Is beag eolas cinnte atá le fáil ar shaol an fhile iomráitigh seo. Cuireadh amach péire leabhar i 1969: Peadar Ó Doirnín: amhráin, in eagar ag Breandán Ó Buachalla (An Clóchomhar a d’fhoilsigh do Choiste Chomórtha Pheadair Uí Dhoirnín): Peadar Ó Doirnín: a bheatha agus a shaothar, in eagar ag Seán de Rís (Oifig an tSoláthair). Rinne Alan Titley clár raidió i dtaobh a shaothair agus Seosamh Watson agus Lillis Ó Laoire ina n-aíonna ann agus cuireadh leagan próis i gcló in Scríbhneoirí faoi Chaibidil, 2010 in eagar ag Titley. Deir Ó Buachalla ina chnuasach: ‘Fuair Ó Doirnín bás [3 Aibreán] dhá chéad bliain ó shin is tá comóradh á dhéanamh i mbliana air. Tuigeadh don choiste atá ina bhun gurbh é an comóradh ab fhearr a d’fhéadfaí a dhéanamh ar an bhfile ná a chuid filíochta a chur ar fáil agus dheineadar iarracht féachaint chuige go mbeadh an t-eagrán iomlán de fhilíocht Uí Dhoirnín atá á ullmhú le tamall de bhlianta anuas amuigh in am. Nuair ba léir don choiste nach mbeadh sin ar fáil don chomóradh iarradh ormsa mioncagrán dá chuid filíochta a chur le chéite.’ In Comhar, Márta 1969 scríobhann ‘Seamas Dall Mac Chubhthaigh’ (‘Ní hionann a dhul chuig an Ghúm...’) i dtaobh na moille a cuireadh ar eagrán de Rís, go raibh sé ag an nGúm faoi 1962 agus é i gceist acu é a fhoilsiú um Cháisc na bliana sin; go luath ina dhiaidh gur theastaigh uathu dánta a bhí ‘ró-gháirsiúil’ a fhágáil ar lár agus gur ghlac an Ríseach an leabhar ar ais uathu. I 1967 bhíothas ag cuimhneamh ar 200 bliain an Doirnínigh a chomóradh agus, tharla gaoth úr ag séideadh tríd an nGúm, bhí siad anois sásta an leabhar a fhoilsiú faoi Nollaig 1968 agus nach mbeadh aon lua ar chinsireacht. I mí Eanáir 1969, ‘dúradh go raibh trí amhrán á bhfágáil amach is nach mbeadh an leabhar ar fáil go mí an Mheithimh’.

In Studia Hibernica 5. 1965 (‘Peadar Ó Doirnín agus Lucht Scríte a Bheatha’) déanann Ó Buachalla an tranglam cuntas a scríobhadh ar an bhfile sa 19ú haois a chíoradh. Taispeánann sé nach bhfuil go bunúsach ach dhá leagan den bheatha: an t-eolas a thug Art Mac Bionaid do Sheán Ó Dálaigh agus cuntais a síleadh a scríobh Mathew Moore Graham ach arbh é Nioclás Ó Cearnaigh an t-údar dáiríre. Tá sé deacair iontaoibh a thabhairt le rud ar bith dár scríobh Ó Cearnaigh ach b’fhéidir bunús fírinneach éigin a bheith le cuid de na nithe ina chuntais-sean agus i gcuntas Mhic Bionaid: b’fhéidir gur sa bhéaloideas a fuair siad iad. Seachas go raibh sé tugtha don ól agus do mhealladh ban, gur chaith sé formhór a shaoil i agus in Ard Mhacha, dáta a bháis, gur cuireadh é in Urnaí in aice le Dún Dealgan, agus cibé eolas eile atá sna dánta a bhfuiltear cinnte gurbh é a chum, níl a fhios go cinnte i dtaobh aon rud eile ina shaol. ‘Níl sna tuairiscí agus sna heachtraí eile ar fad a gceanglaítear a ainm leo ach béaloideas agus cumadóireacht, scéil scéal agus fínscéil filíochta’ (Ó Buachalla, 1969).

Maidir lena áit bhreithe, ghlac Ó Dálaigh le focal Mhic Bionaid gurbh i gCaiseal a rugadh é agus is é cuntas Uí Dhálaigh atá in Dictionary of National Biography. As an líne filíochta ‘Bhí fárus mo chairde ag Caiseal na Rí’ a bhain Mac Bionaid an tuairim sin, ní foláir. Dúirt Ó Cearnaigh gurbh i Ráth Sciathach in aice le Dún Dealgan a saolaíodh é ach theastaigh go dóite uaidh, agus ‘The Bardic Remains of Co. Louth’ á chur le chéile aige ag an am, a éileamh gurbh fhear den chontae sin é. Níl aon chinnteacht ach chomh beag i dtaobh a dháta breithe... 1682 (Mac Bionaid), 1684 (Mac Bionaid), 1704 (Ó Cearnaigh). Is dóigh gurb iad dátaí Mhic Bionaid is gaire don fhírinne; bhí aithne mhaith ag a athair ar Pheadar. Deirtear go raibh Peadar ag obair do Arthur Brownlow (1645–1710), an ball parlaiminte ar leis Leabhar Ard Mhacha: bhí spéis aige i litríocht agus i dteanga na Gaeilge. Sa chás sin bheadh 1704 ródheireanach mar dháta breithe. Ach meastar gurbh fhéidir gurbh fhear eile de mhuintir Bhrownlow a bhí i gceist: bhí William Brownlow ina fheisire ar feadh beagnach caoga bliain i ndiaidh Arthur.

