Tá cuntas ar an bhfile seo agus an dán a deirtear a chum sí, ‘A Mhacaoimh dhealbhas an dán’, in Field Day Anthology of Irish Writing IV, 2002 sa chaibidil (‘Courts and Coteries II’) in eagar ag Máirín Ní Dhonnchadha. Ba iníon í le hÉinrí an 12ú Iarla Chill Dara agus leis an mBantiarna Frances Howard, arbh é Iarla Nottingham a hathair. Nuair a d’éag a hathair i 1597 chuaigh sí chun cónaithe i dteach a seanmháthar, Mabel Mhic Gearailt, i Maigh Nuad. Tamall i ndiaidh 1603 pósadh Brighid ar Ruairí Ó Domhnaill, Iarla Thír Chonaill, agus rugadh mac, Aodh, dóibh i 1606. I bhfómhar 1607 bhí sí ar ais i Maigh Nuad, í gar dá haimsir, nuair a sheol Ruairí as Éirinn 14 Meán Fómhair in éineacht le hAodh Ó Néill. Síltear gurbh é a bhí i gceist go leanfadh Brighid é a luaithe a bheadh a cúram curtha di aici. D’fhéach na húdaráis chuige nárbh fhéidir sin agus chuaigh sí go Sasana, mar ar rugadh iníon di. D’éag Ruairí sa Róimh 12 Lúnasa 1608 agus cuireadh an iníon, Mary Stuart Ní Dhomhnaill, faoi choimirce an Rí. D’fhill Brighid ar Éirinn i 1609 agus phós Sir Nicholas Barnewall agus rugadh naonúr clainne dóibh. Is é an cheathrú dheiridh sa dán aici: ‘Mo shloinneadh ní chluinfe cách / uaimse go dtile an lá inné; / atá mh’ainm, cibé lerb áil, / ar mhnaoi de mhnáibh fhlaithis Dé.’ Deir Tomás Ó Fiaich in Léachtaí Cholm Cille II, 1971 (‘Republicanism and Separatism’) gurb é atá sa dán freagra ar dhán a scríobh Cúchonnacht Ó Cléirigh, ‘Neimhthinn an galar é an grádh’, atá in eagar ag T.F. Ó Rathile in Dánta Grádha..., 1926.

Is é an chaoi a dtagann Brighid agus a hiníon isteach sa scéal a insíonn Ó Fiaich gur chuid de phlean Fhlaithrí Uí Mhaoil Chonaire chun Éire a ionradh go bpósfaí Mary Stuart ar Iarla Thír Eoghain; chabhródh an cleamhnas chun cairdeas a shnaidhmeadh idir cheannairí míleata na sluaíochta, Ó Domhnaill agus Ó Néill. Níor gan stró a d’éirigh leis an bhean óg an turas ó Shasana a dhéanamh faoi bhréagriocht. Deir Ó Fiaich: ‘But Mary Stuart O’Donnell had no ambition to play the role of a Countess Markievicz in the first Irish Republic, and she was not going to be swept off her feet by an O’Neill any more than by an English nobleman.’ Deir sé freisin go raibh aird na hEorpa uirthi i ngeall ar eachtrúlacht an turais a rinne sí agus gur foilsíodh a beathaisnéis sa Spáinnis agus sa Fhraincis. Tá iontráil fúithi in Dictionary of National Biography.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú