Cibé tábhacht a bhaineann leis mar scríbhneoir próis, pearsa thábhachtach i bpolaitíocht an 17ú haois ba ea an diagaire seo. Tá cuntas ar a bheatha ag Tomás Ó Rathile in Desiderius otherwise called Sgáthán an Chrábhaidh, 1941. Ag Cuthbert Mhág Craith in Dán na mBráthar Mionúr [II], 1980 tá breis eolais chomh maith le liosta de na príomhdhréachtaí ar a bheatha; cuir leo sin cuntas le Pádraig A. Breatnach in Téamaí Taighde Nua-Ghaeilge, 1997 (‘Scríbhneoirí Gaeilge i Lobháin’) mar a bhfuil aguisín i dtaobh scríbhinní Uí Mhaoil Chonaire nach raibh eolas ag an Rathileach orthu. D’fhoilsigh Irish Academic Press Faith and Patronage: the political career of Flaithrí Ó Maolchonaire c.1560-1629, 2010, le Benjamin Hazard.

I gCluain na hOíche in aice le hAil Finn i gContae Ros Comáin a rugadh é; Fitheal ab ainm dá athair agus Onóra a bhí ar a mháthair. Bhí a mhuintir le fada ar na teaghlaigh liteartha aitheanta, iad ina n-ollúna ag Síol Muireadhaigh i gConnachta; ba sheanathair dó an scríobhaí cáiliúil Muirgheas mac Páidín Ó Maoil Chonaire. Tugadh oiliúint san fhilíocht agus sa seanchas do Fhlaithrí i scoil a mhuintire: bhí Fearghal Óg Mac an Bhaird ann lena linn. Chuaigh sé isteach sna Bráithre Mionúr i Salamanca. Cuireadh oiliúint diagaire air ansiúd agus in Ísiltír na Spáinne agus chuaigh na diagairí Suarez agus Bellarmine i gcion air go mór. Ar ordú an Phápa tháinig sé go Cionn tSáile i 1601 le Don Juan de Águila ach d’fhill go luath ar an Spáinn mar anamchara Aodha Rua Uí Dhomhnaill. I mBealtaine 1602 bhí sé ag tacú le gearán Uí Dhomhnaill go raibh reachtaire Choláiste na nÉireannach i Salamanca, an tÍosánach Thomas White, claonta in aghaidh mic léinn Uladh agus Chonnacht agus bhí de thoradh air gur ceapadh Spáinneach ina áit. Nuair a bhí Ó Domhnaill ar leaba a bháis um Meán Fómhair 1602 in Simancas ba é Flaithrí a rinne friotháil air. Bliain ina dhiaidh sin bhí sé ag achainí ar Philib III na Spáinne dul i gcabhair ar Chaitlicigh na hÉireann. Ceapadh é ina phroibhinseal ar na Froinsiasaigh in Éirinn i 1606 ach is fear ionaid a cuireadh i mbun chúraimí an phoist sin. Fuair sé a achainí ó Rí na Spáinne nuair a osclaíodh Coláiste San Antaine, ar do mhic léinn Fhroinsiasacha na hÉireann é, i Lováin i mBealtaine 1607. Ba é príomhbhunaitheoir an choláiste é agus tá cuntas cuimsitheach ar a pháirt sa tionscnamh ag Anraí Mac Giolla Chomhaill in caibidil a 5 de Bráithrín Bocht ó Dhún: Aodh Mac Aingil, 1985. I nDeireadh Fómhair na bliana sin bhí sé in Douai chun fáilte a chur roimh Iarlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill agus chun iad a thionlacan go Lováin agus as sin chun na Róimhe. Is sa Róimh a bhí sé go fóill ar 30 Márta 1609 nuair a ceapadh é ina Ardeaspag ar Thuaim. B’fhéidir gurbh é Aodh Ó Néill (1550–1616) faoi deara gur ceapadh é. Deir Breandán Ó Buachalla in Aisling Ghéar ..., 1996 gur dhiúltaigh sé filleadh ar Éirinn: ‘bhí obair níos tábhachtaí le déanamh aige thar lear, is cosúil’. Deir an Rathileach: ‘He then, with the Pope’s approval, returned to Spain in order to further the interests of the Earl of Tyrone at the Spanish court.’ ‘Fray Florentino’ a thugadh Spáinnigh air. I 1615 scríobh sé ó Valladolid le damnú a dhéanamh ar bhaill Chaitliceacha na parlaiminte i mBaile Átha Cliath a d’aontaigh le bille chun tailte Iarlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill a choigistiú.

Údar ar shaothar Naomh Agaistín ba ea é agus tá péire dá cheithre leabhar Laidine idir 1619 agus 1641 bunaithe ar an saothar sin. Bhí aithne ag Luke Wadding air in Maidrid agus dúirt seisean go raibh saothar iomlán Agaistín léite seacht n-uaire aige, agus a bhfuil aige i dtaobh ghrásta Dé fiche huair. Thagair sé féin mar seo don naomh in Sgáthán an Chrábhaidh: ‘Óir is deimhin nár tháinig d’aithle aimsir na nAspal aon dochtúir san Eaglais is mó dár fhoilsigh Dia mistéirí agus rúndiamhra an chreidimh ná é.’ Deirtear (in The Catholic Encyclopaedia, mar shampla) gur chabhraigh sé le cúis an tSeansanachais lena linn agus go mba chara le Jansenius (d’éag 1638) féin é nuair a bhí an diagaire sin ina stiúrthóir ar chliarscoil i Lováin. Deirtear freisin gurbh as a stuaim féin agus go neamhspleách ar Jansenius a ghlac sé le tuiscintí Agaistín i dtaobh ghrásta Dé.

Is leabhar é Desiderius a tharraing Ó Maoil Chonaire ón leagan Spáinnise (El Desseoso) den bhunsaothar Catalúinise a foilsíodh i 1529. Pléitear foinsí an aistriúcháin in Éigse XXIV, 1990. I 1616 i Lováin, sa chló gaelach, a foilsíodh saothar seo Uí Mhaolchonaire a chéaduair faoin teideal EMANUEL Leabhar ina bhfuil modh iarrata agus fhaghala fhoirbhtheachda na beathadh riaghaltha ar attugadh drong airighthe Sgáthan an Chrábhaidh drong oile Desiderius .... Cuireann Ó Buachalla béim ar a mhéid a bhí Desiderius Uí Mhaoil Chonaire dírithe ar Chaitlicigh na hÉireann agus tarraingíonn aird go háirithe ar an abairt úd aige, ‘gurb iad an pobal a thug do na ríthe nó dá shinsir a bhfuil de chumhachtaí acu anois’, smaoineamh réabhlóideach ag an am. Deir Brian Ó Cuív in A new history of Ireland Vol.III: early modern Ireland (1534–1691), 1976 gurb é an foilseachán Froinsiasach is mó é de chinn na tréimhse 1611–21 a gcuirfidh an staraí spéis ann. ‘Among the topics discussed are the banishment of the catholic clergy, attempts to persuade catholics to abandon their clergy, the legitimacy of catholic laymen sitting in judgement on clerics, the supposed authority of the protestant bishops, the authority of temporal powers, the oath of supremacy, and recusancy fines. It is noteworthy that Ó Maoil Chonaire puts forward the view that civil government derives its authority from the governed.’

Deir an diagaire sa réamhrá gur scríobh sé an leabhar ‘go sonnrach chun leasa na ndaoine simplí, nach bhfuil géarchúiseach i nduibheagán na Gaeilge’. Ba dhóigh leis an Rathileach nach bhfuil an stíl chomh craptha le prós an Chéitinnigh. Níor aontaigh R.A. Breatnach leis an mbarúil sin sa léirmheas in Éigse IV, Cuid a I, 1943: ‘The effect of the entire work, then, is that of a long-winded, ponderous, learned sermon’. B’fhéidir go raibh mórán den locht ar an leabhar bunaidh. ‘It must be charged against him, however, that he introduced a large amount of theological reasoning which should hardly find a place in a book addressed to “simple people” ...’. ‘Turas liosta leadránach leamh chun Dé’ a thugann Ó Buachalla ar bhuntéama an leabhair. Leimhe an rud is mó a thugann R.A. Breatnach freisin faoi deara ar an stíl agus deir: ‘For students of Irish, however, the value of Desiderius as an example of a particular style will yield place to its importance as a repository of vocabulary, idiom and grammar.’

D’aistrigh sé caiticeasma ón Spáinnis i 1593 ach níor cuireadh cló air gur fhoilsigh Brian Ó Cuív é in Celtica I, 1950 (‘Flaithrí Ó Maolchonaire’s Catechism of Christian Doctrine’). Ba é an caiticeasma sin an saothar ba thúisce dár scríobhadh i Lováin agus is ionadh le Pádraig A. Breatnach nár foilsíodh ag an am é. Is go lom a thagraíonn Mhág Craith dó: ‘Sa bhliain 1593 scríobh sé teagasc críostaidhe i nGaeilge na ndaoine.’ San imleabhar céanna sin tá eagar curtha ag Ó Cuív ar thráchtas arbh fhéidir gur de dhéantús Fhlaithrí é (‘A Modern Irish devotional tract’).

Fuair sé oiliúint san fhilíocht ach is beag dá dhéantús atá againn. Ar feadh i bhfad bhí an tuairim ann nach raibh ach an t-aon cheathrú amháin le cur ina leith, an ceann cáiliúil a bhaineann le hIomarbhá na bhFilí: ‘Lughaidh, Tadhg agus Torna / filí eólcha bhur dtalaimh, / coin iad go n-iomad bhfeasa / ag gleic fan easair fhalamh’. Deir Mhág Craith nach bhfuil de bhunús leis an tuairim gurbh é a scríobh ach focal Aindriais Mhic Chruitín. Ach le tamall anuas táthar ag tuairimiú gurbh é Flaithrí a scríobh ‘Is follas, a mheic Dáire’, dán faoin Iomarbhá a leagtar de ghnáth ar Roibeard Mac Artúir. Dhírigh Ó Rathile aird ar thagairt i 1638 ag Tuileagna Ó Maolchonaire do chroinic a scríobh sé ach nach bhfuil teacht air anois. Thuairimigh sé gur rud ar nós Réim Ríoghraidhea bhí ann. Agus féach go bhfuil liostaithe ag Pádraig A. Breatnach ‘Réim ríoghraidhe Shíl Éireamhóin ria gCreideamh etc.’; sa liosta céanna tá “Gluais mhínighthe ar an Duain Naoimhsheanchas naomh Inse Fáil” agus litreacha Laidine, Spáinnise agus Béarla a scríobh sé 1607–1629. Déanann Breatnach an suimiú áirithe seo ar a scríbhinní: lasmuigh den cheathrú sin faoi Iomarbhá na bhFilí nár ‘tháinig aon saothar bunaidh eile slán uaidh i nGaeilge a chaithfeadh solas ar Fhlaithrí Ó Maolchonaire mar fhear príobháideach’.

Ó 1616 bhí sé ag cur faoi in Ísiltír na Spáinne. Tá cur síos ag Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille II, 1971 (‘Republicanism and Separatism in the Seventeenth Century’) ar scéim a bhí á forbairt ansiúd agus sa Spáinn chun go ndéanfadh Iarlaí Thír Eoghain agus Thír Chonaill ionradh ar Éirinn: ‘From 1625 on, however, the idea was pressed unceasingly on the Spanish authorities by two groups of Irishmen in the Low Countries, a group of ecclesiastics of whom the most notable was Archbishop Florence Conry of Tuam and a group of Irish officers in the Spanish forces of whom the best known was Major Eugenio O’Neill – Owen Roe.’ Is dóigh le Ó Fiaich gur chun an scéim a chur chun cinn i gcúirt na Spáinne a d’aistrigh an tArdeaspag go Maidrid tuairim Eanáir 1627. Is i gcomhthéacs an dáin ‘A leabhráin ainmnighthear d’Aodh’ le Eoghan Rua Mac an Bhaird a scríobhann Ó Buachalla ar an scéim sin in Aisling Ghéar. Fuair Flaithrí bás i gCoinbhint na mBráthar Mionúr sa chathair sin 18 Samhain 1629. Aistríodh a thaisí go Lováin i 1654.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú