Bhí gaol gairid ag an Nua-Ghall seo le Gaeil agus le Sean-Ghaill araon. Bhí sé éagsúlach freisin sa mhéid go mbailíodh sé lámhscríbhinní Gaeilge agus go n-aistríodh sé dánta Gaeilge go Béarla. Áirítear cónaí a bheith ar Brownlow sa dúiche ar cheann de na fáthanna ar mhó an saothrú a rinneadh ar an nGaeilge in Oirialla ná in aon bhall eile de Chúige Uladh san 18ú haois. Tá cuntais air: ag Breandán Ó Buachalla in Ulster Local Studies vii, 2, 1982 (‘Arthur Brownlow: a gentleman more curious than ordinary’); agus ag Bernadette Cunningham agus Raymond Gillespie in Éigse XXI, 1986 (‘An Ulster Settler and his Irish manuscripts’). In The Irish Book Lover, Márta-Aibreán 1936 déanann Éamonn Ó Tuathail cur síos ar a lámhscríbhinní ('Arthur Brownlow and his MSS'). San iris chéanna, Iúil-Lúnasa 1936, insíonn Séamus Ó Casaide stair mhuintir Brownlow. Is léiriú suaithinseach ar a dtábhacht go bhfuil a gcuid páipéar ag líonadh 520 imleabhar agus tuairim 9,300 cáipéis in Oifig na dTaifead Poiblí, Tuaisceart na hÉireann.

Ó Epworth in Lincoln Shasana, tuairim 1610, a tháinig sin-seanathair Arthur, John Brownlow, agus a mhacsan William go hArd Mhacha mar phlandálaithe. Fuair siad 2,500 acra de scoth na talún ann. William a bhunaigh an Lorgain mar bhaile. Bronnadh ridireacht air in 1622. Bhí sé pósta ar Eilinóir, iníon le Seán Ó Dochartaigh as Doire. Tá seans go raibh Gaeilge ag an William seo. Triúr iníonacha a bhí aige agus phós an duine ba shine, Lettice, ceithre huaire. Duine de na Sean-Ghaill ab ea a céad fhear, Patrick Chamberlain ó Nizelrath (Ráth Nístin), Baile Átha Fhirdhia i gContae Lú. Bhí mac amháin acu, Arthur Chamberlain [Brownlow]. Rugadh é ar 20 Márta 1645 agus tógadh i Ráth Nístin é. Gaeilge is mó a bhí sa cheantar ag an am agus is cosúil go raibh sí ag a mháthair agus ag a sheanmháthair freisin. D’fhág William Brownlow (d’éag 1660) a eastát mór (Brownlowsderry) le huacht ag a iníon Lettice ar feadh a saoil agus ina diaidh sin ag Arthur. Bhain de choinníoll leis an uacht go nglacfadh sé leis an sloinne Brownlow. Is mar ‘Arthur Brownlow alias Chamberlain’ a scríobhadh sé a ainm. I dteannta eastát Brownlow bhí 923 acra i gContae Lú óna athair aige. Cuir leis an méid sin go léir an talamh a cheannaigh sé i bhFearnaigh i Muineachán. Phós sé Jane, iníon Sir Standish Hartstonge, an Brú, Luimneach, in 1679, agus bhí cúigear mac agus triúr iníonacha acu.

Cuireadh oideachas air i gColáiste na Tríonóide. Ní raibh bá ag sean-William leis na Gaeil; chreach siad a eastát in Éirí Amach 1641. Thaobhaigh sé le Marcas Urmhumhan sa chogadh a lean sin. Nuair a bhí baol ann in 1673 agus arís in 1678 go dtarlódh éirí amach bhí Arthur ar dhuine den bheirt i gContae Ard Mhacha a raibh de dhualgas orthu airm a bhaint de Chaitlicigh. Nuair a tháinig Séamus II go hÉirinn in 1689, agus nuair a bhí roinnt de na plandálaithe ag fágáil na hÉireann, níor ghá d’Arthur Brownlow bogadh. Deir Ó Tuathail: ‘Indeed he was willing to throw in his lot with the Jacobites, as he believed King James would establish himself permanently upon the throne of Ireland.’ I bhfianaise air sin tá litir a scríobh sé 12 Aibreán 1689 chuig William Waring a bhí tar éis teitheadh go hOileán Mhanainn (i gcló in An Ulster Parish: being a history of Donaghcloney, 1898 le Edward Dupré Atkinson). Bhí sé ina bhall parlaiminte ó 1692 go lá a bháis agus ba lena linn sin a achtaíodh na Péindlíthe. Ba leis an Lorgain, ‘the greatest mart of linen manufacturers in the North’ (Thomas Molyneaux, Journey to the North, 1708), agus an ceantar mórthimpeall agus ní raibh cead ag Caitlicigh léasanna a fháil ach ar dhrochthalamh amháin. Coinníodh amach as an Lorgain ar fad iad. Ó 1690 amach, níor luaithe léas an tionónta Chaitlicigh caite ná a thugadh sé Sasanach isteach ina áit. Bhíodh sé ag feabhsú an eastáit agus chaitheadh tionóntaí úlloird agus crainn a chur.

Bhí spéis aige i ngeolaíocht an cheantair agus nuair a tháinig Edward Lhuyd ar cuairt chuige in 1699 thug sé eolas ina taobh dó. Bhí bailiúchán de lámhscríbhinní aige, agus d’fhoilsigh Lhuyd clár den dáréag díobh in Archaeologia Britannica. Lámhscríbhinní a bhain le stair na tire, Foras feasa ar Éirinn ina measc, agus le stair an cheantair cuid díobh. Bhí cóip aige den ‘Leabhar Eoghanach’ ina bhfuil eolas faoi ghinealach mhuintir Néill ar leo a thailte uair; sa lámhscríbhinn chéanna tá dánta, a bailíodh do Chormac Ó Néill tuairim 1680, ag moladh Uí Néill Chlann Aodha Bhuí; scríofa air tá ‘Ag so leabhar Artuir Brounló nó Mc Ar[tuir] an cheud la de mhí na Lughnasa 1689’. Deirtear murach é nach mbeadh Leabhar Cloinne Aodha Buidhe againn.

Rinne an scríobhaí Pádraig Mac Óghanain cóip de Cath Muighe Léana dó agus scríobh air: ‘Arna sgriobhadh do laimh Phatraic Mhic Oghannan do thríath ro-dhearsgnaithe .i. Airtiuir mac Artiuir alias Brownlowe.’ ‘The accounts of battles fought by the Fianna, set in a time when Eamain Macha, near Armagh, was the focus of power for the whole island also depicted Brownlow’s home area in a favourable light. It would appear that Brownlow was indeed proud of the past associated with the lands he had inherited’ (Cunningham agus Gillespie). Theastaigh uaidh eolas a chur ar stair an cheantair. ‘He used Irish language sources to that end since there was almost nothing available in English which would cast light on the history of the part of Ulster in which he found himself.’

Bhí Leabhar Ard Mhacha aige, is é sin an Liber ArmachanusCanóin Phádraig, leabhar den naoú haois, a cheannaigh sé tar éis do Fhlann Mac Maoir, coimeádaí dúchasach deireanach an leabhair, ‘maor na canóine’, é a chur i ngeall ar £5, an tsuim a bhí uaidh chun fianaise a thabhairt i Londain in 1681 in aghaidh Oilibhéir Pluincéad. D’fhan sé i seilbh mhuintir Brownlow go dtí 1853 nuair a cheannaigh William Reeves é; tá sé anois i gColáiste na Trionóide. Deir Cunningham agus Gillespie: ‘It is to Brownlow’s interest in the history and culture of his local area that we owe the survival of some of the earliest extant documents relating to the life of St Patrick, compiled in the ninth century and now known as the Book of Armagh.'

Bhí a dhóthain Gaeilge ag Arthur chun an tuireamh ar Eoghan Ruadh Ó Néill, ‘Do chaill Éire a céile fírcheart’ leis an Athair Cathal Mac Ruairi, a aistriú go Béarla in 1700. Tá sé i gcló ag Ó Buachalla . Ní mhaireann aistriúcháin eile a rinne sé. Deir Michael Cronin faoi (Translating Ireland: translation, languages, cultures, 1996): ‘Thus, translation offered the possibility of an encounter with the other religion, language and culture that would have been unthinkable in other contexts.’

Sa chomthéacs seo a chuireann Ó Buachalla Brownlow: ‘Towards the end of the seventeenth century the centre of gravity of Irish literary activity moved from West to East Ulster to the area lying between Lough Neagh and the Boyne. This shift has not, so far, been satisfactorily explained. Most probably there were several factors involved; but would not the presence in the area of a man of Brownlow’s wealth and interests – his lands, remember, extended into Louth and Monaghan – would he not be the type of person who would attract into the areas scribes, poets and men of learning in search of patronage ? He would at least have contributed in no small way to the process.’ Luaitear an file Peadar Ó Doirnín uaireanta sa chomhthéacs seo agus deirtear go raibh baint aige le Brownlow ach is dóigh go raibh sé i bhfad ró-óg chun go mbeadh aithne acu ar a chéile.

D’éag sé i mí an Mhárta 1711 (agus ní in 1710 mar a deirtear go minic). Bhí beirt iníonacha agus triúr mac aige. Bhí sé ina bhall parlaiminte thar ceann Ard Mhacha in 1692–99 agus arís 1703–12 (Burke’s Peerage and Baronetage). Is uaidh a shíolraigh an Tiarna Lorgan úd ar leis an cú iomráiteach Master McGrath.

Tuairimíonn Ó Casaide go raibh gaol idir é agus Roibeard Mac Artúir. Agus shíl an t-údar sin: ‘It is possible that there are Irish MSS still preserved at Brownlow House near Lurgan, or in some other residence of the Brownlow family.’ D’fhreagair J.S. Crone é láithreach in Irish Book Lover, Samhain-Nollaig 1936: ‘It is very unlikely that there are now any MSS. at Lurgan House, for it was converted into an Orange Hall when the estate was sold some years ago.’

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú