d'éag sí ar 6 Iúil 1939, seachtain i ndiaidh di leanbh mic a thabhairt ar an saol. Chaoin Máirtín Ó Direáin í :

Beo bíogúil bhís,

Aerach croíúil bhís,

Cuideachtach caidreamhach bhís,

Éirimeach ildánach bhís,

I dteach do mhuintire

Ag fleá nó féasta,

Fial flaithiúil bhís. . .

Bhí Máire agus Seán ina gcónaí ar feadh tamaill fhada i nDeilginis. Toghadh Máire ina hUachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i 1954. D' éag sí ar 25 Aibreán 1967. D'éag Seán Mac Gearailt i 1959.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú