Bhí sé ar dhuine de na hardscoláirí Gaeilge agus staire sin ó 1882 i leith ba threise a thacaigh le hathbheochan na Gaeilge agus le cosaint na Gaeltachta. Agus ina measc sin bhain suaithinseacht ar leith leis. Ag tagairt do Aisling ghéar: na Stíobhartaigh agus an t-aos léinn, 1603–1788 (1996), a mhórshaothar, is é a dúirt Alan Titley ag an searmanas sochraide san Eaglais Úinitéireach, Baile Átha Cliath:

Mar ní hea amháin gur saothar é seo a dhein athscríbhneoireacht ar litríocht na Gaeilge, dhein sé athscríbhneoireacht ar stair na hÉireann chomh maith céanna. N’fheadar an bhfuil leabhar ar bith eile sa Ghaeilge ar féidir é sin a rá chomh dearfach ina thaobh.

Ag tagairt don dua a bhain leis an saothar mór sin, is é a dúirt Micheál Mac Craith ag an ócáid chéanna:

Ní mór a chur san áireamh doimhneacht agus críochnúlacht an taighde a ghin an saothar seo. Tugann sé sleachta as 646 dán ar fad i gcaitheamh an leabhair, más cruinn mo chuid uimhríochta, idir Ghaeilge na hÉireann agus Ghaeilge na hAlban. Riar maith de na dánta sin, níor foilsíodh fós iad; is trí mhiontochailt sna lámhscríbhinní a tháinig an Buachallach orthu.

Chuir Joe Lee, ollamh nótáilte staire, an teachtaireacht seo abhaile ó Mheiriceá:

Fathach a bhí ann, agus cailliúint dolíonta fulaingthe ag an saol Fódhlach, ag an Léann Gaeilge. Cuimhnítear go geanúil i Glucksman Ireland House in Ollscoil Nua Eabhrac ar an seal a chaith sé linn anseo, agus díomá orainn an drochscéal a chloisint.

Pearsa phoiblí ba ea an Buachallach, dar le Declan Kiberd (Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010): “Unlike many scholars, he made a point of writing regularly for a wide audience in newspapers and magazines, often taking strong positions in public debates.’ Samplaí fánacha is ea: a pháirt sa troid, in éineacht le staraithe nótáilte sna 1970idí, ar mhaithe leis Cé an Adhmaid agus oidhreacht Lochlannach Bhaile Átha Cliath a chaomhnú; a throid in aghaidh dhúnadh Scoil Dhún Chaoin, Co. Chiarraí, in 1970; agus go deireanach ina shaol, agus é in Ollscoil Notre Dame, Meiriceá, chuir sé a ainm leis an achainí go gcuirfí stop leis an bplean úd chun mótarbhealach a thógáil gar do Chnoc na Scríne agus Teamhair, Co. na Mí.

In Gaelscéal 28 Bealtaine 2010 scríobh an scoláire Bríona Nic Dhiarmada:

Thuig sé a thábhachtaí is a bhí an léann don bpobal is bhí sé réidh i gcónaí a chuid eolais is a chuid léargais a scaipeadh orthu chomh fial flaithiúil is a dhein lena chuid mac léinn féin. Níorbh ansa leis aon rud ach a bheith i láthair ag Scoil Merriman, mar shampla, ag glacadh páirt iomlán sna díospóireachtaí.

Iarmhac léinn aige Cathal Goan, Ardstiúrthóir RTÉ, agus dúirt an tUltach seo ar lá na sochraide:

Níorbh fhada gur mhéadaigh mo thuiscint ar na focla a bhí á rá aige, mo mheas dá réir ar an ealaín, an ghéarchúis agus an saothar a bhain lena dtiomsú agus mo chion ar an duine croíúil ceart a bhí dár spreagadhna mar mhic léinn tríd an mháistreacht iontach teanga sin i dtreo na fiosrachta agus na hurraime don léann a chleacht sé féin ar feadh a shaoil.

In Gaelscéal 28 Bealtaine 2010, agus é ag tagairt do shaothair iomadúla Uí Bhuachalla, tugann Nollaig Ó Muraíle sampla suimiúil dá urraim don Ghaeilge mar theanga scolártha:

An chéad cheann acu is gá a lua, ba pháipéar é dar teideal “Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn: Cing Séamas” (1983). Foilsíodh é sna Proceedings of the Royal Irish Academy – an chéad mhír i nGaeilge dár foilsíodh riamh sa tsraith oirirc sin, a bhí ar bun le breis is céad bliain ag an am.

I gCathair Chorcaí a rugadh é ar 15 Eanáir 1936. Ba iad Joseph agus Bridget Buckley (née de Courcey) a thuismitheoirí; sa chathair a rugadh iad beirt. Ghlac Joseph páirt i gCogadh na Saoirse agus bhí ag obair i siopa crua-earraí Robert J. Scott ar Shráid Mhic Curtáin, Corcaigh; bhí monarcha uirlisí gairdín agus feirme ag an gcomhlacht céanna sin. Ba é Breandán an ceathrú duine den seachtar leanaí acu, ceathrar buachaillí agus triúr cailíní. Tar éis tamaill i Scoil Chlochar na Toirbhearta sa Pharóiste Theas is i Scoil na mBráithre Críostaí ar Ché Uí Shúilleabháin (Scoil Neasáin) a cuireadh idir bhunoideachas agus mheánoideachas air. Ghnóthaigh sé céim BA sa Léann Ceilteach in 1957 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus céim mháistir ann in 1958, chomh maith le scoláireacht taistil go hOllscoil München, sa Ghearmáin, mar a rinne sé staidéar ar an bhfocleolaíocht agus ar an teangeolaíocht faoin scoláire cáiliúil Julius Pokorny.

Ó fhómhar 1958 go 1962 is mar léachtóir sóisearach i gColáiste Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, a bhí a chéad phost seasta aige. Bhí Heinrich Wagner ina ollamh ann ag an am agus ba eisean a chéadmhol do Bhreandán staidéar a dhéanamh ar Ghaeilge Chléire. Ar feadh a shaoil ina dhiaidh sin bhí sé ag gabháil den obair sin agus is beag samhradh nár thug sé cuairt ar an oileán. Níor lig an bás dó an saothar mór sin aige a thabhairt chun críche. Foilsíodh Cnuasach Chléire in eagar ag James McCloskey agus Cathal Goan in 2017.

Maith mar a tharla, ba é an post sin i mBéal Feirste a chuir lena mhórspéis sa chathair sin agus, gan amhras, i gCúige Uladh féin agus sa chaidreamh a bhí ag an gcúige sin le hAlbain i rith na gcianta roimh Phlandáil Uladh agus ina diaidh. Bhain tábhacht ar ball leis an spéis áirithe sin aige agus domhainstaidéar á dhéanamh aige ar an Seacaibíteachas. Ní foláir nó is tuairim an ama chéanna a mhéadaigh ar a spéis i bhfilí Uladh agus foilsíodh Peadar Ó Doirnín: amhráin (1969) agus Cathal Buí: amhráin (1976). Ach ba é an toradh ba mhó ar an tamall sin ó thuaidh an sárleabhar úd I mBéal Feirste cois cuain (1968); oscailt súl ba ea é ag pobal a bhí dall ar an tionchar láidir bhí ag seanchultúr na hÉireann ar intleachtaigh Bhéal Feirste ó na 1780idí amach. A leabhair ar Pheadar Ó Doirnín agus ar Chathal Buí Mac Giolla Gunna, b’fhéidir, a ghin an scata leabhar sin ar fhilí agus scríobhaithe Uladh a d’fhoilsigh An Clóchomhar: Séamas Dall Mac Cuarta, Art Mac Cumhaigh, Pádraig Mac a Liondain, Aodh Mac Domhnaill, agus Nioclás Ó Cearnaigh. Cuireann Liam Mac Con Iomaire síos ar thoradh eile a bhí ar an saothar sin:

Ba mhinic Ó Buachalla faoi agallamh ar Féach [clár nótáilte teilifise] faoi stair Ghluaiseacht na Gaeilge agus Litríocht na Gaeilge agus chuir sé féin agus [Breandán] Ó hEithir aithne mhaith ar a chéile. Thaistil siad le chéile go deisceart Ard Mhacha, go hÚrchill an Chreagáin agus go hÚrchnoc Chéin Mhic Cáinte, ag déanamh cláracha faoi fhilí Oirialla, Peadar Ó Doirnín, Art Mac Cumhaidh agus Cathal Buí. (Mac Con Iomaire 2000:305)

In 1962 d’aistrigh sé go post léachtóra i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, agus shaothraigh dochtúireacht in 1970. In 1968 bhronn an Foras Cultúir Gael-Mheiriceánach Duais Liteartha an Bhuitléaraigh air. Ceapadh é ina uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge in 1969 agus an bhliain chéanna sin bronnadh an American Council of Learned Societies Fellowship air. Ceapadh é ina bhall d’Acadamh Ríoga na hÉireann. I mbeathaisnéis úd Bhreandáin Uí Eithir tá cuntas ar a cheapachán mar bhall de Chomhairle na Gaeilge in 1968:

Cé go raibh roinnt daoine den scoth ar an gComhairle ní shíleann Breandán Ó Buachalla gur éirigh leo mórán a chur i gcrích. Chuireadar blianta amú, dar leis, ar an seanphlé: moltaí, fochoistí, seimineáir agus mar sin de, agus i lár na hoibre go léir dúnadh Scoil Dhún Chaoin gan fiú amháin dul i gcomhairle le Comhairle na Gaeilge. (Mac Con Iomaire 2000:211)

Seo mar a mhínigh sé an scéal:

D’ardaíos an scéal le Comhairle na Gaeilge. Thugas seans dóibh, agus is é an freagra a fuaireas ná féadfaí plé le mionrud mar sin nuair a bhí pleananna móra cuimsitheacha ar siúl ag an gComhairle! Tuigeadh dom gurbh é an rud ba chiallmhaire agus ab onóraí dom féin ná éirí as’ (Mac Con Iomaire 2000:212)

I mí Dheireadh Fómhair 1970 a d’éirigh sé as an gComhairle agus as an gCoiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dtaobh na Gaeilge. Go dtí gur tháinig comhrialtas i gcumhacht in 1973, agus gur tháinig leigheas ar an scéal, bhí sé ar dhuine díobh sin is mó a rinne gach dícheall chun Scoil Dhún Chaoin a choimeád oscailte.

Chaith sé ó 1973 go 1978 ina Ollamh le Nua-Ghaeilge i Scoil an Léinn Cheiltigh (Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath). I gcomhpháirt le Pádraig de Brún agus le Tomás Ó Concheanainn san institiúid sin thiomsaigh sé Nua-Dhuanaire cuid I (1971) agus ba é a chuir Nua-Dhuanaire cuid II (1976) le chéile. Ba mhór a dhíomá nár leanadh den obair thiomsaithe sin i ndiaidh fhoilsiú Nua-Dhuanaire cuid III (Ó Concheanainn 1978). Anuas go 1996 bhí sé ina Ollamh le Nua-Ghaeilge agus Litríocht i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Liostaítear ceapacháin mhórchlúiteacha eile in Breandán Ó Buachalla: a celebration, 30 Meitheamh 2010: ‘He was Burns Scholar at Boston College, Parnell Fellow at Cambridge University, a French Government Fellow at the Sorbonne, a Folger Library Fellow at Washington and a visiting professor at New York University.’

Gan amhras bhí aistí iomadúla aige in irisí léannta agus foilseacháin mar Zeitschrift für celtische Philologie, Lochlann, Ériu, Celtica, UCC Record, Éigse, Studia Hibernica, Léachtaí Cholm Cille, Scríobh, Galvia, Seanchas Ard Mhacha, Ulster Local Studies, The Irish Review, Proceedings of the Royal Irish Academy ach bhí aistí agus léirmheasanna go rialta aige freisin ó 1957 amach in irisí mar Comhar agus Feasta a bhí ag freastal ar phobal leathan na Gaeilge. Leabhair eile leis is ea: Clár lámhscríbhinní Gaeilge sa Leabharlann Phoiblí i mBéal Feirste (1962); Lillibulero: the new Irish song (1988); An caoine agus an chaointeoireacht (1998); History as myth: the return of the hero (1999) (léacht Pharnell 1998–1999); An teanga bheo: Gaeilge Chléire (2003); Dánta Aodhagáin Uí Rathaille: reassessments (2004) a d’fhoilsigh Cumann na Sgríbhinn Gaedhilge; The Crown of Ireland (2006); Aogán Ó Rathaille (2007) a d’fhoilsigh Field Day Publications (na dánta féin atá sna 49 leathanach tosaigh den leabhar ach is iad nótaí agus foclóir Uí Bhuachalla a líonann 82 leathanach ann). Baineann cuid nach beag de An caoine agus an chaointeoireacht (1998) le ‘Caoineadh Airt Uí Laoghaire’. Bhí an dán fada sin de ghlanmheabhair aige féin; aithris an dáin chéanna sin a bhuaigh bonn óir dó ag Feis Mhaitiú uair.

Nuair a shroich sé 70 bliain d’aois foilsíodh Aistí ar an Nua-Ghaeilge in ómós do Bhreandán Ó Buachalla (Doyle agus Ní Laoire 2006). An teangeolaíocht is ábhar do na haistí agus is iarmhic léinn agus iar-chomhghleacaithe leis a scríobh na haistí. Sa réamhrá admhaíonn na heagarthóirí nach bhfuil sa leabhar ach píosa an-bheag d’iomlán na n-ábhar léinn ar chuir Breandán suim iontu. ‘Dá mba féilscríbhinn iomlán, ionadaíoch a bheadh á foilsiú againn, bheadh a thrí oiread de thoirt ann.’ (2006:17)

Tar éis dó éirí as a phost i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, is ea a tugadh cuireadh dó chun a bheith ina Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Institiúid Mhic Eochaidh-Uí Neachtain um an Léann Éireannach, Ollscoil Notre Dame, agus is ann a bhí sé ó mhí Lúnasa go mí na Nollag gach bliain. Ba iad Thomas J. O’Donnell agus a chéile Kathleen a mhaoinigh an chathaoir sin. Ba é an chéad duine riamh sa phost sin é. Suas le 400 mac léinn a roghnaigh Gaeilge mar ábhar ann. Thug Uachtarán na hÉireann, Máire Mhic Ghiolla Íosa, cuairt ar an Institiúid ar 21 Bealtaine 2006 agus dúirt:

One dimension of Irish studies which Séamus Deane pioneered is the importance of the Irish language to an understanding of Ireland and its history. But even Séamus Deane [Ollamh le Léann na hÉireann san ollscoil] could hardly have imagined that the Irish language would become the second most popular foreign language for Notre Dame undergraduates. Here again Notre Dame has combined vision with ambition by creating the first endowed Chair of Irish Language and Literature for over a century in the United States. Notre Dame would not settle for anything less than a great scholar to fill this Chair and they found one of the greatest in Professor Breandán Ó Buachalla. Nár laga Dia do lámh, a Bhreandáin.

D’éag Breandán Ó Buachalla in Ospidéal Naomh Uinsionn, Baile Átha Cliath, ar 20 Bealtaine 2010. Bhí sé pósta ar Aingeal Ní Cháinte le caoga bliain agus rugadh beirt iníonacha agus mac dóibh agus is le Gaeilge a thóg siad iad: Brídóg, Clíona agus Traolach. I measc na n-ardscoláirí agus na gcairde eile a mhol go hard é lá na sochraide féin agus ag an gceiliúradh a rinneadh ar a shaol agus a shaothar ar 22 Meitheamh bhí Séamus Deane; Breandán Feirtéar, Máirín Ní Dhonncadha; Gearóid Ó Tuathaigh; Brian Ó Conchubhair agus Éamonn Ó hÓgáin.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar shuíomh gréasáin Dictionary of Irish Biography anseo.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú

Leabhair