I Lios Tuathail, Co. Chiarraí, a rugadh í ar 17 Nollaig 1894. Ba í deirfiúr Thomáis Uí Rathile í agus an 11ú duine den 13 clainne a mhair. I gClochar na Toirbhirte, Lios Tuathail, a cuireadh bunoideachas uirthi. Faoi 1906 bhí a máthair ina baintreach le seacht mbliana agus bhí an teaghlach aistrithe go Baile Átha Cliath. Ag 66 Bóthar Gharraithe na Lus, Glas Naíon, a bhí cónaí orthu. D’éag an mháthair 18 Iúil 1928. I ndiaidh scolaíochta i Scoil Chlochar na nDoiminiceach i Sráid Eccles, Baile Átha Cliath, ghnóthaigh sí BA, céim le céad onóracha, sa Léann Ceilteach agus sa Fhraincis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath. I gcomhartha na hócáide scríobh Bergin dán molta di. Fuair sí scoláireacht taistil i 1916 agus rinne sí staidéar i mBeannchor na Breataine Bige faoi stiúradh John Morris-Jones agus Ifor Williams. Dar le Williams gurbh í an scoláire ab fhearr dá raibh riamh aige í. Bronnadh M.A. uirthi i 1919. Fuair sí post sa Scoil Ghramadaí i mBeaumaris ag múineadh na Fraincise. I 1925 chuir sí isteach ar phost i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe ach ní bhfuair é. I 1928 d’aistrigh sí go Cardiff agus bhí ag múineadh in Ard-Scoil na gCailíní ansin go 1946. Bhí sí chomh mór i gcumas na Breatnaise agus bhí sí i gcumas na Gaeilge. I 1920 bhuaigh sí duais ag an Eisteddfod le haiste i dtaobh an chaidrimh a bhí ag Éirinn leis an mBreatain Bheag idir 1055 agus 1200 A.D. As sin a d’fhás an leabhar Ireland and Wales: their historical and literary relations a foilsíodh i 1924. Foilsíodh The Pursuit of Gruaidh Grian-sholas an bhliain chéanna. Bhí sí ag múineadh i gCardiff 1928-46. Rud ar bith, aiste ná leabhar, níor fhoilsigh sí idir 1925 agus 1949.

D’fhill sí ar Éirinn i 1946 agus ceapadh mar Ollamh Cúnta í i Scoil an Léinn Cheiltigh i mBaile Átha Cliath agus bhí sí ina hOllamh ann faoi 1956. Tar éis di dul ar pinsean i 1964 ceapadh í ina hOibrí Seachtrach Taighde sa Scoil, ach deir Ó Catháin gur mhó d’Oibrí Inmheánach Taighde a bhí inti, mar gur chinn an Scoil ar sheomra oibre a chur ar fáil di sa Scoil féin. Tá measúnú déanta ag Ó Catháin ar a saothar acadúil sa tréimhse 1946-81 agus ar a rannpháirtíocht in obair Fhoclóir na Gaeilge Clasaicí agus tá liosta cuimsitheach déanta aige dá leabhair, dá haistí agus léirmheasanna agus d’fhoinsí eolais uirthi. Tugann sé freisin eolas ar a thaitneamhaí a bhí a pearsantacht. Ghnóthaigh sí DLittCelt in Eanáir 1957 (bhronn Ollscoil na hÉireann D.Litt. uirthi 1977). Faoi threoir a dearthár Tomás chuir sí eagar ar Five seventeenth century political poems (1946), Eachtra Uilliam (1949) agus Trompa na bhFlaitheas (1955). Ansin chomh luath is a bhí an deartháir mór marbh dhírigh sí ar a rogha féin ábhair – an Táin. Foilsíodh The Stowe version of Táin Bó Cuailgne (1961), Cath Finntrágha (1962), Táin Bó Cuailgne from the Book of Leinster (1967), Táin Bó Cuailgne Recension I (1976). Bhí staidéar anailíseach den Táin ionann is críochnaithe aici nuair a d’éag sí ar 2 Bealtaine 1980.

Lean an gaol a bhí aici leis an mBreatain Bheag ar feadh a saoil. D’fhan a buanchara Breatnach Myfanwy Williams in aontíos léi ag tabhairt síoraire di: bhí sí bacach agus bhí sí riamh leochaileach ina sláinte; i ndeireadh a saoil bhí radharc na súl ag teip uirthi. Ag 17 Bóthar Raglan a bhí cónaí uirthi féin agus Williams ar fhág sí a maoin phearsanta ar fad aici. Bhí ardcháil uirthi sa Bhreatain Bheag mar mhúinteoir. In Éirinn mholtaí í go hard ar a shéimhe agus a fhoighní a chaitheadh sí le scoláirí óga agus mar dhuine oirirc grástúil i gcontrárthacht le Tomás. Cé gur chaith sí tamall fada faoina scáilsean d’éirigh léi ar deireadh a ceart féin de chlú a fháil in am agus i dtráth. Tá sí curtha i nGlas Naíon.

Diarmuid Breathnach

Máire Ní Mhurchú