Deirtear gur scríobh Ó Doirnín aoir, ‘Eiriceach na gCeann’, ar Sheón Johnston an Fheadha agus gur dá thoradh a crochadh an file Séamus Mac Murchaidh. Chuir Lorcán Ó Muireadhaigh leis na hearráidí faoi Pheadar i gcuntas ar an eachtra in A History of the parish of Creggan in the seventeenth and eighteenth centuries, 1940; rinne sé ropaire de Pheadar ann! Agus chuir Ó Cearnaigh agus Graham go mór leis an mearbhall timpeall ar Pheadar nuair a leag siad 46 dán air. Iad féin a chum a bhformhór. D’aimsigh de Rís 33 dán a raibh sé sásta gurbh é Ó Doirnín a chum. Chuir Brian Ó Cuív dhá chnuasach 1969 i gcóimheas le chéile ó thaobh líon na ndán de. Mioneagrán ba ea leabhar Uí Bhuachalla agus roghnaigh sé fiche dán, ‘an chuid ba thréithiúla de shaothar Uí Dhoirnín’, as an tríocha dán a raibh seisean sásta gur de dhéantús an fhile iad. Deir Ó Cuiv: ‘Tá sé dhán déag comhchoiteann dóibh, dhá cheann déag atá ag de Rís ná fuil ag Ó Buachalla agus cheithre cinn atá ag Ó Buachalla ná fuil ag de Rís. Is iad na cinn ná fuil ag de Rís: “Cáit Bhéilbhinn”, “Máire Ní Cheallaigh”, “Mná na hÉireann” agus “Páiste na Subh”. In ainneoin a ndeir de Rís i dtaobh na graostachta ‘ ... do dhealródh go raibh bia ró-stóinsithe dhó insna dánta úd.’ Níor rith sé le Ó Cuív gurbh fhéidir gurbh é an Gúm a d’fhág péire díobh ar lár.

Is é ‘Urchnoc Chéin Mhic Cáinte’, amhrán grá, an dán is aitheanta dá chuid. Deirtear go minic gurb é an dán is caoine agus is binne sa Ghaeilge é. Roghnaíodh é in The Field day Anthology of Irish writing, 1991. Tá i gcló ansiúd an véarsa deiridh mar a ndiúltaíonn an bhean do thairiscint Pheadair ar an ábhar nach bhfaigheadh sí uaidh ‘gléas in am suain le ndéantar páiste’. Rinne an Gúm cinsireacht ar an véarsa sin i leabhar an Rísigh. Tá sé i gcló ag Ó Buachalla agus fiafraíonn sé ar sheascannach é an file nó ar chuid eile den choincheap fileata é sin; dealraíonn sé dó gurb í cuid na cainte amháin den scéal a bhí ag Ó Doirnín. ‘Tá a fhios ag an saol gurb iad na muca ciúine a itheann an mhin is tá guth Uí Dhoirnín róghlórach, rómhaíteach i dtaobh a chumais grá chun go gcreidfi é.’ Ach is é a bhreithiúnas ar an bhfile: ‘Liriceoir é, liriceoir tofa agus is le hEoghan Rua Ó Súilleabháin is mó a chuirfeá i gcomparáid é. An “gliogar” úd a fhaightear de locht ar liricí Eoghain Rua níl aon phioc de, ámh, i liricí Uí Dhoirnín; ni théann an ceol choíche ó smacht air is bíonn idir chiall agus cheol sna lirici i gcónai aíge. Fágann san, dar liom, gurb é is fearr den dís.’

Chum Art Mac Cumhaigh marbhna air agus chuir dáta a adhlactha ann: ‘Míle, seacht gcéad, seasead is ocht mbliana anuas, / trí mhí ina dhiaidh sin, aois Mhic Mhuire san uaigh, / ar an cúigú lá séimh de laethaibh an Aibreáin gan chluain / chuaigh Ó Doirnín i gcré, fear déanta laoi agus duan.’ Glactar leis gurb é 3 Aibreán 1769 dáta a bháis. Scríobhaí ba ea Ó Doirnín freisin. D’fhág sé a chuid lámhscribhinní le huacht ag athair Airt Mhic Bionaid.

Tá tuilleadh eolais faoin mbeatha seo ar fáil ar http://dib.cambridge.org/ »

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú